Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dícheallach
aidiacht as dícheall
tucarach do shaothar, nó do chúram (nó do ghnaithí gan iarraidh go minic).
a.
+
Is tú atá dícheallach — gasúr agus an iomarca cúraim air (fc. cúram) (Árainn)
Tá tú ródhícheallach ar fad. B'fhearr linn nach mbeadh leath do chuid cúraim ort. Ní minic gnaithí gan iarraidh buíoch
TUILLEADH (5) ▼
Tá aos óg an bhaile seo ródhícheallach ar fad. Meas tú nach bhfuil na máithreachaí bainte amach as bun an chlaí sin thíos acu ag caitheamh cloich neart leo. Níl breathnú siar ar bith acu a raibh d'anró ormsa ag déanamh an chlaí sin
Is diabhaltaí dícheallach an mhaise dhuit é. Cé a d'iarr ort a dhul ag déanamh cocaí den fhéar sin. Ní chuimhneofá go deo gur mó atá tú a mhilleadh ná a leasú. Má tá an oiread sin saint oibre ort, srathraigh an t-asal agus téirigh 'na phortaigh
Breá nach mbreathnaíonn tú romhat! Chuir tú suas na clocha sin nó gur mhill tú a raibh déanta agam féin. Níl ansin ach athobair anois. Tá tú ródhícheallach ar fad. Níl aon duine ag iarraidh do ghnaithí ort
Tá an cat mara críochnaithe ar na gasúir, tá siad chomh dícheallach sin. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú scaití. Ní fhéadfaidís foras a dhéanamh ala an chloig ach ag déanamh rud eicínt
Thug mé liom siar sa gceapaichín oinniúin sin thiar é tráthnóna nó go nglanainn í. B'éigean dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na hoinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom, ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha sa mullach aige! Sin é atá dícheallach agat!
b.
dúthrachtach; treallúsach; líofa chuig saothar; díocasach.
+
Tá sé sách dícheallach, ach ní moltar a shaothar scaití ina dhiaidh sin! Cuireadh amach ag baint máilín soip do na beithígh sa ngarraí sin thíos aréir é ach ba mhó na dasachaí ná an sop a bhí sa máilín ag teacht abhaile aige!
Fear an-dícheallach é. Is deacair a sháith oibre a thabhairt dó. Ach ní hé thairis sin de chuma a chuireas sé uirthi scaití. Sách maolscríobach a ghníos sé í
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé an-dícheallach ag obair. Dhéanfadh sé an oiread le triúr nuair a thosaíos sé. Dheamhan tuirse ar bith a bhíos air. Ar ndóigh chuaigh fír na maitheasa ann in am
Is dícheallach an bhean í. Ní fhágann sí cathaoir ná stól ná soitheach sa teach nach sciúrann sí chuile lá dhá n-éiríonn uirthi. Agus d'íosfá do bhéilí den urlár atá aici. Bíonn sé chomh glan le criostal. Agus ní fhágann sí a gort ná a garraí ar deireadh ach oiread
Cén chaoi a bhféadann sé a bheith chomh dícheallach sin. Blíonn sé na beithígh, tarraingíonn sé cupla aistir uisce, gearrann sé cuid muc, agus is minic a ghníos sé an maistreadh théis a lae oibre
·
Tá sé an-dícheallach agus a dhul ag an damhsa energetic

Féach freisin

dícheallach in iontrálacha eile (2)

 
dálta
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort, ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir s'againne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
 
droim
Níl aon drogall aici sin roimh an gcliabh. Bean dícheallach í. Ach ar ndóigh, 'sé moladh na mná óige an droim a bheith fliuch aici, adeir siad