Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fínicín, Finicín
Ainmfhocal Buineann
·
Sliogán Fínicín = cineál sliogán faochan a fháitear scaití san mbruth faoi thír. Is annamh a d'fheicfeá iad. Ní cuid den chnuasach cladaigh iad, ach go dteagann siad i dtír san ngeimhreadh nó san earrach. Tá dhá shliogán ar an bhfinicín, agus iad ag breith treasna ar a chéile, agus siunta ag dul isteach eatorra go dtí an áit a mbíonn an fhaocha fhinicín. Tá siad ar na sliogáin is lú a d'fheicfeá san gcladach. Níl thar mhéid mearóige ionta, agus iad ar dhéanamh iliopsa (ellipse): caol fada agus roint boillsceanta in a dtaobh. Sliogáin ghreadhnacha iad. Ní bhíonn sliogán ar bith san gcladach a sháródh iad ar áilleacht datha. Is cosúil gurb amach ar an domhainn a shíolraíos siad

Féach freisin