Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
iarraidh
1.
a.
amú.
+
Tá an peann ar iarraidh — tá sé amú
Tá an leabhar sin ar iarraidh orm — ní fhéadaim í a fháil in aon áit
TUILLEADH (5) ▼
Chuaigh an litir ar iarraidh orm
Ná lig ar iarraidh an leabhar
Seachain an ligfeá do mo pheann a dhul ar iarraidh
B'fhearr ar iarraidh fhéin é ná briste.
Tá geis ar an gcasúr céanna: is ar iarraidh i gcónaí a bhíos sé nuair a theastaíos se — tá sé mar a bheadh draíocht air: ní féidir é a fháil agus é ag teastáil
b.
imithe (sna samplaí seo agus ina samhail).
+
Tá a chuid maitheasa ar iarraidh — fear meath-thinn cuir i gcás, nach mbeadh aon súil go ndéanfadh sé aon lá maitheasa go héag aríst: nach dtiocfadh maith ná biseach air
Seán: Ar ith an gamhainín na fataí uait, a Thomáis; Tomás: Tá a chuid fataí ar iarraidh (tá sé réidh, ní íosfaidh sé aon fhata lena ló aríst)
TUILLEADH (4) ▼
Tá a chuid fuisce ar iarraidh
Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh (ní bheidh sé in ann dul go Gaillimh go brách, brách arís)
Tá a chuid portaigh ar iarraidh
Níor bhain sé aon mhóin inniu. Sílim go bhfuil a chuid móna ar iarraidh
2.
buille de dhorn, de mhaide; drochleagan, bualadh faoi chlaí srl.
a.
+
Thug sé iarraidh de chloich dhom
Thug sé an iarraidh ó mhaol na gualainn chomh maith in Éirinn agus a d'fhéad sé
TUILLEADH (9) ▼
Tomás: Ba iarraidh mharfach í (drochiarraidh críochnaithe); Seán: Tabhair iarraidh mharfach uirthi (ba ea)
Coinnigh do chuid iarrantaí agat féin. Níor thuill mise uait iad — ná buail mise agus níor cheart go mbuailfeá, arae níor bhuail mé thú
Tá iarraidh chéatach aige — tugann sé buille fíorláidir trom uaidh
Tá na hiarrantaí ann — is faisean leis a bheith ag tabhairt buillí uaidh
Thug an dream sin na hiarrantaí abhaile leo — ba dual athar nó sinsire dóibh a bheith buailteach builleach
Iarraidh d'ord — buille oird
Iarraidh de mhaide — buille mhaide
Cúiteofar na hiarrantaí sin fós leat — ídeofar ort iad: gheobhaidh tú iarraidh ar an iarraidh ar ais
Lig de do chuid iarrantaí ormsa — ná buail aon bhuille orm níos mó
b.
·
Is maith an iarraidh í sin — buille nó sáiteán cainte
3.
d'aon iarraidh: de phlimp, de sciotán, de thoirt.
+
Bhuailfeadh sé mé d'aon iarraidh murach go raibh cúnamh agam — ar an bpointe, ar an toirt
Ná héist chor ar bith leis ach buail é d'aon iarraidh — ná bíodh foighid ar bith agat, ach buail ar an bpointe
TUILLEADH (6) ▼
D'imigh sé d'aon iarraidh — ar an toirt, gan cónaí ar bith a dhéanamh
Scríobhfaidh mé amach duit é d'aon iarraidh — ar an bpointe boise. B'fhéidir nach anois, ach chomh luath agus a chuirfinn romham é a dhéanamh
Ní raibh ann ach go raibh sé tosaí agus bhí sé déanta aige d'aon iarraidh
Is ait uaidh obair a dhéanamh d'aon iarraidh
Breá nach ndéanann tú é d'aon iarraidh anois, agus gan a bheith dhá chur ar an méir is faide
Mura dtapaí tú do ghnaithe d'aon iarraidh anois, beidh aiféala ort — mura gcuire tú crú ina thosach agus do chuid oibre a dhéanamh ar an toirt anois, ní bheidh tú buíoch dhuit féin aríst
4.
·
Tá iarraidh fuisce críochnaithe i mBoth Loiscthe turn poitín
Beidh muid ag déanamh iarraidh (iarrtha) an tseachtain seo chugainn

