Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déantús, déanamh, déanta
ainm-fhocal, fireann
baintear leas as i gcomhnaí le maitheas
Tá na trí leagan ann, ach is minice déantús ná déanamh ná déanta i gcaint
cumas, déanamh, fuinneamh, fonn, luighe le, luighteamas, fír, claonadh, díocas gabhthach le obair nó le saothar, teacht aniar, miotal na h-oibre, caondúthracht.
a.
+
Scread chasta air agad! Ní leigfinn isteach in mo gharrdha chor ar bith é. Níl aon-déantús maitheasa ann, seachas aon-duine a chonnaic mé ariamh
Ba deacair dhó aon-déantús maitheasa a bheith ann, mar sin é an tóigeál a fuair sé. Bhí a athair féin amhlaidh. Ní dhéanfadh sé smeach ó mhaidin go faoithin, dhá bhfaghadh sé duine ar bith len a dhéanamh ar a shon. Ach d'imigh an saoghal sin a bhfuighfí daoine in a n-amadáin. An té a ghabhas ar a shlainte anois, ní mian leis gan a luach a fháil, agus tá an ceart aige
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhágfaidh an "dole" sin déantús maitheasa ar bith ins an aos óg. Duine ar bith aca a bhfuil aon-traidhfilín (trifleeen) dó, níl aon-tsástaigheacht air a dhul ag obair. Is fearr leis an díomhaointeas 'fhad agus a bhéas luach tobac aige agus luach céilidhe ins an oíche Dé Domhnaigh. Sháruigh sé gach agus a dtáinig amach ariamh, feicthear dhomsa. Seo é an saoghal ar chuma ar bith a bhfuil na daoine ag fáil a mbeatha ó Neamh
Cé'n chaoi a bhféadfadh aon-déantús maitheasa a bheith ann, nuair nachar cuireadh fír na m[aith]easa ann an uair a bhí a cur ann. Ach níor cuireadh. An iomarca truaigh[e.] 'Sí an pheataidheacht sin a d'fhága é ins an gcruth a bhfuil sé, gan maith ga[n] maoin
·
Níl aon-déantús maitheasa ann (/d′īɴtəs/) (Spidéal)
Togha fear oibre a bhí ann ach ní raibh aon-déantas (/d′īɴtəs/) maitheasa ann in a ghnatha féin = ní raibh aon-mhaith ann san obair a bhí sé a dhéanamh; ní raibh aon-ghus na aon-dul chun cínn ann len a chuid cúrsaí féin; ní raibh sé barainneach
·
Dhá mbeadh déanamh maitheasa ann, ní ag mháinneáil (fáinneáil?) thart annsin ar feadh an lae a bheadh sé agus a gharrdha thart cheal glantacháin. Fuair sé an saoghal ro-leisceamhail ins an am a chuaidh thart; gan call dó buille ar bith a dhéanamh 'nuair a bhí lán tighe aca ann. Ach bainfear siar as é anois, ó tá sé in a aonraic
An té nach bhfuil déanamh na maitheasa ann, is beag an ghnatha atá aige annsiúd. Siúd é an áit a mbeidh a fhios cé hé searrach na deagh-lárach. Dhea[mhan] triúr ar do bhaile a sheasfadh ann uair an chluig
·
Dhá mbeadh déanta maitheasa ann, ní ag imeacht ina liúiste (leoiste) ar chnocáin a bheadh sé, agus a athair bocht agus gan siubhal an bhealaigh ann le neart sclábhaidheachta
b.
·
Déantas na fírinne leat níl a fhios agam cé adúirt é = (de) déanta na fírinne (Spidéal)
Déantas na fírinne níor leag mise súil ar an bhfear ariamh agus níl a fhios agam cén sórt srón atá air — leisce na bréige — ach léar (de réir) mar chloisim an dream seo a chonnaic é ag rá

Déantús in iontrálacha eile (4)

 
Níor rugadh ariamh aon-fheithideach is díomhaoinighe ná is lugha déantús maitheasa ná é. Chuirfeadh sé an ghráin chríochnuighthe ort ag breathnú air sa ngarrdha.
 
dóigh 3
Ara níl déantús maitheasa ar bith in ioscadaí dóighte siud. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a luirgne chois na teine
 
dóirt
Tá déantús maitheasa in a bhean, ach cé'n mhaith sin, má imigheann sí ó na cuid oibre le staiceamhlacht, agus gan í leath-dhéanta aice. Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne
 
Is diabhaltaí an dubhachan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé cho maith dhom a rádh nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndeárna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur búan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach 'ar ndú' níl déantús maitheasa ar bith ins an scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléaracht!