Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fóiséad
Ainmfhocal, Fireann
Geiniúnach Uathaidh agus Ainmneach Iolraidh: fóiséid.
# cineál coic nó "funnel" a bhíos ag lucht an phoitín. Giota cruinn adhmaid é mar a bheadh píosa de mhaide, ceathair nó cúig d'orlaigh ar airde, agus cupla orlach ar tiughas. Bíonn poll srathra tollta ann. Cuirtear síos é san bpoll coirc a bhíos ar uachtar an cheaig agus taosctar an poitín isteach nó amach as a bhéal i soitheach eicínt eile. Is le gan an poitín a dhóirteadh atá sé dar ndóigh. D'fhóinfeadh sé freisin le ola lampa a chur i lampa, nó le lacht a chur thríd fhiodán chaol ar bith. Ní bhíonn sé ag na hóstóirí measaim.