Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fíneáilte
/f′īn′āʟ′t′ə/
aidiacht bhriathartha (ní mheasaim go mbíonn aon leagan eile air)
fine?
gan aon fhíonnach (beithígh); sleamhain as a gcraiceann.
+
Stail fhíneáilte ghránna í. Ní tada eile í. Ní thabharfainn mo chapall chuici chor ar bith dhá mba mé thú — gan aon fhíonnach
Ní bhíonn an ghlib sin suas óna sála ar chaiple fíneáilte chor ar bith: caiple rása, nó caiple a mbíonn cosa fada orthu. Tá sí (an ghlib) ar an gcapall sin amuigh againne. Tá agus cluimhreach dhiabhalta
TUILLEADH (6) ▼
Tá craiceann an-fhíneáilte, an-lom ar an mbodóig sin a cheannaigh sé. Ní thaitneoidís liom rófhíneáilte. Dheamhan údar maith a chonaic mé den chineál sin ariamh
Fíneáilte! Tá sí chomh sleamhain agus go sciorrfá di. Dheamhan a leithide a chonaic mé ariamh
Tá an gamhain sin an-fhíneáilte: rólom gan aon fhíonnach. B'fhéidir dhó scinneadh amach go maith. Má fhaigheann sé aire, is maith an beathach a bheas ann faoi Nollaig seo chugainn
Ceanna breá fíneáilte iad sin agat bail ó Dhia ort! Na "poll-Angus" sin bíonn siad amhlaidh i gcónaí. 'Siad na beithígh is mó iad atá thart anseo anois.
Tá an madadh sin an-fhíneáilte le gairid. Caithfidh sé purgóid a fháil!
Is gránna iad rófhíneáilte muis. Théis go mbíonn reimhreacht bhreá sna beithígh fíneáilte sin, diabhal mé go sílfeá go mbíonn na ceannaitheoirí dhá gcuileáil. Ar ndóigh tá chuile bheithíoch faoin ráta más fíor dóibh sin, ag iarraidh sladmhargaí

fíneáilte in iontrálacha eile (2)

 
Shílfeá gur ar bheithígh fíneáilte a bhí tharasbarr price inniu
 
folt
Ní beathach fíneáilte í siúd. Nach bhfuil folt uirthi