Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fánaíocht
ainmfhocal, ainm briathartha
ag imeacht ar bheagán maitheasa; ag imeacht ag fálróid gan faice oibre; ag streilleachas nó ar fuaidreamh.
+
Tá sé ag fánaíocht síos ansin le seachtain, gan punta a dhéanamh — ag imeacht gan aon bhuille maitheasa; ní mar a chéile é agus fánóireacht nó fánadóireacht amach is amach; fálróid, siúl, fuaidreamh is mó atá i gceist le fánóireacht nó fánadóireacht, ach díomhaointeas agus beagán oibre nó seachaint na hoibre le fánaíocht
Caithfidh sé an chuid eile den bhliain anois ar an bhfánaíocht sin (trifling with work). Ní fhaca mé aon duine ariamh is mó drogall leis an obair ná é
TUILLEADH (1) ▼
Éirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionat

fánaíocht in iontrálacha eile (5)

 
Ar an dá luath is a dtabharfar cead an bhealaigh dhuit ón scoil inniu, teara abhaile ar an bpointe boise go dté tú ag gortghlanadh fataí ansin thiar. Ar chraiceann do chluas, ná déan aon fhánaíocht ar an mbealach.
 
Chruinnigh sé cosamar feamainne a bhí scaipthe sa duirling agus thóg sé bearna gharraí an chladaigh, agus rinne sé cupla creachlaois mar sin, ach ag fánaíocht a chaith sé an chuid is mó den lá.
 
fleasc
Cén sórt fleasc atá ort: ag imeacht ag fánaíocht mar sin. Dar fia muise, beidh luach do chuid fánaíochta agat ar ball nuair nach mbeidh fód móna ag gabháil leat, le díol ná le dó
 
deis
Má tá sé ag tnúthán le obair, breá nach mbeadh deis air thar mar atá. Ar ndóigh duine ar bith a d'fheicfeadh é ag fánaíocht faoin mbaile sin thoir, ní thabharfadh sé smeach oibre le déanamh dhó go brách. Is túisce a ghabhfadh sé i dtigh diabhail ag iarraidh fear oibre, ná a bheadh baint ná páirt aige leis
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaíocht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon bheann aige ar an drochlá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thabharfas fliuchán agus amlua dó féin le siléig, is beag an scéal é, hé brí céard a éireos dó