fórsa
—ainmfhocal, fireann
—
neart; spreacadh; teannadh; láidreacht, corpnirt, stró, iarrachta srl.
+–
Cuirfidh sé an dúradán dubh atá ar íochtar a phutóige amach le teann fórsa oibre
Shníomh sé é fhéin le teann fórsa
TUILLEADH (2) ▼
Bhain an fharraige an chloch sin le teann fórsa
Chuir sé an capall isteach an doras le fórsa. Ach má chuir, bhris sé a heasnachaí. Sin é a raibh de bharr a chuid uafáis aige
fórsa in iontrálacha eile (4)
→
danra
M'anam má tá tú ag mianadóireacht sa ngarraí P. go bhfuil do sháith den tsaol agat. An bhfuil sé chomh danra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nár chinn sé orainn. Bhí na lántaí ag lúbadh ann le teann fórsa
→
dúradán
Chuir sé an dúradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach le teann fórsa oibre — chuir sé a sceadamán nó a lúth amach le díocas oibre
→
daingean
Dhá mbeadh sé chomh daingean ann i dtalamh le Carraig an Mh., bhainfidís siúd í le teann fórsa. 'Siad a bheadh deas air!