féitheach
—aidiacht
—
féitheachaí nó cnámha a bheith follasach ionat; corrchnámhach.
·
Fear féitheach gan aon fheoil é — dhuine corrchnámhach
Ní fhéadfadh S. gan spreacadh a bheith ann. Níl a dhath saille air, agus tá sé an-fhéitheach, an tsuite ina chéile
féitheach in iontrálacha eile (1)
→
dochar
Tá bua eicínt aige. Níl baol ar bith nach bhfuil. Níor fhiafraigh sé a dhath dhíom ach an oiread is atá tusa a fhiafraí dhíomsa, ach siúl anall go dtí mé. 'Anseo atá an dochar,' adeir sé go leathfhánach, agus rug sé ar na féitheacha faoin nglúin, agus bhain sé fáscadh astu. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrí í le hais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. 'Téirigh abhaile,' adeir sé. 'Tá sí deasaithe. Ná corraigh í go ceann trí seachtainí go snadhma sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirthi ansin i leaba a chéile.' Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!