1.
breac atá ó dhá throigh go dtí trí troithe ar fad, a bhéal siar faoina mhuineál ar nós siorc, é dubh as a dhroim agus liath faoina bholg. Breac uaisiúil é. Ní sceitheann sé chor ar bith ar nós bric eile, ach na ceanna óga a bhreith. Is minic a bhéarfadh sé istigh sa gcurraigh iad agus thú ag teacht ón meath mhóir isteach. Bíonn an-sclafairt air. D'íosfadh sé rud ar bith a chasfaí ina bhealach. Déanann sé an-fhoghail ar líonta mar réabann sé na mogaill má chastar i bhfostós iontu é, agus ar aon chor, sceanann sé an t-iasc a bhíos iontu. Is minic iad ag imeacht ina mbáirí ar thí scadáin nó ronnaigh nó iasc ar bith is túisce acu. Tá an ghráin dhíobhálach ag iascairí orthu mar i gceann a ndéanann siad de mhillteanas ar líonta, níl éadáil ar bith iontu le n-ithe. Ach cuirtear de bhaoite ar spiléid nó ar photaí gliomach iad scaití agus baintear an ola astu freisin fearacht mar a dhéantar le na siorca. Tá cineál ann a dtugtar na fíogaigh gobacha orthu. Gobógaí a thugas daoine eile orthu. Bíonn siad seo ó thrí troithe go leith go dtí chúig troithe ar fad. Tá cuid acu is mó ná sin aríst. Níl aon ní mór idir iad féin agus na gnáthfhíogaigh ach an méid sin. Bíonn an ghoin chéanna orthu i ndiaidh eísc. Go deimhin is measa go fada iad. Bhéarfaidís an chuid óg freisin istigh sa gcurraigh. Níl siad le n-ithe ach oiread.
2.
duine nach mbeadh aon ghnaoi air, nó a bheadh míshlachtmhar is minic a thugtar fíogach de leasainm air.
·
Cá'il an fíogach sin ag dul ru?
fíogach in iontrálacha eile (2)
→
fámaire
Fámaire d'fhíogach mhór a bhí ann. B'fhearr liom Athair an Oilc a fheiceáil sa líon ná é. Roiseann siad sin na mogaill as béal éadain
→
droim
Tá fíogach caite thíos ar dhroim na trá agus é lofa. Bhí sé thoir sa bhfearsaid, ach d'ardaigh buachaill báire eicínt anoir é agus chaith sé i mbéal an tseoil i gcosán na ndaoine é le faitíos nach mbeadh a dhóthain boladh bréan uaidh san áit a raibh sé