Iarraidh
1.
a.
amugha
+–
Tá'n peann ar iarraidh = tá sé amugha.
Tá'n leabhar sin ar iarraidh orm = ní fhéadaim í a fhághail in aon-áit.
TUILLEADH (5) ▼
Chuaidh an leitir ar iarraidh orm
Ná leig ar iarraidh an leabhar
Seachain an leigfeá do mo pheann a dhul ar iarraidh
B'fhearr ar iarraidh fhéin é ná briste.
Tá geis ar an gcasúr céadna: is ar iarraidh i gcomhnuidhe a bhíos sé nuair a theastuigheas se = tá sé mar bheadh draoidheacht air: ní féidir é a fhaghail agus é ag teastáil.
b.
imthighthe: 'sna somplaí seo agus in a samhail.
+–
Tá a chuid maitheasa ar iarraidh = fear meath-thinn cuirigcás, nach mbeadh aon súil go ndéanfadh sé aon lá maitheasa go h-éag aríst: nach dtiocfadh maith ná biseach air.
Seán: Ar ith an gamhainín na fataí uait, a Thomáis; Tomás: Tá a chuid fataí ar iarraidh (tá sé réidh, ní íosfa sé aon-fhata le na ló aríst)
TUILLEADH (4) ▼
Tá a chuid fuisge ar iarraidh
Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh (ní bheidh sé indon 'dul go Gaillimh go bráthach, bráthach arís)
Tá a chuid portaigh ar iarraidh.
Níor bhain sé aon-mhóin indiu. Sílim go bhfuil a chuid móna ar iarraidh.
2.
buille de dhorn, de mhaide; droch-leagan, bualadh faoi chlaidhe etc.
a.
+–
Thug sé iarraidh de chloich dhom.
Thug sé an iarraidh ó mhaol na gualainn chomh maith in Éirinn agus d'fhéad sé.
TUILLEADH (9) ▼
Tomás: Ba iarraidh mharbhthach í (droch-iarraidh críochnuighthe); Seán: Tabhair iarraidh mharbhthach uirre (badh eadh)
Coinbhigh do chuid iarrantaí agad féin. Níor thuill mise uait iad = ná buail mise agus níor cheart go mbuailfeá, arae níor bhuail mé thú.
Tá iarraidh chéadtach aige = tugann sé buille fíor-láidir trom uaidh.
Tá na h-iarrantaí ann — is faisean leis a bheith ag tabhairt buillí uaidh.
Thug an dream sin na h-iarrantaí abhaile leo — ba dual athar nó sinnsire dóibh a bheith buailteach builleach.
Iarraidh d'ord = buille uird.
Iarraidh de mhaide = buille mhaide.
Cúiteochar na h-iarrantaí sin fós leat = ídeochthar ort iad: gheobha tú iarraidh ar an iarraidh ar ais.
Leig de do chuid iarrantaí ormsa = ná buail aon-bhuille orm níos mó.
b.
·
Is maith an iarraidh í sin = buille nó sáithteán cainnte.
3.
D'aon-iarraidh = de phlimp, de sgiotán, de thoirt.
+–
Bhuailfeadh sé mé d'aon-iarraidh marach go raibh congnamh agam = ar an bpuinnte, ar an toirt.
Ná h-éist chor ar bith leis, ach buail é d'aon-iarraidh = ná bíodh foighid ar bith agad, ach buai[l] ar an bpuinnte.
TUILLEADH (6) ▼
D'imthigh sé d'aon-iarraidh = ar an toirt, gan comhnuidhe ar bith a dhéanamh.
Sgríobhfa mé amach duit é d'aon-iarraidh = ar an bpuinnte boise. (B'fhéidir nach anois, ach chomh luath agus a chuirfinn rómham é a dhéanamh)
Ní raibh ann ach go raibh sé tosuighe agus bhí sé déanta aige d'aon-iarraidh.
Is ait uaidh obair a dhéanamh d'aon-iarraidh
Breagh nach ndéanann tú é d'aon-iarraidh anois, agus gan a bheith dhá chur ar an méir is fuide.
Mura dtapuighe tú do ghnaithe d'aon-iarra anois, beidh aithmhéala ort = mura gcuire tú crudh in a thosach agus do chuid oibre a dheanamh ar an toirt anois, ní bheidh tú buidheach dhuit féin aríst.
4.
·
Tá iarraidh fuisce críochnuighthe i mBol Uisce = "turn", poitín.
Beidh muid ag déanamh iarraidh (iarrtha) an tseachtmhain seo chugainn
Iarraidh in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Ag iarraidh faitiais a chuir orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scillige cainte ó shoin
→
feanc
Chaith mé leathuair ag iarraidh é a chorraí, ach chinn orm feanc a bhaint as = cor; filleadh ná feacadh a bhaint as
+
→
fearacht
Ní raibh sé m'fhearacht-sa ariamh. Bhí sé indon imeacht. Tá sé de shonndacht annsin a chuid a iarraidh ar aon-nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chuthal
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tuagh annseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh, agus níor thug sé ar ais í = ar nós an scéil a hinnsíodh goirid ó shoin (roimhe sin san gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais (is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraíthear "fearacht an scéil ar ball" mar sheóraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing", "no more than a story", ("ach an oiread le rud", "ach an oiread le scéal")
→
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
+
→
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thiúrfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (9) ▼
Gabhfaidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin = rachaidh mé indiaidh mo chinn romham, go bhfeice mé céard atá ag an saol indán dom; buailfidh mé faoin saol; imeóidh mé go dtí áit eicínt eile ag obair etc. (seoraí sna scéalta é, ach tá sé san gcaint thairis sin)
Imeóidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin sílim. Tá mé sách fada annseo anois, agus beagán dhá bharr agam. Tiúrfaidh mé Sasana orm féin
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé san mbaile aríst agus a leath-sciathán briste
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana cho maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid aca
Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aonduine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nachar innis tú bolg bréaga dhó?
