Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fíogach
Ainmfhocal: Fireann
Uimhir iolraidh: Fíogaigh (/f′īɡə/, /f′īɡī/), Fíogachaí
1.
breac atá ó dhá throigh go dtí trí troithe ar fad, a bhéal siar faoin a mhuineál ar nós seorc, é dubh as a dhruim agus liath faoin a bholg. Breac uaisiúil é. Ní scéitheann sé chor ar bith ar nós bric eile, ach na ceanna óga a bhreith. Is minic a bhéarfadh sé istigh san gcurraigh iad, agus thú ag teacht ón meath mhóir isteach. Bíonn an-sclamhfairt air. D'íosfadh sé rud ar bith a chasfaí in a bhealach. Déanann sé an-fhoghail ar líonta, mar réabann sé na mogaill má chastar i bhfastós ionta é, agus ar aon-chor sceannann sé an t-iasc a bhíos ionta. Is minic iad ag imeacht in a mbáirí ar thí scadáin nó runnaigh nó iasc ar bith is túisce aca. Tá an ghráin dhíobhálach ag iascairí orra mar i gceann a ndéanann siad de mhillteanas ar líonta níl éadáil ar bith ionta le n-ithe. Ach cuirtear de bhaoite ar spilléid nó ar photaí gliomach iad scaití, agus baintear an ola asta freisin fearacht mar a dhéantar le na seorca. Tá cineál ann a dtugtar na fíogaigh gobacha orra. Gobógaí a thugas daoine eile orra. Bíonn siad seo ó thrí troithe go leith go dtí chúig troithe, ar fad. Tá cuid aca is mó ná sin aríst. Níl aon-ní mór idir iad féin agus na gnáth-fhíogaigh ach an méid sin. Bíonn an ghoin chéanna orra indiaidh eísc. Go deimhin is measa go fada iad. Bhéarfaidís an chuid óg freisin istigh san gcurraigh. Níl siad le n-ithe ach oiread.
2.
Duine nach mbeadh aon-ghnaoi air, nó a bheadh mí-shlachtar is minic a thugtar fíogach de leasainm air.
·
Cáil an fíogach sin ag dul ru?

Fíogach in iontrálacha eile (2)

 
Fámaire d'fhíogach mhór a bhí ann. B'fhearr liom Athair an Oilc a fheiceál san líon ná é. Roiseann siad sin na mogaill as béal éadain
 
droim
Tá fíogach caithte thíos ar dhruim na trágha agus é lobhtha. Bhí sé thoir ins an bhfearsaid, ach d'árduigh buachaill báire eicínt anoir é, agus chaith sé imbéal an tseoil igcasán na ndaoine é, le faitíos nach mbeadh a dhóthain baladh bréan uaidh ins an áit a raibh sé.