fóidín
—fc. fód
1.
·
Thosuigh mé inniu (ag baint móna). Beidh mé ag baint fóidín asti anois de réir mo láimhe
"Fóidín isteach: fóidín amach: tá Sorcha ag teacht leis an dínnéar" = fear adúirt, a raibh meitheal aige ag scaradh móna
2.
Fóidín baic (fc. fód ar baic) = (i) dhá mbeadh talamh bán agad a bheitheá le chur, agus gan aon-leasú a bheith air, agus é a tharraint amach in a iomrachaí le dorú: ciúiseannaí gach iomaire a shioscadh agus feirbín beag nó fóidín a chasadh ar éigin leis an láighe orra go mbeadh comhraíocht iomaire agus boird agad: sin fóidín baic. (ii) tugtar freisin é — agus is air is mó a tugtar anois é — ar na leath bhoird a chastar ar na hiomrachaí i dtalamh bán bíodh an leasú ar an bhfód nó na bíodh
+–
Tá sé ag casadh fóidín baic inniu = ag casadh isteach na mbóird leis an láighe gan na clascannaí a chur amach. Dhéantaí go dtí le goirid é le talamh idtús bliana
Ní fhaca mé aon-fhear ariamh a chinnfeadh air ag casadh baic (fóidín baic)
TUILLEADH (2) ▼
Chaith an bheirt an lá a choimhlinnt (ag coimhlinnt) le chéile ag casadh fóidín baic. Má bhí fhéin dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar aca ar a chéile
Cas thusa an fóidín baic, agus cuirfidh mise isteach na clascannaí
3.
·
Fóidín na hAille, Fóidín an Bhóthair, An Fóidín (ainmneachaí garrantaí. Níl mórán doimhneacht san gcréafóig ionta. Tá réimeanna den leic fútha)
4.
+–
Tháinig fóidín mearadh orm, agus dhá mbeinn ag dul síos agus suas choichín ann, amach as ní thiocfainn = ciméar a bhuaileas daoine in áiteacha, agus tosaíonn siad ag dul amú, agus ní bhíonn siad indon eolas a dhéanamh. Tugtar "stray sod" air i mBéarla na hÉireann
Bhí fóidín mearadh san áit chéanna ariamh. Dheamhan duine dhá bhfaca mé ag teacht amach as ó a rugadh mé nach bhfeicfinn a chaipín taobh bun as cionn air = deirtear go n-imeóidh an fóidín mearadh dhíot, ach ball eicínt de do chuid éadaigh a ionntú amach
TUILLEADH (5) ▼
Ba deas mé i lár Shráid na Siopaí (inGaillimh) agus mo hata iompuithe amach. M'anam nach fóidín meara a bheadh orm annsin ach go ndéarfaí gur imithe as Béal Átha na Sluaighe a bheinn (as an ngealtlann)
Tháinig fóidín mearadh air = bhuail fóidín mearadh é
Tá fóidín mearadh eicínt ar a cuid beitheach i gcomhnaí, le nach bhfaghann siad garraí ar bith amach ach garraí na comharsan!
Nach diabhlaí an fóidín mearadh atá air, gurb é an teach ósta a gheobhfas sé amach i gcomhnaí, agus nach hé teach an phobail!
Tá fóidín mearadh eicínt ar T. le goirid = fleasc, smál, nó mearúl; tá seafóid nó dícéille ag dul dó
fóidín in iontrálacha eile (20)
→
fothair
Tá féar agus fóthar aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
Ní chasfadh a' diabhal fóidín baic ar na h-íochtair fhliucha údaidh. Tá siad in a gcíb ar éigin as éadan. Fhobair mé feac a bhriseadh leo(b) indiu.
→
cóisir
Badh mhór a' chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus (d)ar ndú (ndóigh) mo léan, bhí J. i dtosach cóisreach. Dheamhan gna(ithe) a dhéanfaidhe dhá uireasbha.
