fír
—ainmfhocal, baineann
—
smior, broid, ábhar, dúthracht, mian, rún, fonn, fearúlacht. Ní mar a chéile ar fad fír agus fíriúlacht mar is léir óna samplaí seo síos.
+–
Níor cuireadh fír na maitheasa ann in am. Is furasta a aithinte air fhéin nár cuireadh. Ní mian leis aon bhuille a dhéanamh — níor taithíodh é leis an obair ina óige; níor cuireadh broid nó dúthracht nó smior na hoibre ann; níor cuireadh an obair sa gcnáimh aige in am. Ní minic adeirtear "fír" ar a aghaidh féin. "Fír na maitheasa", "fír na hoibre" srl. adeirtear go hiondúil
Éirigh suas as sin a spreallaire agus gabh amach i gcionn do láí. Is furasta a aithinte ort nach bhfuil fír na maitheasa ionat
TUILLEADH (5) ▼
Ní dheachaigh fír na hoibre ann. Ar ndóigh dheamhan punta a rinne sé sin ariamh gur bhásaigh an t-athair. Tá a shliocht air fhéin
Ní hí fír na maitheasa atá ionat. B'fhearr thú a fhágáil sílim leis an gceird a bhfuil luí agat léithe. Ní shaothróidh tú do bheatha le talamh ar chaoi ar bith
Dhá mbeadh fír na láí ann, ní coicís a bhainfeadh sé as an ngarraí siúd. Chuir mé lá go leith é go minic agus mé in mo bhrín óg
Scorachaí ar bith nach gcuirtear fír na hoibre iontu idir an bríste glúnach agus an bríste fada ná bac leo. Ní sclábhaíocht a fheileas dóibh
Dar mo choinsias, tá fír na maitheasa i chuile dhuine ina theach siúd. Ní bheidís aige mura mbeadh sin iontu
+–
An bhfuil fír ar bith ionat? Breá nach n-éiríonn tú de do chadairne agus rud eicínt a dhéanamh ar fud an tí. Is deas an tráth é a bheith ag breacadh do loirgní i mbéal an earraigh thall
Cá bhfaigheadh sé sin fír ar bith a bheith ann dhá dtéadh sé leis an dreoláinín is athair dó? Ba é a chlochneart chuile lá ariamh siúl go dtí an garraí, ní áirím aon fhoghail a dhéanamh ann
TUILLEADH (2) ▼
Nach furasta a aithinte fear na fíre. Ní chuirfidh síon ar bith den phortach é
Aithneoidh tú i gcónaí searrach na dea-lárach. Beidh fír ann.
fír in iontrálacha eile (15)
→
fearacht
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa ansiúd agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
Éirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionat
Cipiléirín corónta é. Níor cuireadh fír na maitheasa ann, agus is furasta a aithinte air fhéin nár cuireadh.
Déan chuile shórt a shamhlú leis sin ach creachlaoiseachaí oibre. Ach breá nár cuireadh fír na maitheasa in am ann!
→
binse
Dheamhan a chos a chorraigh den bhinse sin ó mhaidin ach ag breacadh a loirgní le tine. Is géar a theastódh fír na maitheasa a chur ann.
→
buille
Cén chaoi a bhféadfadh sé aon bhuille maitheasa a dhéanamh. Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann.
Níl mífhollántas ar bith air sin, théis go bhfuil sé meath-thinn i gcónaí más fíor dó fhéin. Ach is beag dhá chuid cluanaíocht é. Tá: a chnámha gan fír na maitheasa a bheith iontu. Sin é an méid
Mura mbeadh fír na maitheasa ionat, chinnfeadh ort lá a chur isteach faoi siúd, deirimse leat — mura mbeadh cleachtadh agat ar obair dhéin ó thús t'óige, ní bheifeá in ann an lá a sheasamh faoi – tá sé chomh géar sin ar fhir oibre
Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann. Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
→
danra
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort! Tá iníon agamsa agus sháródh sí ceart críochnaithe thú. Tá gruaig mo chinn tite ag géaraíocht uirthi, ach b'fhearr dhom in mo chónaí, scáth a dtugann sí d'aird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphínne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nár féachadh le fír na maitheasa a chur inti, ach is cosúil nár cuireadh ina dhiaidh sin
→
deara
Mura gcuire tú faoi ndeara dhó rud a dhéanamh anois, agus fír na maitheasa a chur ann in am, déanfaidh sé leadaí
→
dromán
Is furasta a aithinte nach ndeachaigh fír na maitheasa in do dhromán agus an drogall atá ort thú féin a lúbadh. Feicfidh tú féin gurb eo é an áit a mbainfear an spreallaireacht asat. Isteach leat i ngabhal an bhara sin go bhfeicfidh muid cén gníomh atá ionat
→
déantús
Cén chaoi a bhféadfadh aon déantús maitheasa a bheith ann, nuair nár cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí a cur ann. Ach níor cuireadh. An iomarca trua. 'Sí an pheataíocht sin a d'fhága é sa gcruth a bhfuil sé, gan maith gan maoin
Tá sé an-dícheallach ag obair. Dhéanfadh sé an oiread le triúr nuair a thosaíos sé. Dheamhan tuirse ar bith a bhíos air. Ar ndóigh chuaigh fír na maitheasa ann in am
Is furasta a aithinte céard atá uirthi: díomhaoineas. Ní dheachaigh fír na maitheasa inti nuair a bhí aige a dhul inti