Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fíbín
Ainm-fhocal: Fireann
1.
teasbach, teasúch (beithigh).
+
Ní fhaca tú aon-bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
Is diabhlaí an fíbín atá ar na beithigh seo nach bhfanfaidh siad in áit ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Ní theagann fíbín ar bith ar do chuid beitheach-sa bail agus beannú orra! … Nach bhfaca mé thiar san ngarraí ar ball iad agus gan cor aca
Cuireann na cleabhair sin le fíbín iad (beithigh)
2.
macnas, súnás; croidhiúlacht; mí-shuaimhneas; luainneachas; deifir; driopás.
+
Tá fíbín orra chuile phuinnte ag imeacht ag damhsa = macnas, súnás; deifir
Sin é an buachaill a bhfuil an fíbín air a ghread isteach Gaillimh inniu go dtí báire
TUILLEADH (6) ▼
Céard a chuir an fíbín air, le go bhfuil sé ag reathach mar sin? Cuireadh taghd eicínt air
Cén fíbín sin ort? Cáil do dheifir ag dul? = duine a d'fheicfeá agus forú air agus é splanncha ag dul in áit eicínt nó de bharr rud eicínt
Bhí fíbín air ag dul soir annseo inné. D'imigh sé ón mbaile ar fad. Rud eicínt adúradh leis
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag leigean uisce isteach. Feacha dhá dheoch annsin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
Tá an oiread fíbín ar an "mbicycle" seo agus go ngabhfadh sé go G. inniu ach duine a dhul ar maircíocht air gan cois ar bith a chorraí
+
Tá fíbín óil air (ban, damhsa, siúlóide, báire etc.) = súnás óil etc
Tá fíbín ceart air indiaidh damhsa = ag lorg damhsa
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam nach fear é a bhfuil fíbín gearrchailiú dhá bhualadh!
+
Chuaigh sé soir an bóthar sínte le cuthach fíbín
Chuir siad an churach ar an storadh le teann meanmna fíbín
TUILLEADH (1) ▼
Níl ort ach na seólta a dhéanamh agus gabhfaidh an bád ann uaithe fhéin le teann fíbín. Tá an t-an-chóir soir inniu

Fíbín in iontrálacha eile (4)

 
cailm
Dhá mbeadh an oiread cailm air, a's atá a leigean amach fhéin, inDomhnach ní bheadh an oiread fíbín ag imtheacht air, a's tá.
 
Nach air atá an fíbín, má shíleann sé go ndeanfa sé bealach cairr thríd a' gciocra údan.
 
Nach ionta atá an fhíriúlacht a Thiarna! Is beag an baol gur fíbín a bheadh orra thoir ar na rástaí, mar atá ar mhuinntir an tí seo! Sin í an cheird a fhágas an mhóin san bportach!
 
Cé'n sórt fíbín atá ag dul dó thar agus aonduine, nach ndéanfadh sé suaimneas in áit eicínt. Ach níl aon-mhaith ann mara mbeidh sé ar a chois i gcomhnaí