féarlach
—fireann
—
féar láidir uaibhreach a bhíos ar thurlaigh, san áit a bhíos faoi uisce sa ngeimhreadh.
+–
Is gearr go dtéitear síos anois ag leagan binne ar na turlaigh sin síos. Tá greadadh féarlaigh orthu … Gheobhadh beithígh tiomsacht orthu ar feadh an tsamhraidh
Dhá nochtadh an turlach sin ar chor ar bith — an abhainn ag traoitheadh — ní fhaca tú ariamh ach a mbeadh d’fhéarlach ansin faoi cheann coicíse. Ní bhíonn moill ar bith air ag fás. Bíonn sé leasaithe go maith ag rod na habhann.
TUILLEADH (1) ▼
An áit sin ar fad a fheiceas tú sceite, bíonn sé tirim sa samhradh agus beithígh agus caoirigh ag an dá bhaile air. Tá binn agam fhéin air. Bíonn féarlach sách blasta air