Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fórsa
Ainmfhocal; Fireann
neart; spreacadh; teannadh; láidreacht, corpneirt, stró, iarrachta etc.
+
Cuirfidh sé an dúradán dubh atá ar íochtar a phutóige amach le teann fórsa oibre
Shníomh sé é fhéin le teann fórsa
TUILLEADH (2) ▼
Bhain an fharraige an chloch sin le teann fórsa
Chuir sé an capall isteach an doras le fórsa. Ach má chuir bhris sé a hasnachaí. Sin é a raibh de bharr a chuid uafáis aige

Fórsa in iontrálacha eile (4)

 
Dhá mbeadh sé cho daingean ann i dtalamh le Carraig an Mh., bhainfidís siúd í le teann fórsa. 'Siad a bheadh deas air!
 
danra
M'anam má tá tú ag mianadóireacht ins an ngarrdha P. go bhfuil do sháith de'n tsaoghal agad. An bhfuil sé cho dan(d)ra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nar chinn sé orainn. Bhí na láigheanntaí ag lúbadh ann le teann fórsa
 
diúl
Bhí sé ag strócadh ag iarraidh cead diúil. Le teann fórsa a coinnigheadh uaithe é
 
Chuir sé an dubhradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach le teann fórsa oibre = chuir sé a sceadamán nó a lúth amach le díocas oibre