Fíriúlacht
—Ainmfhocal as an aidiacht fíriúil
—
dúracht, díocas nó spleodar oibre, fearúlacht (ní mara chéile ar fad fír agus fíriúlacht mar is léar ón a somplaí seo síos).
+–
Sin é an áit a chuirfeas fíriúlacht i J. Dar Duach muise, ní sínte chois an chlaidhe chor ar bith a bhéas sé annsin. Aireóidh na cnámha aige é san tír sin
Nach ionta atá an fhíriúlacht a Thiarna! Is beag an baol gur fíbín a bheadh orra thoir ar na rástaí, mar atá ar mhuinntir an tí seo! Sin í an cheird a fhágas an mhóin san bportach!
TUILLEADH (3) ▼
Fear a mbeadh a dhóthain fíriúlacht ann, agus a thiocfadh in a éadan ar a ghlan mhochóirí, dheamhan spreab a bheadh fágha ar a fhuaid aige trathnóna. Chonnaic mise P. Dh. dhá chur (garraí) lá cheana, ach fagh thusa fear mar é sin
Is beag fhíriúlacht é i dtráigh fheamainne. Dheamhan dhá scuabán a bheadh bainte aige marach go raibh an bhean in a bhuil.
An té a bhfuil fíriúlacht mar is ceart ann, ní leigfidh sé an lá mór fhéin thairis. Beidh súnás air i gcomhnaí. Ach is beag an tsamhaoine do dhuine an iomarca fliucháin a thabhairt dhó fhéin. M'anam go mbainfidh an fliuchán a chuid féin as duine
Fíriúlacht in iontrálacha eile (1)
Thóig sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí ro-thruaigheach. B'fhearr léithe i gcomhnaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leó