Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Glan-ascartha (glan-ascarthach)
glan; gan scríobadh; gan tangachtáil; gan a thoidheacht salach; imtheacht d'aon-iarraidh, de ghort a gharta; imtheacht faoi shiubhal.
+
Chuaidh sé glan-ascartha thar a 'gclaidhe = ghlan sé é gan scríobadh ná tangachtáil lena bharr.
Ghlan sé an díoga de léim ghlan-ascartha.
TUILLEADH (5) ▼
Tháinic sé glan-ascartha ar a' móinín bán, de'n bhus.
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul glan-ascartha amach as a' gcurra(igh) ar a' gcarraig, agus fanacht annsin, go dteagadh cabhair.
Ar a' dá luath a's ar airigh mé an scafall a' sníomh fúm, thug mé léim ghlan-ascartha anonn, agus d'eirigh dia liom gur rug mé ar a' bpíopa — is maith a chuaidh mé as, nar marbhuigheadh mé. Bhí Dia in m'fhabhar.
Tháinic sé orm de ghort a' gharta, agus chaith sé glan-ascartha amach ar a' tsráid mé.
Is beag a' tolgán a fuair sé breith in a ghabhail air, agus é chaith(eamh) glan-ascartha anonn thar an trínnse.
+
D'imthigh leis, (ghread leis etc.) glan-ascartha abhaile = d'imthigh sé faoi shiubhal abhaile.
Níor chomhnuigh sé go ndeacha sé glan-ascartha 'na thighe, agus gur ionnsuigh sé istigh ar leic a' teallaigh é.
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé suas, glan-ascartha gan méir a bhaint dhá shrón go Bol-Uisce, gur ól sé feánnach poitín ann, ach ní raibh sé chomh h-ascartha sin a' teacht abhaile! = bhí siubhal aige 'dul ann, ach ní raibh a' teacht ar ais, mar bhí balasta istigh aige.

Féach freisin

Glan-ascartha in iontrálacha eile (3)

 
cleite
Chuir sé triúr póilíos leis fhéin glan-ascartha thar shlat a' droichid, idir chorp, chleite agus sciathán. Cá'il a' té a dhéanfadh anois é?
 
beart
Bhí díoga rompa(b) a's chaith sé an díoga glan-ascartha a's an beart air.
 
Cuireadh amach glan-ascartha sa trinnse é, in áit ar bhain tulán truisle as.