Féarlach
—fireann
—
féar láidir uaibhreach a bhíos ar thorlaigh, san áit a bhíos faoi uisce san ngeimhreadh.
+–
Is gearr go dteighthear síos anois ag leagan binne ar na torlaigh sin síos. Tá greadadh féarlaigh orra … Gheobhadh beithigh tomsacht orra ar fea an tsamhraidh
Dhá nochtadh an torlach sin ar chor ar bith — an abhainn ag traoitheadh — ní fhaca tú ariamh ach a mbeadh d'fhéarlach annsin faoi cheann coicíse. Ní bhíonn moill ar bith air ag fás. Bíonn sé leasuithe go maith ag rod na habhann.
TUILLEADH (1) ▼
An áit sin ar fad a fheiceas tú sceite bíonn sé tirm san samhradh agus beithigh agus caoirigh ag an dá bhaile air. Tá binn agam fhéin air. Bíonn féarlach sách blasta air