Bhí sé ag iarraidh fios faoin teach nua seo thíos, cé a bhí ann, agu cé 'mba leis é
Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise. Dheamhan faice a leig mise leis
Bhí sé ag iarraidh fios a bhaint asam faoin gcóta = ag iarraidh chur faoi ndeara dhom innseacht faoin gcóta
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iadhadh air ach ag maoidheachtáil leis. Is maith glan a choinneós sé fhéin as chuile thromásc, pé aca sin é
+
→
focal
Ag iarraidh a bheith ag gabhail an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhrath sé nachar thaithnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirbhshiúrachaí a raibh d'éadach san teach leo, tharéis na sochraide. Chuir sé luighe eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Len a níochán, agus ní len a choinneál a thug siad leó é. Nach tráthúil! Breá nachar nigh siad é san áit a raibh sé?
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur beag nach ndeachaidh an sciorradh focail daor air. Ní fuláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
Níl aon-ghnatha ag aon-dhuine an bhean sin a iarraidh. Tá sí i bhfocal cheana = tá sí le pósadh le fear áirid
→
fothair
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn, agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhuide. "Gabhfaidh mise isteach annseo ag iarraidh cannda aráin", adeir S. Ní raibh mise indon a dhul isteach ann. Bhí tuitim feóir ionam leis an ocras.
→
framsáil
Sin an-údar asail. Níl agad ach a chur faoin gcarr agus tosóidh air ag pramsáil ar an toirt ag iarraidh bóthar a thabhairt dó.
→
freagair
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann, ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Teirigh tusa in a éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit leigean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
→
froigisí
Ní thaithníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is fruigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae, gan biodáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
Thosaigh sé ag fuiléimneach ar fud an tí, le teann taighd. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
+
→
fág
Níor fhága sé an tír. Tá sé san teach in áit eicínt = rud a bheithí a thóraíocht agus é ar iarraidh
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
+
→
fáinne
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dheárthair mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar "fair play". Ara ag magadh faoi a bhí muid
→
fálach
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amáireach faitíos na fálach. Mara mbeidh t'ainm istigh agad Dé Céadaoin, dheamhan sdriog a gheobhas tú = ar fhaitíos go dtárlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé indon a dhul chuig an mbeairic len a ainm a chlárú
+
→
fánach
Tá sé fánach aige a bheith ag iarraidh a dhéanamh = is saothar in aisce dhó é, a bheith ag iarraidh a dhéanamh; ní eireóidh leis
TUILLEADH (1) ▼
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine aca faoi rádh's go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín "dole" sin orra … Ionntóidh cléireach anall chugad go fánach, agus an tsíorraíocht caithe agad ag fanacht. "'Ar ndú' ní ag iarraidh "dole" atá fear luath láidir mar thusa" adéarfas sé de ghlan-Bhéarla … Go bhfoire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl "aon-bhail ó Dhia" annsiúd
→
fíbín
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag leigean uisce isteach. Feacha dhá dheoch annsin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
→
fíóg
Tá na híochtair annsiúd faoi fhíógaí móra millteacha. An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
An bhfaca tú aonduine cho mór-fhoclach léithe ó a rugadh thú? "Cailleadh sé bhudóig bhreá ar Sheán anuiridh le ceathrú ghorm". Cén uair a bhí sé bhudóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó indáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
Níl mé ag iarraidh do chuid cabaireachta beag ná mór. Marar mian leat a' méid sin de shoighleas a dhéanamh dhom, ná bac leis. Déanfa mé cúis mhaith de t'uireasbha.
→
caidéis
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
→
carcair
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag iarraidh feannc' a bhaint as binn shléibhe le aon-fheannc a bhaint as a' gcarcair siúd. Tá sé in aon-lota amháin.
+
→
ceal 1
Mara bhfuil bean aige muis, ní cheal a shaothruighthe é. Tá'n tír tóruighthe aige, ag iarraidh mná.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhféada sé achrann a tharraingt, ní cheal a shaothruighthe é. Dheamhan iabh a tháinic ar a bhéal i gcaitheamh na h-oidhche, ach ag iarraidh an cúpla seo thíos, a shaghdadh. Ach 'níor eirigh an t-ól i stuaic na mbacach' fós.
→
cinnire
Dhá mbeadh aon-stuaim sa gcinnire, ní imtheochadh sí d'aon-iarraidh mar rinne sí, ach ní raibh.
Má theighim ag iarraidh fear fánaighe, dar mo choinsias, ní hé an cipiléirín sin a bhéarfas mé liom.
→
cliar
Tá sé tinn criotánach a's cliar ann i gcomhnuidhe. 'Sé mo mheas, go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
Is beag a' ghna(ithe) atá aige a dhul i dtréim leis a' gclifeartach siúd. Dhéanfad sé cuailín cnámh dhó d'aon-iarraidh amháin.