Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Féitheach
Aidiacht
féitheachaí nó cnámha a bheith follasach ionad; corr-chnámhach.
·
Fear féitheach gan aon-fheóil é = dhuine corr-chnámhach
Ní fhéadfadh S. gan spreacadh a bheith ann. Níl a dhath saille air, agus tá sé an-fhéitheach, an tsuite in a chéile

Féitheach in iontrálacha eile (1)

 
dochar
Tá buadh eicínt aige. Níl baoghal ar bith nach bhfuil. Níor fhiafruigh sé a dhath dhíom ach an oiread agus atá tusa a fhiafruighe dhíomsa, ach siubhal anall go dtí mé. "Annseo atá an dochar" adeir sé, go leath-fhánach agus rug sé ar na féitheacha faoi'n nglúin, agus bhain sé fáscadh asta. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrígh í le h-ais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. "Teirigh abhaile" adeir sé. "Tá sí deasuighthe. Ná corruigh í go ceann trí seachtainí go snumaidh (snadhmaidh) sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirre annsin i leabaidh a chéile." Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!