Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fánaíocht
Ainm Bhriathar, Ainmfhocal
ag imeacht ar bheagán maitheasa; ag imeacht ag fálróid gan faice oibre; ag streilleachas nó ar fuaidreamh.
+
Tá sé ag fánaíocht síos annsin le seachtain, gan punta a dhéanamh = ag imeacht gan aon-bhuille maitheasa; ní mar a chéile é agus fánóireacht nó fánadóireacht amach agus amach; fálróid, siúl, fuaidreamh is mó atá i gceist le fánóireacht nó fánadóireacht, ach díomhaontas agus beagán oibre nó seachaint na hoibre le fánaíocht
Caithfidh sé an chuid eile den bhliain anois ar an bhfánaíocht sin (trifling with work). Ní fhaca mé aonduine ariamh is mó drugall leis an obair ná é
TUILLEADH (1) ▼
Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionad

Fánaíocht in iontrálacha eile (1)

 
fleasc
Cén sórt fleasc atá ort: ag imeacht ag fánaíocht mar sin. Dar fiadh muise, beidh luach do chuid fánaíochta agad ar ball, nuair nach mbeidh fód móna ag gabhail leat, le díol ná le dóghadh