fínicín, finicín
—ainmfhocal, baineann
—
·
  Sliogán fínicín — cineál sliogán faochan a fhaightear scaití sa mbruth faoi thír.  Is annamh a d'fheicfeá iad.  Ní cuid den chnuasach cladaigh iad ach go dteagann siad i dtír sa ngeimhreadh nó san earrach.  Tá dhá shliogán ar an bhfinicín, agus iad ag breith trasna ar a chéile, agus siúnta ag dul isteach eatarthu go dtí an áit a mbíonn an fhaocha fhinicín.  Tá siad ar na sliogáin is lú a d'fheicfeá sa gcladach.  Níl thar mhéid méaróige iontu, agus iad ar dhéanamh iliopsa (ellipse): caol fada agus roinnt boilsceanta ina dtaobh.  Sliogáin ghreadhnacha iad.  Ní bhíonn sliogán ar bith sa gcladach a sháródh iad ar áilleacht datha.  Is cosúil gurb amach ar an domhain a shíolraíos siad
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      finicín