—
cineál coic nó funnel a bhíos ag lucht an phoitín. Giota cruinn adhmaid é mar a bheadh píosa de mhaide, ceathair nó cúig d'orlaigh ar airde, agus cupla orlach ar tiús. Bíonn poll srathra tollta ann. Cuirtear síos é sa bpoll coirc a bhíos ar uachtar an cheaig agus taosctar an poitín isteach nó amach as a bhéal i soitheach eicínt eile. Is le gan an poitín a dhóirteadh atá sé dar ndóigh. D'fhónfadh sé freisin le ola lampa a chur i lampa nó le lacht a chur thríd fheadán chaol ar bith. Ní bhíonn sé ag na hóstóirí measaim.