Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cúram (21)

 
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu
+
Ormsa a d'fhága sé de chúram breathnú i ndiaidh an pháiste
TUILLEADH (3) ▼
Ní dhéanfaidh mise é. Níor fágadh de chúram orm é
Dhá bhfágthaí de chúram ormsa é, bhreathnóinn ina dhiaidh, ach ní hé mo ghnaithe é
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
+
beart
Tá sé ceart go leor fós, thálta (tharla) nach bhfuil aon chúram air. Ach amach anseo, nuair a bhuailfeas sé faoin saol, mura mbí sé in ann a bheart a tharraingt, beidh sé ar deireadh.
TUILLEADH (1) ▼
Iompair do bheart fhéin; déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí ag fás suas ar aon duine eile; déan do bhealach
 
Tá bean agamsa agus níor mhór dhom cromnasc a chur uirthi. Ní mór léithe a dhul ag déanamh aeir gach Domhnach sa mbliain, agus cúram an tí a fhágáil ormsa.
 
Tá sé ró-óg fós le bualadh faoin saol agus le cúram a chur air fhéin (.i. le pósadh)
 
'Sé an cúram a thug isteach ann é (fc. cúram)
 
Seán Ch. a raibh tú ag caint leis. Gheall sé an saol duit ar ndóigh?? … Gheallfadh sé. Ní raibh aon cheo dhá chur ar siúl anseo ariamh nach air a bheadh chuile chúram faoi chun tosaigh, ach ní fheicfeá ón gcéad oíche nó ón darna hoíche amach é. Bíonn an-spleodar mar sin ann ach fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Tá seanaithne agamsa air sin a stór. Rachaidh mé faoi dhuit nach bhfeicfidh tú níos mó é
 
dearmad 1
A leithid sin, a bhfuil cúram air go leor figiúirí a dhéanamh suas, is deacair dhó gan dearmad a éireachtáil dó
 
D'fhéadfá a rá gurb é atá giogáilte ag imeacht. Agus an láimh thuas i gcónaí aige faitíos a mbeadh cuileoigín chlúmhaigh ná donóid shalachair ar a chuid éadaigh. Is fiú dhó. Sin é a bhfuil ar a aire. Dá mbeadh cúram gort agus garraí air mar atá ar thuilleadh, mise i mbannaí dhuit gur beag an diogáil a bheadh aige air fhéin. Ach is mór is feictear don díomhaointeas arsa tusa
 
dligh
Dá ndlífidís sochraide dúinne, bheadh muid acu, ach tharla nár dhligh, níl aon chúram orainn a dhul ann. Níl aon fhear dár dhligh sochraide dhomsa nach raibh mé aige. Aithnímse mo dhuine féin agus níl call ar bith mé a chur ar an eolas faoi, bíodh a fhios agat
 
Cén chaoi a bhféadfadh sé aon trácht a fháil. An bhfeiceann tú an doicheall a bhíos air roimh chuile dhuine. Meas tusa an caoi d'óstóir a bheith mar sin. Cén chúram atá ar aon duine a thaobhachtáil mura dtograí siad é
 
droim
Théis a raibh de chúram faoin saol ariamh air, agus théis a raibh de sclamhaireacht aige faoi thalamh, sin é a bhfuil aige anois faoi dheireadh: leithead a dhroma thiar ar an gC. — uaigh
 
dubh- 5
Tá an carraigín seo dubhthriomaithe. Níl cúram níos mó tuair air
 
Tá tú ródhícheallach ar fad. B'fhearr linn nach mbeadh leath do chuid cúraim ort. Ní minic gnaithí gan iarraidh buíoch
 
díon 1
Diabhal mé go bhfuil sásamh sna tithe ceann slinne féin nach bhfuil cúram dín ar bith dóibh. Bhíodh muid meata chuile bhliain ag cur suas dín, agus dhá gclistheá bliain ar bith, ba ghearr go n-íocthá ann: bheadh báisteach anuas ort
 
Ní thaitneodh an ceann céanna chor ar bith liom. Tá an iomarca cóirí catha aige agus é ródhóighiúil as féin ar fad. Labhair mé leis an lá faoi dheireadh faoi shaor cloiche eicínt a thabhairt ag breathnú ar an mballa siúd atá sé a dhéanamh. Ba suarach an blas a bhí aige orm faoi go gcuimhneoinn ar a leithide de rud. 'Cén chúram saoir atá orm,' arsa seisean. 'Nach bhfuil mé féin in ann balla a dhéanamh chomh maith le saor ar bith'
 
dúch
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb in é an uair a dtosaíonn an láimhíneach sin ag cur dúigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan den fharraige ina thimpeall nach mbíonn faoi dhúch aige. Ní léir don iasc eile ansin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí anseo thuas ar leave tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mura mbuaileann ceann acu é. 'Caith amach é i dtigh diabhail,' adeirimse, 'ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurach.' Diabhal caitheamh! Ag déanamh iontais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. 'Oibrigh ort a bhuachaill,' arsa mise i m'intinn féin, 'ní móide go mbeifeá chomh dathúil ar ball.' Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinig muid isteach sa gcaladh ansin thíos. 'An bhfuil tú ag brath ar an t-ógánach seo a thabhairt leat,' adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an trá. 'Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churach a chur suas.' Ní raibh fios na faillí aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillí é; scaoil sé scuaid as agus bhí an trá faoi dhúch aige suas go dtí an leicín shleamhain údaí sa meathdhuirling. Níor thaobhaigh mo dhuine na curachaí uaidh sin amach