imigh ar
1.
tá, cumas nó cumhacht eicínt ag fágáil smáil nó fuighill ar dhuine. (D'imthigh = d'imir?) (D'imthigh: D'imir is dóigh atá ann (féach Foclóir Uí Dhuinnín — "imir") ach d'imthigh a deirtear. Ní bhaintear aon-leas as, ach san aimsir chaithte amháin — d'imthigh — agus mar sin fhéin, le beagán focal atá gaolmhar le diabhlaidheacht nó míádh, cuirimigcás, diabhal, cat mara, clampar, tubaiste etc. Ní cloistear é le h-aon chuid eile).
+–
D'imthigh an diabhal air, marab é atá ámhuilleach (easgaine thláth é) = tá sé an-ámhuilleach; chomh h-ámhuilleach leis an míádh nó leis an Diabhal.
D'imthigh an Diabhal críochnuighthe anois ar an aimsir = nuair a bheadh droch-aimsir ann; aimsear an-dona ar fad.
TUILLEADH (8) ▼
D'imthigh an míádh mór air = déarfaidhe le duine dreabhlásach, achrannach, réiceamhail nó ealadhanta é.
D'imthigh an Diabhal uilig air, má's ag ól atá sé aríst = níl aon-mhaith dá chomhairleachan (tá'n míádh críochnuighthe air) má thosuigh sé ag ól in ath-uair.
D'imthigh mac an Diabhail ort, nach bhfaightheá áit ar bith le iarraidh de do shean-spáig a thabhairt dom ach isteach ar mo sháil thinn.
D'imthigh an deabhac ort! = D'imthigh an diabhal ort.
D'imthigh na seacht ndiabhal déag ort = tá tú an-dona, an-ámhuilleach; an-bhainte amach; an-mhíadhásach.
D'imthigh diabhail Ifrinn ort! = is measa thú ná na h-aidhbheirseoirí fhéin, ó dhonacht iad.
D'imthigh diabhail agus deamhain (diúin adeirtear) ort = is measa tú ná na diabhail agus na deamhain; sháruigh tú diabhail agus deamhain.
D'imthigh na diabhail bheaga agus na diabhail mhóra ort = sháruigh tú na diabhail bheaga agus mhóra le neart ámhuilleachta nó cathuighthe nó cat mara nó gnaithe gan iarraidh, nó a macsamhail.
·
D'imthigh an tubaiste ar fad anois air ó thosuigh sé ag ól = bhí sé sáthach dona sul ar thosuigh sé ag ól, ach is seacht measa anois é. (Thiocfadh go mbeadh malrait céille leis seo freisin, agus bíonn uaireannta i.e. sí neart na tubaiste agus an mhíádha a bhí anuas faoi na mhullach, a chuir ag ól é. Marach go raibh an oiread míádha air, ní thosochadh sé ar an ól)
D'imthigh an cat mara ort le na leithide de chleas a dhéanamh = tá an cat mara, nó an míádh críochnuighthe ort agus a leithead de chleas a dheanamh.
+–
D'imthigh an míádh ort le caoi a bheith ort (déarfá le asal meargánta do-cheannsuighthe é, nó le páiste canntalach, ámhuilleach nó glamhóidheach, nó le duine a mbeadh ceird eicínt air, nach dtaithneochadh leat).
D'imthigh an tubaiste ort, le ceird a bheith ort! (déarfá é nuair a bheadh duine ag gabhail de rud eicínt nach dtaithneochadh leat, nó nuair a bheadh duine ag ámhuilleacht, ag ealadhain, ag ól, ag sgithleigeadh bréag nó a samhail)
TUILLEADH (3) ▼
D'imthigh an cathú ort le cleas a dhéanamh = céard a chuir de chathú ort a leithide de shaothar nó de chleas a dheanamh?
D'imthigh an míádh orra le bail a chur ar mo chuid coirce = is orra a bhí an míádh gur chuireadar an bhail, a chuireadar ar mo chuid coirce (ach tá beagáinín de'n ghangaide agus de'n easgaine ann freisin).
D'imthigh an clampar ort le caoi a chuir ar an móin! = an-chaoi nó droch-bhail a chuir sé ar an móin; d'fhága sé an chruach béal in áirde gan chuma gan chaoi, nuair a líon sé an t-ualach aisti, agus d'ól a raibh de bháistigh sa spéir.
2.
·
Tá sé imthighthe ar an uisce bruithte uilig ó bhuail an ruaig sin é = tá sé an-tsnuighte, an-tanuidhe, amach a's amach ó tháinic an tinneas nó'n galra sin air.
Féach freisin
→
imir
imigh ar in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). 'Deile?
