Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déantús, déanamh, déanta
ainmfhocal, fireann
baintear leas as i gcónaí le maitheas
tá na trí leagan ann, ach is minice déantúsdéanamhdéanta i gcaint
 cumas, déanamh, fuinneamh, fonn, luí le, luiteamas, fír, claonadh, díocas, gafach le obair nó le saothar, teacht aniar, miotal na hoibre, caoindúthracht.
a.
+
Scread chasta air agat! Ní ligfinn isteach in mo gharraí chor ar bith é. Níl aon déantús maitheasa ann, seachas aon duine a chonaic mé ariamh
Ba deacair dhó aon déantús maitheasa a bheith ann, mar sin é an tógáil a fuair sé. Bhí a athair féin amhlaidh. Ní dhéanfadh sé smeach ó mhaidin go faoithin dhá bhfaigheadh sé duine ar bith lena dhéanamh ar a shon. Ach d'imigh an saol sin a bhfaighfí daoine ina n-amadáin. An té a ghabhas ar a shláinte anois, ní mian leis gan a luach a fháil, agus tá an ceart aige
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhágfaidh an dole sin déantús maitheasa ar bith san aos óg. Duine ar bith acu a bhfuil aon traidhfilín dó, níl aon tsástaíocht air a dhul ag obair. Is fearr leis an díomhaointeas fhad is a bheas luach tobac aige agus luach céilí san oíche Dé Domhnaigh. Sháraigh sé gach is a dtáinig amach ariamh, feictear dhomsa. Seo é an saol ar chuma ar bith a bhfuil na daoine ag fáil a mbeatha ó neamh
Cén chaoi a bhféadfadh aon déantús maitheasa a bheith ann, nuair nár cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí a cur ann. Ach níor cuireadh. An iomarca trua. 'Sí an pheataíocht sin a d'fhága é sa gcruth a bhfuil sé, gan maith gan maoin
·
Níl aon déantús maitheasa ann (/d′īɴtəs/, Spidéal)
Togha fear oibre a bhí ann ach ní raibh aon déantas (/d′īɴtəs/) maitheasa ann ina ghnaithe féin — ní raibh aon mhaith ann san obair a bhí sé a dhéanamh; ní raibh aon ghus ná aon dul chun cinn ann lena chuid cúrsaí féin; ní raibh sé barainneach
·
Dhá mbeadh déanamh maitheasa ann, ní ag mháinneáil (fáinneáil?) thart ansin ar feadh an lae a bheadh sé agus a gharraí thart cheal glantacháin. Fuair sé an saol róleisciúil san am a chuaigh thart; gan call dó buille ar bith a dhéanamh nuair a bhí lán tí acu ann. Ach bainfear siar as é anois ó tá sé ina aonraic
An té nach bhfuil déanamh na maitheasa ann, is beag an ghnaithe atá aige ansiúd. Siúd é an áit a mbeidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach. Dheamhan triúr ar do bhaile a sheasfadh ann uair an chloig
·
Dhá mbeadh déanta maitheasa ann, ní ag imeacht ina liúiste (leoiste) ar chnocáin a bheadh sé agus a athair bocht agus gan siúl an bhealaigh ann le neart sclábhaíochta
b.
·
Déantas na fírinne leat níl a fhios agam cé adúirt é — (de) déanta na fírinne (Spidéal)
Déantas na fírinne níor leag mise súil ar an bhfear ariamh agus níl a fhios agam cén sórt srón atá air — leisce na bréige — ach léar (de réir) mar a chloisim an dream seo a chonaic é ag rá

déantús in iontrálacha eile (5)

 
Níor rugadh ariamh aon fheithideach is díomhaoiní ná is lú déantús maitheasa ná é. Chuirfeadh sé an ghráin chríochnaithe ort ag breathnú air sa ngarraí.
 
dóigh 3
Ara níl déantús maitheasa ar bith ina ioscadaí dóite siod. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a loirgne chois na tine
 
dóirt
Tá déantús maitheasa ina bhean, ach cén mhaith sin, má imíonn sí óna cuid oibre le staiciúlacht, agus gan í leathdhéanta aici. Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne
 
Is diabhaltaí an dúchan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé chomh maith dhom a rá nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndearna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur buan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach ar ndóigh níl déantús maitheasa ar bith sa scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléireacht!
 
Ní cheannóinn an capall sin chor ar bith. Cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat: is gearr a bheas déantús maitheasa ar bith sa gcapall sin, agus sin é an fáth go bhfuil sé ag iarraidh a cur uaidh. Níl néal ar bith air sin. Nach bhfeiceann tú í ag dul amach ar fad as na guailní. Tá sí caite i ndiaidh a mullaigh uileag anois. Is beag an dochar di agus na hualaigh a chuireadh sé uirthi