Féach freisin

iarraidh in iontrálacha eile (50+)

 
Ag iarraidh faitís a chur orm a bhí sé ach níor chuir sé faitíos ar bith ormsa, ná ní chuirfeadh dá mbeadh sé ag scilligeadh cainte ó shin
 
feanc
Chaith mé leathuair ag iarraidh é a chorraí ach chinn orm feanc a bhaint as — cor; filleadh ná feacadh a bhaint as
+
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tua anseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh agus níor thug sé ar ais í — ar nós an scéil a hinsíodh gairid ó shin (roimhe sin sa gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais. Is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraítear fearacht an scéil ar ball mar sheoraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing, no more than a story, (ach an oiread le rud, ach an oiread le scéal)
 
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. 'Sé an chloch is faide siar ar a phaidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
+
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thabharfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (9) ▼
Gabhfaidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin — rachaidh mé i ndiaidh mo chinn romham, go bhfeice mé céard atá ag an saol i ndán dom; buailfidh mé faoin saol; imeoidh mé go dtí áit eicínt eile ag obair srl. (seoraí sna scéalta é, ach tá sé sa gcaint thairis sin)
Imeoidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin sílim. Tá mé sách fada anseo anois agus beagán dhá bharr agam. Tabharfaidh mé Sasana orm féin
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé sa mbaile aríst agus a leathsciathán briste
Ní i bhfad anois go ngabhfaidh mise ag iarraidh fios m'fhortúin go Sasana chomh maith le duine. Tá siad ag teacht abhaile ar fad as agus spagaí airgid acu
Níor mhaith liom fios a iarraidh ar aon duine faoi rud den tsórt sin, gan an-teanntás a bheith agam air
Ag iarraidh fios fúmsa a bhí sé. Breá nár inis tú bolg bréaga dhó?
Bhí sé ag iarraidh fios faoin teach nua seo thíos, cé a bhí ann, agu cé mba leis é
Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise. Dheamhan faice a lig mise leis
Bhí sé ag iarraidh fios a bhaint asam faoin gcóta — ag iarraidh a chur faoi ndeara dhom inseacht faoin gcóta
 
B'fhearr liom iarraidh go mór a fháil ar Sh. 'Sé an fear fobhairne é atá aige. Níl iamh air ach ag maíochtáil leis. Is maith glan a choinneos sé fhéin as chuile thromásc, pé acu sin é
+
focal
Ag iarraidh a bheith ag gabháil an fhocail a bhí sé an uair sin. Bhraith sé nár thaitnigh sé linne gur dhúirt sé gur thug na deirfiúrachaí a raibh d'éadach sa teach leo thar éis na sochraide. Chuir sé luí eicínt eile air in athuair. Sea a mhaisce! Lena níochán, agus ní lena choinneáil a thug siad leo é. Nach tráthúil! Breá nár nigh siad é san áit a raibh sé?
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur beag nach ndeachaigh an sciorradh focail daor air. Ní foláir do dhuine greim maith a bheith ar a theanga i gcúirt aige. Bíonn siad ag iarraidh breith ar theanga ort
Níl aon ghnaithe ag aon dhuine an bhean sin a iarraidh. Tá sí i bhfocal cheana — tá sí le pósadh le fear áirid
 
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhaide. 'Gabhfaidh mise isteach anseo ag iarraidh canta aráin,' adeir S. Ní raibh mise in ann a dhul isteach ann. Bhí titim feoir ionam leis an ocras.
 
Sin an-údar asail. Níl agat ach a chur faoin gcarr agus tosóidh air ag pramsáil ar an toirt ag iarraidh bóthar a thabhairt dó.
 
