Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dicheallach
aidiacht as dicheall
tugtharach do shaothar, nó do chúram (nó do ghnaithí gan iarraidh, go minic).
a.
+
Is tú atá dicheallach = gasúr agus an iomarca cúraim air (fc. cúram) (Árainn)
Tá tú ro-dhicheallach ar fad. B'fhearr linn nach mbeadh leath do chuid cúraim ort. Ní minic gnaithí gan iarraidh buidheach
TUILLEADH (5) ▼
Tá aos óg an bhaile seo ro-dhicheallach ar fad. Meastú nach bhfuil na máithreachaí bainte amach as bun an chlaidhe sin thíos aca, ag caitheamh cloich neart leo. Níl breathnú siar ar bith aca, a raibh d'anró ormsa ag déanamh an chlaidhe sin
Is diabhaltaí dicheallach an mhaise dhuit é. Cé a d'iarr ort a dhul ag déanamh cocaí de'n fhéar sin. Ní chuimhneochthá go deo gur mó atá tú a mhilleadh ná a leasú. Má tá an oiread sin saint oibre ort, srathruigh an t-asal agus teirigh 'na phortaigh
Breagh nach mbreathnuigheann tú romhat! Chuir tú suas na clocha sin nó gur mhill tú a raibh déanta agam féin. Níl annsin ach ath-obair anois. Tá tú ro-dhicheallach ar fad. Níl aon-duine ag iarraidh do ghnaithí ort
Tá an catmara críochnuighthe ar na gasúir, tá siad cho dicheallach sin. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú scaithtí. Ní fhéadfaidís foras a dhéanamh ala an chluig, ach ag déanamh rud eicínt
Thug mé liom siar ins an gceapuichín oinniúin sin thiar é trathnóna, nó go nglanainn í. B'éigin dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na h-oinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha ins an mullach aige! Sin é atá dicheallach agad!
b.
dúthrachtach; triollúsach; líomhtha chuig saothar; díocasach.
+
Tá sé sáthach dicheallach ach ní moltar a shaothar scaithtí in a dheidh sin! Cuireadh amach ag baint máilín suip do na beithidhigh ins an ngarrdha sin thíos aréir é, ach ba mhó na dasachaí ná an sop a bhí ins an máilín ag teacht abhaile aige!
Fear an-dícheallach é. Is deacair a sháith oibre a thabhairt dó. Ach ní hé thairis sin de chuma a chuireas sé uirre scaithtí. Sáthach maoilscríobach a ghníos sé í
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé an-dicheallach ag obair. Dhéanfadh sé an oiread le triúr, 'nuair a thosuigheas sé. Dheamhan tuirse ar bith a bhíos air. 'Ar ndú' chuaidh fír na maitheasa ann in am
Is dicheallach an bhean í. Ní fhágann sí cathaoir ná stól ná soitheach ins an teach nach sciúrann sí 'chuile lá dhá n-eirigheann uirre. Agus d'íosfá do bhéilí de'n urlár atá aice. Bíonn sé cho glan le criostal. Agus ní fhágann sí a gort ná a garrdha ar deireadh ach oiread
Cé'n chaoi a bhféadann sé a bheith cho dicheallach sin. Bligheann sé na beithidhigh, tarraingigheann sé cupla aistir uisce, gearrann sé cuid muc, agus is minic a ghníos sé an maistre th'éis a lae oibre
·
Tá sé an-dícheallach agus a dhul ag an damhsa = energetic

Féach freisin