Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fíneáilte
/f′īn′āʟ′t′ə/
Aidiacht Bhriathar (ní mheasaim go mbíonn aon-leagan eile air)
fine?
gan aon-fhíonnach (beithigh); sleamhain as a gcraiceann.
+
Stail fhíneáilte ghránna í. Ní tada eile í. Ní thiúrfainn mo chapall chuice chor ar bith dhá mba mé thú = gan aon-fhíonnach
Ní bhíonn an ghlib sin suas ón a sála ar chaiple fíneáilte chor ar bith: caiple rása, nó caiple a mbíonn cosa fada orra. Tá sí (an ghlib) ar an gcapall sin amuigh againne. Tá agus claimhreach dhiabhalta
TUILLEADH (6) ▼
Tá craiceann an-fhíneáilte, an-lom ar an mbudóig sin a cheannuigh sé. Ní thaithneóidís liom ro-fhíneáilte. Dheamhan údar maith a chonnaic mé den chineál sin ariamh
Fíneáilte! Tá sí cho sleamhain agus go sciorrfá di. Dheamhan a leithide a chonnaic mé ariamh
Tá an gamhain sin an-fhíneáilte: ro-lom gan aon-fhíonnach. B'fhéidir dhó sceinneadh amach go maith. Má fhaghann sé aire is maith an beitheach a bhéas ann faoi Nollaig seo chugainn
Ceanna breá fíneáilte iad sin agad bail ó Dhia ort! Na "poll-Angus" sin bíonn siad amhlaidh i gcomhnaí. Siad na beithigh is mó iad atá thart annseo anois.
Tá an madadh sin an-fhíneáilte le goirid. Caithfidh sé purgóid a fháil!
Is gránna iad ro-fhíneáilte muis. Théis go mbíonn reimhreacht bhreá sna beithigh fíneáilte sin, diabhal mé go sílfeá go mbíonn na ceannachóirí dhá gcuileáil. 'Ar ndú' tá 'chuile bheithíoch faoin ráta más fíor dóibh sin, ag iarraidh sladmhargaí

Fíneáilte in iontrálacha eile (2)

 
Shílfeá gur ar bheithigh fíneáilte a bhí tharasbár "price" inniu
 
folt
Ní beitheach fíneáilte í siúd. Nach bhfuil folt uirre