TUILLEADH (2) ▼
Ba bean i bhfaitíos í ar feadh na hoíche go raibh an mac imithe
Níl d'fhaitíos orm anois ach go mbeidh sé imithe róm
→
fearacht
Ní raibh sé m'fhearacht-sa ariamh. Bhí sé indon imeacht. Tá sé de shonndacht annsin a chuid a iarraidh ar aon-nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chuthal
→
fear
Dar príosta tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feóla a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
→
fearúint
Tá riascannaí ceó ag imeacht, agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shidhe anois. Déanfaidh sé múr annseo fhéin
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glínnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuinntir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mara mbeadh sé te nó trom — bhí sé árdaithe leó aca. Is leitheadaí a labhaireóidís ná duine ar fónamh in a dheidh sin
→
fleet
"Ó bhí mé cho haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí Dhá n-imíodh sé an méid sin san spéir leis an ngaoith Ní phósfainn anois thú dhá dteighinn ar "an bhfleet" Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" (As "na Ba Cíara agus Bána")
+
→
fliuch 1
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithigh ar fad imithe amach aice = níl deóir ar bith bhainne aice
TUILLEADH (1) ▼
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
→
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
→
fothair
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
→
framsáil
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
+
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidre(amh) an deis atá air = shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe indiaidh a chinn roimhe ón mbaile
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir annsin ar feadh an lae, agus ní raibh mé san mbaile ag dinnéar ná ceó. Caithfidh an dícéille féin a bheith ann, arsa tusa
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bhéas de bharr do shaoil agad má lonnuíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dteigheann tú abhaile má tá aon-bhaile agad?
Is geall le caora sheachráin nó le réithe fuaidreamh é. Tá sé de gheis air gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon-leabaidh, ach ag imeacht indiaidh a chinn roimhe mar sin.
+
→
fág ar
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
+
→
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
TUILLEADH (3) ▼
D'fhága sí na beithigh blite shul ar imigh sí = bhligh sí na beithigh
D'fhága sé neart tine thíos sul ar imigh sé ar chaoi ar bith
'Ar ndó' má tá sé ag dul ag pósadh, sin é a d'fhágfadh nach bhfuil sé ag imeacht as an áit
+
→
fágtha
Tá an gamhain an-fhágha ón aonach cheana. Bhí an-ordú air nuair a cheannaigh sé ó Ch. T. U. é, ach d'imigh sé as thar cionn ó shoin. Is cosúil nach dtugann sé aon-cheo dhó
TUILLEADH (2) ▼
Níl rud ar bith a bhíos cho fágha leis an duine scaití. Tá beithigh eile indon snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treóraíocht ar bith san duine
Meastú a bhfuil sé siúd cho dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágha, an-mhaoilscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí fuireann air agus gan é a bheith sna ciomachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithi
+
→
fáinne
Chuir mé an Tamhnach uilig i bhfáinne inniu, dhá dtóraíocht, ach chinn orm a bhfáil. Imithe atá siad (caoirigh) = siúl timpeall na tamhnaí i bhfáinne; an tamhnach a thóraíocht go baileach
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath agus a raibh an fáinne bán len aithneachtáil chor ar bith, d'imigh muid. Níor tháinig sé in a lá orainn nó go raibh muid i ngleann Bh.
Chonnaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; a' mháinneáil, a' máinneáil) annsin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé marab ar na cearca é. Ní bheadh lá íontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí = ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, etc) mar a bheadh sé i gcearcall
+
→
fálróid
Is maith í a cheird: ag imeacht ag fálróid ar choirnéil
TUILLEADH (2) ▼
Tá dháréag agus píobaire aca ann, agus dheamhan a bhfuil siad indon boirdín feamainne a chur amach in a dheidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuiridh
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneál daoine in a gcomhnaí
→
fána
"Mo ruainne beag cashmere (seál) a d'imigh le fánaidh; Nach bhfuighidh mé go brách é na tada ar a shon" (as amhrán faoi bhád. De bhord an bháid ar an gcuan a d'imigh an seál ón mbean)
+
→
fánach
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuiridh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal buille ar bith a níos sé sin, ach ag imeacht go fánach mar sin
→
fánaí 1
Cá bhfuighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
+
→
fán
Tá sí imithe ar fán ón a muintir fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnuithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tsean-lánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uatha agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
→
féar
D'imigh an diabhal orra má tá siad gránuithe ar an ngarraí sin agus féar indiaidh féir aca ann.
+
→
fíbín
Ní fhaca tú aon-bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí fíbín air ag dul soir annseo inné. D'imigh sé ón mbaile ar fad. Rud eicínt adúradh leis
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agad, ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil deá-chaint agad! Is beag an ghoir atá agad air siúd
+
→
fíóg
D'imigh sé as go mór ó a tháinig sé abhaile. Tá sé cho caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. In a leabaidh sin, níor fhan sciolltar ar bith air
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-cheo saille air ach an oiread le fíóig. Tá sé imithe ar an uisce bruite ar fad
→
críoch
Dochtúirí Chríghe Fódla, a's ní dhéanfaidís aon-mhaith do dhuine, má bhíonn a' bás air. Nuair a bheidheas do lá caithte, caithfe tú imeacht.
Is olc é an scamall sin. Níl ann ach an fheoil. Tá ábhar fós inte. Is furasta aithinte é, agus an bhoiric atá uirre. Tá sé thar am aice imeacht. Ní raibh le déanamh agad ach a dhul ag an dochtúr léithe agus gan a bheith dhá buachailleacht níos fuide. Tá sí ag seadú ro-fhada. Nioscóid ar bith nach ndealóidh léithe in imeacht coicís nó trí seachtainí, ní ceart trust ar bith a bheith aisti