Fír
—Ainmfhocal, Buineann
—
smior, bruid, ábhar, dúracht, mian, rún, fonn, fearúlacht. (ní mara chéile ar fad fír agus fíriúlacht mar is léar ón a somplaí seo síos).
+–
Níor cuireadh fír na maitheasa ann in am.  Is furasta aithinte air fhéin nachar cuireadh.  Ní mian leis aon-bhuille a dhéanamh = níor taithíodh é leis an obair in a óige; níor cuireadh bruid nó dúracht nó smior na hoibre ann; níor cuireadh an obair san gcnáimh aige in am (ní minic adeirtear "fír" ar a aghaidh féin.  "Fír na maitheasa", "fír na hoibre" etc. adeirtear go hiondúil)
Eirigh suas as sin a spreallaire, agus gabh amach i gcionn do láighe.  Is furasta a aithinte ort nach bhfuil fír na maitheasa ionad
      
                                TUILLEADH (5) ▼
                            
Ní dheacha fír na hoibre ann.  'Ar ndú' dheamhan punta a rinne sé sin ariamh gur bhásuigh an t-athair.  Tá a shliocht air fhéin
Ní hí fír na maitheasa atá ionad.  B'fhearr thú a fhágáil sílim leis an gceird a bhfuil luighe agad léithe.  Ní shaothróidh tú do bheatha le talamh ar chaoi ar bith
Dhá mbeadh fír na láighe ann, ní coicís a bhainfeadh sé as an ngarraí siúd. Chuir mé lá go leith é go minic agus mé in mo bhrín óg
Scurachaí ar bith nach gcuirtear fír na hoibre ionta idir an bríste glúnach agus an bríste fada ná bac leo.  Ní sclábhaíocht a fheileas dóibh
Dar mo choinsias tá fír na maitheasa is chuile dhuine in a theach siúd.  Ní bheidís aige mara mbeadh sin ionta
+–
  An bhfuil fír ar bith ionad?  Breá nach n-eiríonn tú de do chadairne agus rud eicínt a dhéanamh ar fud an tí.  Is deas an tráth é a bheith ag breacadh do loirgní i mbéal an Earraigh thall
Cá bhfuigheadh sé sin fír ar bith a bheith ann, dhá dteigheadh sé leis an dreoláinín is athair dó?  Ba é a chloch neart chuile lá ariamh siúl go dtí an garraí, ní áirím aon-fhoghail a dhéanamh ann
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Nach furasta aithinte fear na fíre.  Ní chuirfidh síon ar bith den phortach é
Aithneóidh tú i gcomhnaí searrach na deagh lárach.  Beidh fír ann.
Fír in iontrálacha eile (15)
                    →
                    fearacht 
                  
                  
                    Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith.  Chuaigh fír na maitheasa annsiúd, agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
                    Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin.  Ach níl fír na maitheasa ionad
                    Cipiléirín crónta é.  Níor cuireadh fír na maitheasa ann, agus is furasta 'aithinte air fhéin nar cuireadh.
                    Déan 'chuile shórt a shamhlú leis sin, ach creachlaoiseachaí oibre.  Ach breagh nar cuireadh fír na maitheasa in am ann!
                    
                    →
                    binse 
                  
                  
                    Dheamhan a chos a chorruigh de'n bhinnse sin ó mhaidin, ach a' breacadh a luirgní le teine.  Is géar a theastóchadh fír na maitheasa a chuir ann.
                    
                    →
                    buille 
                  
                  
                    Cé'n chaoi 'bhféadfadh sé aon-bhuille maitheasa a dheanamh.  Níor cuireadh fír na maitheasa ann, nuair a bhí í 'chuir ann.
                    Níl mí-fhollántas ar bith air sin, th'éis go bhfuil sé meath-thinn i gcomhnaí más fíor dó fhéin.  Ach is beag dhá chuid cluanaíocht é.  Tá: a chnámha gan fír na maitheasa a bheith ionta.  Sin é an méid
                    Mara mbeadh fír na maitheasa ionnad, chinnfeadh ort lá a chuir isteach faoi siúd, deirimse leat = mara mbeadh cleachta agad ar obair dhéin ó thús t'óige, ní bheitheá [in ann] an lá a sheasamh faoi, tá sé chomh géar sin ar fhir oibre.
                    Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann.  Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
                    
                    →
                    danra 
                  
                  
                    Go gcuiridh Dia dílis an t-ádh ort!  Tá inghean agamsa agus sháróchadh sí ceart críochnuighthe thú.  Tá gruaig mo chinn tuithte ag géaruidheacht uirre, ach b'fhearr dhom in mo chomhnuí, scáth a dtugann sí d'áird orm.  'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphighne mhaitheasa a dhéanamh.  Ní cheal muis nar féachadh le fír na maitheasa a chur innte ach is cosamhail nachar cuireadh in a dheidh sin
                    
                    →
                    deara 
                  
                  
                    Mara gcuiridh tú faoi ndeara dhó rud a dhéanamh anois, agus fír na maitheasa a chur ann in am, déanfaidh sé leaduidhe
                    
                    →
                    dromán 
                  
                  
                    Is furasta aithinte nach ndeachaidh fír na maitheasa in do dhromán agus an drugal atá ort thú féin a lúbadh.  Feicfidh tú féin gurb sheo é an áit a mbainfear an spreallaireacht asad.  Isteach leat ingabhal an bharra sin go bhfeicfidh muid cé'n gníomh atá ionnad
                    
                    →
                    déantús 
                  
                  
                    Cé'n chaoi a bhféadfadh aon-déantús maitheasa a bheith ann, nuair nachar cuireadh fír na m[aith]easa ann an uair a bhí a cur ann.  Ach níor cuireadh.  An iomarca truaigh[e.]  'Sí an pheataidheacht sin a d'fhága é ins an gcruth a bhfuil sé, gan maith ga[n] maoin
                    Tá sé an-dicheallach ag obair.  Dhéanfadh sé an oiread le triúr, 'nuair a thosuigheas sé.  Dheamhan tuirse ar bith a bhíos air.  'Ar ndú' chuaidh fír na maitheasa ann in am
                    Is furasta aithinte céard atá uirre: díomhaoineas.  Ní dheachaidh fír na maitheasa innte nuair a bhí aige a dhul innte