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Ní thaitníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is froigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae gan beadáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
 
Thosaigh sé ag foléimneach ar fud an tí, le teann taighd. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
 
'Sé an drochphósadh a d'fhága ag iarraidh a chodach é
 
Ní fhágfadh sé fear sa teach gan bualadh murach gur tugadh iarraidh mhaide dó
 
fág
Chuaigh sé isteach sa mbainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é — cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
+
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir anseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dheartháir mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play. Ara ag magadh faoi a bhí muid
 
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amárach faitíos na fálach. Mura mbeidh t'ainm istigh agat Dé Céadaoin, dheamhan striog a gheobhas tú — ar fhaitíos go dtarlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé in ann a dhul chuig an mbeairic lena ainm a chlárú
+
Tá sé fánach aige a bheith ag iarraidh a dhéanamh — is saothar in aisce dhó é, a bheith ag iarraidh a dhéanamh; ní éireoidh leis
TUILLEADH (1) ▼
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine acu faoi rá is go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín dole sin orthu … Iontóidh cléireach anall chugat go fánach, agus an tsíoraíocht caite agat ag fanacht. 'Ar ndóigh ní ag iarraidh dole atá fear luath láidir mar thusa,' adéarfas sé de ghlanBhéarla … Go bhfóire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl aon bhail ó Dhia ansiúd
 
fán
Fán fada go raibh air, mura fada ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná!
 
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag ligean uisce isteach. Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
 
fíóg
Tá na híochtair ansiúd faoi fhíógaí móra millteacha. An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
 
fóir
Ní fear é le fóirithint a iarraidh air — cabhair airgid srl.
 
An bhfaca tú aon duine chomh mórfhoclach léithe ó rugadh thú? 'Cailleadh sé bhodóig bhreá ar Sheán anuraidh le ceathrú ghorm.' Cén uair a bhí sé bhodóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó i ndáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
 
Níl mé ag iarraidh do chuid cabaireachta beag ná mór. Murar mian leat an méid sin de shoilíos a dhéanamh dhom, ná bac leis. Déanfaidh mé cúis mhaith de t'uireasa.
 
Deir siad gurb é S. Bh. ba chiontach léithe sin. Fuair sé caidéis di gan aon bhail ó Dhia a chur uirthi. Ba é ráite chuile dhuine go raibh drochshúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ón lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair agus a muintir ag strócántacht lena fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. agus é a thabhairt chun láithreach go gcuireadh sé bail ó Dhia fliuch uirthi.
 
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfidh mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an bpump ag iarraidh bairillí uisce, agus neart uisce ar mo chuid talúna fhéin ach nach leagfaidís (na beithígh) smut air i ngeall ar an gcailimhineoig. Ach is beag an locht a bheas acu air ar ball, nuair a theangmhós an tart tuilleadh leofa.
 
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag iarraidh feanc a bhaint as binn shléibhe le aon fheanc a bhaint as an gcarcair siúd. Tá sé in aon lota amháin.
 
catóg
Ghortaigh sé a láimh inniu ag iarraidh catóg a bhaint.
+
ceal 1
Mura bhfuil bean aige muis, ní cheal a shaothraithe é. Tá an tír tóraithe aige ag iarraidh mná.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhféada sé achrann a tharraingt, ní cheal a shaothraithe é. Dheamhan iamh a tháinig ar a bhéal i gcaitheamh na hoíche ach ag iarraidh an cúpla seo thíos a shaighdeadh. Ach níor éirigh an t-ól i stuaic na mbacach fós.
 
Dhá mbeadh aon stuaim sa gcinnire, ní imeodh sí d'aon iarraidh mar a rinne sí, ach ní raibh.
 
Má théim ag iarraidh fear fánaí, dar mo choinsias, ní hé an cipiléirín sin a bhéarfas mé liom.
 
cliar
Tá sé tinn creatánach agus cliar ann i gcónaí. 'Sé mo mheas go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
 
Is beag an ghnaithe atá aige a dhul ag dréim leis an gclifeartach siúd. Dhéanfadh sé cuailín cnámh dhó d'aon iarraidh amháin.
 
San am ar casadh mise isteach, dheamhan cló stiúrtha ar bith a bhí ar an teach. Bhí chuile fhear ina chraiceann ar an urlár ag iarraidh achrainn. Ba mhór an chontúirt a bheith abuil siad chor ar bith.