fóinteach, fóintiúil
—/fūɴ′t′ax/
—aidiacht: fóinteach is coitianta, ach deirtear fóintiúil freisin, agus is é adeirtear uilig in áiteacha .i. Árainn. Níl "fónta" ann.
—fuaim ú ar ó sna focla seo ar fad
—
+–
Is fóinteach an rud almanac a bheith i dteach. Bheadh a fhios ag duine cén áit a mbíonn aontaí fhéin
B'fhóintí go mór duit píopa cailce a cheannacht agus gan bacadh leis an bpíopa maide sin. Deir siad gur folláine é ar aon chor
TUILLEADH (5) ▼
Is fóintiúil an rud siopa a bheith ag béal an dorais agat. Níl agat ach rith amach i gcónaí má theastaíonn aon cheo uait
Rud fóinteach í watch a bheith in do phóca thar is a bheith ag rith ag iarraidh an am ar dhuine eicínt
Duine fóinteach é B. le bheith ag airneán agat. Deasóidh sé bróga agus ciseoga, agus más iad na stocaí fhéin iad, meas tú nach bhfuil sé in ann lúib a thógáil orthu.
Mura bhfuil rud ar bith níos fóintí le déanamh aige anois, ach a dhul ag cur chrainnte, is fánach an fear é. Caitheann sé an geimhreadh chuile bhliain ar an gcipiléireacht sin, agus ní bhíonn sop seanleasú amuigh aige ach a dteagann earrach. Mo chreach é.
Is obair fhóinteach atá air sin — obair riachtanach; obair a fhónas do dhaoine eile freisin
fóinteach in iontrálacha eile (3)
→
deoladh
B'fhóinteach a tháinig an deoladh sin féin théis an lagair. D'fhéad muid beagán siúil a chur uirthi isteach. Bhí muid amuigh leath cuain agus é ina chalm críochnaithe orainn. Dheamhan fleaim as aer a bhí sa seol
→
dos
Níl teach ar bith roimhe seo nach mbíodh creangadán ansin ann ar thaobh na tine, le éadach a chrochadh air. Den dos mór a ghnídís é. A thabhairt isteach agus é a thriomú nó go stálaíodh sé. Bheadh sé sin an uair sin chomh righin le gad. Ní fheicfeá aon teach in do shiúl ionsaí nach mbeadh ceann ann. Tá agus fós i chuile cheann de na seantithe, ach níl siad sna tithe nua. Ach níl tada sna tithe nua. Tá na crosógaí Bríde fhéin caite in aer acu. B'fhóinteach iad na creangadáin dar mo choinsias, ach tá daoine róleitheadach, róghalánta anois le bacadh le rudaí den tsórt sin