→
bealach
Ní bhfuighinn eolus a' bhealaigh, dhá mbeinn ann ó shoin. Chaithfeadh sé gur bhain fóidín mearadh, nó mearbhall eicínt dom, nach raibh treoruidheacht thairis sin ionnam.
→
curásach
Ní bhuachfa (bhuaidhfe) aon-duine mórán ar a bhfuil de choirce inGarrdha an Fhóidín, imbliadhna arae tá curásach déanta aige as cnáimh-éadain.
Bhí fóidín mearadh nó ciméar eicínt orm, mar chaith mé an oidhche ag (dh)ul síos a's suas, a's é 'cinnt orm a' bóthar a dhéanamh amach.
→
iomaire
Ag casadh fóidín baic ar an iomaire a bhí sé = talamh bán nó bran(t)ra, gan aon-leasú ach a bheadh roinnte amach in' iomrachaí agus casfaidhe fód nó sgrath le láighe air.
+
→
fód
Casann tú an fóidín baic ar fhataí atá tú a chur ar an bhfód. Fód boird é má tá leasú ann. Sin é adéarfainnse ar chaoi ar bith (dúirt fear é seo liom, ach níl an t-idirdhealú seo ann níos mó)
TUILLEADH (4) ▼
D'fhan sé as fóidín an mhíádh, agus bhí an tseamair Mhuire aige gur fhan
Fan amach as an teach malluithe sin. B'iomdha duine a raibh sé sin in a fhóidín an mhíádh dó. Sé a chuir P. Sh. féin ag caitheamh na miotán
Ba é Meiriocá fóidín an ádh dhó ar chaoi ar bith (fód an t-ádh: an tsáith? adeirtear go minic) = d'eirigh an saol leis ann
M'anam gurb é an baile sin fóidín an ádh di. Ó a rinne sí taithí ann, tá sruth agus gaoth léithe. Meastú dhá bhfanaíodh sí san áit a raibh sí, an mbeadh mórán dhá bharr aice?
→
daibéad
Níl sé sásta mar mbeidh 'chuile spreab de'n fhóidín baic in a dhaibéid mhóra millteacha aige. Chinnfeadh air fóide deasa slachtara a ionntú. Is cuma leis ins an tubaiste é ach é a bheith casta
→
danra
M'anam má tá tú ag mianadóireacht ins an ngarrdha P. go bhfuil do sháith de'n tsaoghal agad. An bhfuil sé cho dan(d)ra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nar chinn sé orainn. Bhí na láigheanntaí ag lúbadh ann le teann fórsa
Daoirsigheann an mhóin taca an ama seo 'chuile bhliain. An uair a theangmhuigheas cruadhas an Mhárta le na sean-ágóideacha níl déanamh d'fhuireasbhaidh an fhóidín móna aca. Is maith leo na luirgne a bhreacadh go maith — scadáin a chuir ionnta — le faitíos nach mbéarfaidís ar bhliain eile!
+
→
deis
Chaith mé lá ag casadh fóidín baice in aghaidh mo dheise do J. annsin thíos. Mara gcasainn mar sin é, chaithfeadh seisean an chlaise a chur isteach in aghaidh deise, agus ó a bhí sé in a shean-fhear ba mhór liom a dhul ag fiachadh air.
TUILLEADH (1) ▼
Féadfamuid a dhul ag baint fóidín aiste (ag baint mhóna) lá ar bith feasta. Tá muid ar a' (ar) ndeis aige
→
dreas 2
Seo í anois an aimsir nach mbeidh i bhfad ag cur dreas' ar an bhfóidín móna. Má fhaghann sí coicís dhe seo, beidh sí in a barrach
→
droim
Mara bhfuil mearbhall mór ormsa a mhic Uí Ch. sin gaoth atá ag eirghe de dhruim sneachta. Tapuigh an portach agus is cuma dhuit ins an diabhal cé'n chaoi a dtiocfaidh an uair annsin. Ach mara mbeidh an fóidín móna istigh agad le do luirgne a bhreacadh, is fear in an-chaoi thú annsin, deirimse leat