fíriúlacht
—ainmfhocal as an aidiacht fíriúil
—
dúthracht, díocas nó spleodar oibre; fearúlacht. Ní mar a chéile ar fad fír agus fíriúlacht mar is léir óna samplaí seo síos.
+–
Sin é an áit a chuirfeas fíriúlacht i J. Dar Duach muise, ní sínte chois an chlaí chor ar bith a bheas sé ansin. Aireoidh na cnámha aige é sa tír sin
Nach iontu atá an fhíriúlacht a Thiarna! Is beag an baol gur fíbín a bheadh orthu thoir ar na rástaí mar atá ar mhuintir an tí seo! Sin í an cheird a fhágas an mhóin sa bportach!
TUILLEADH (3) ▼
Fear a mbeadh a dhóthain fíriúlacht ann, agus a thiocfadh ina éadan ar a ghlanmhochóirí, dheamhan spreab a bheadh fágtha ar a fhuaid aige tráthnóna. Chonaic mise P. Dh. dhá chur (garraí) lá cheana, ach faigh thusa fear mar é sin
Is beag a fhíriúlacht é i dtrá fheamainne. Dheamhan dhá scuabán a bheadh bainte aige murach go raibh an bhean ina bhuil.
An té a bhfuil fíriúlacht mar is ceart ann, ní ligfidh sé an lá mór fhéin thairis. Beidh súnás air i gcónaí. Ach is beag an tsomhaoine do dhuine an iomarca fliucháin a thabhairt dhó fhéin. M'anam go mbainfidh an fliuchán a chuid féin as duine
fíriúlacht in iontrálacha eile (2)
Thóg sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí róthruaíoch. B'fhearr léithe i gcónaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leo
→
dualgas
Thug siad sin de dhualgas leo gan mórán fíriúlacht a bheith iontu. 'Sé an áit a gcaitheadh a n-athair féin a shaol, ag imeacht ag fálróid ó chnocán go cnocán agus cara chainte buailte aige ar chuile dhuine. Ní dhearna sé lá maith oibre ina shaol ariamh