fóinteach; fóintiúil
—/fūɴ′t′ax/
—Aidiacht: fóinteach is coitianta, ach deirtear fóintiúil freisin, agus is é adeirtear uilig in áiteacha .i. Árainn. Níl "fónta" ann.
—Fuaim ú ar ó sna focla seo ar fad.
—
+–
Is fóinteach an rud álmanaic a bheith idteach. Bheadh a fhios ag duine cén áit a mbíonn aontaigh fhéin
B'fhóintí go mór duit píopa cailce a cheannacht agus gan bacadh leis an bpíopa maide sin. Deir siad gur folláine é, ar aon-chor
TUILLEADH (5) ▼
Is fóintiúil an rud siopa a bheith ag béal an dorais agad. Níl agad ach rith amach i gcomhnaí, má theastaíonn aon-cheo uait
Rud fóinteach í "watch" a bheith in do phóca, thar agus a bheith ag rith ag iarraidh an am ar dhuine eicínt
Duine fóinteach é B. le bheith ag áirneán agad. Deasóidh sé bróga agus ciseóga, agus má siad na stocaí fhéin iad, meastú nach bhfuil sé indon lúib a thógáil orra.
Mara bhfuil rud ar bith níos fóintí le déanamh aige anois, ach a dhul ag cur chrainnte, is fánach an fear é. Caitheann sé an geimhreadh chuile bhliain ar an gcipiléaracht sin, agus ní bhíonn sop sean-leasú amuigh aige, ach a dteagann Earrach. Mo chreach é.
Is obair fhóinteach atá air sin = obair riachtanach; obair a fhónas do dhaoine eile freisin