—
slis nó gleann nó caitheamh le fánaidh in áit.
+–
Siúil na fánáin. Níl na brakes sin indon ag fánán ar bith = ó bharr aird go dtín a bhun
Bhí sé ceart go leór sna fánáin ach b'éigin dhom na háird ar fad a shiúl. Bhí an-ghála in m'aghaidh
TUILLEADH (5) ▼
Is bóthar é nach bhfuil mórán fánáin ann
Thiomáil (thiomáin) sé síos an fánán í
Seachain an capall sin anois sna fánáin. Is furasta léithe a theacht anuas. Tá truisle inte
Gabhfaidh muid taobh an fhánáin = síos le fánaidh an aird, i leabaidh a dhul an cnoc
Beidh an fánán agad soir agus ní aireóidh tú é
Féach freisin
→
fánánach
Fánán in iontrálacha eile (5)
→
cab
Tá'n fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fánadh a bheidheas ann, ach iad siúd a bheith réidh leis."
Bhí díogaranach lae agam go dtí bóithrín Ch. E. agus ó a bhí mé ar Á. Th. níor airigh mé an chuid eile. 'Ar ndú' fánán anuas uiliog é uaidh sin amach. 'Sé an réim ó L. go bóithrín Ch. C. an chuid is buaine de'n bhóthar sin. Ó a chuirfeas tú thart é sin, ní fiú trácht ar an gcuid eile.
Meastú glaicín leabhar a bhí ag na gasúir agus a bhí caithte thiar annsin ar an urlár, nuair a chorruigh mé iad an lá cheana nach raibh gaibhte fútha. Níl leath cheart leis an gceann seo (fear an tighe). Ní bheadh sásamh ná séanadh aige ann go ndéanadh sé an teach ar an bhfánán bradach seo. Tá rud ar a shon anois aige. Ní thriomóchaidh an saoghal an áit sin