Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fíbín
ainmfhocal, fireann
1.
teaspach, teasúch (beithígh).
+
Ní fhaca tú aon bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
Is diabhlaí an fíbín atá ar na beithígh seo nach bhfanfaidh siad in áit ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Ní theagann fíbín ar bith ar do chuid beathachsa bail agus beannú orthu! … Nach bhfaca mé thiar sa ngarraí ar ball iad agus gan cor acu
Cuireann na cleabhair sin le fíbín iad (beithígh)
2.
macnas, súnás; croíúlacht; míshuaimhneas; luaineachas; deifir; driopás.
+
Tá fíbín orthu chuile phointe ag imeacht ag damhsa — macnas, súnás; deifir
Sin é an buachaill a bhfuil an fíbín air a ghread isteach Gaillimh inniu go dtí báire
TUILLEADH (6) ▼
Céard a chuir an fíbín air le go bhfuil sé ag reathach mar sin? Cuireadh taghd eicínt air
Cén fíbín sin ort? Cá'il do dheifir ag dul? — duine a d'fheicfeá agus furú air agus é splanctha ag dul in áit eicínt nó de bharr rud eicínt
Bhí fíbín air ag dul soir anseo inné. D'imigh sé ón mbaile ar fad. Rud eicínt adúradh leis
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag ligean uisce isteach. Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
Tá an oiread fíbín ar an mbicycle seo agus go ngabhfadh sé go G. inniu ach duine a dhul ar marcaíocht air gan cois ar bith a chorraí
+
Tá fíbín óil air (ban, damhsa, siúlóide, báire srl.) — súnás óil srl.
Tá fíbín ceart air i ndiaidh damhsa — ag lorg damhsa
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam nach fear é a bhfuil fíbín gearrchailiú dhá bhualadh!
+
Chuaigh sé soir an bóthar sínte le cuthach fíbín
Chuir siad an churach ar an storadh le teann meanmna fíbín
TUILLEADH (1) ▼
Níl ort ach na seolta a dhéanamh agus gabhfaidh an bád ann uaithi fhéin le teann fíbín. Tá an t-an-chóir soir inniu

fíbín in iontrálacha eile (4)

 
cailm
Dhá mbeadh an oiread cailm air agus atá a ligean amach fhéin, i nDomhnach ní bheadh an oiread fíbín ag imeacht air agus atá.
 
Nach air atá an fíbín má shíleann sé go ndéanfaidh sé bealach cairr thríd an gciocra údan.
 
Nach iontu atá an fhíriúlacht a Thiarna! Is beag an baol gur fíbín a bheadh orthu thoir ar na rástaí mar atá ar mhuintir an tí seo! Sin í an cheird a fhágas an mhóin sa bportach!
 
Cén sórt fíbín atá ag dul dó thar is aon duine, nach ndéanfadh sé suaimhneas in áit eicínt. Ach níl aon mhaith ann mura mbeidh sé ar a chois i gcónaí