imigh ar
1.
tá cumas nó cumhacht eicínt ag fágáil smáil nó fuíll ar dhuine. d'imigh = d'imir? D'imir is dóigh atá ann (fc. Foclóir Uí Dhuinnín, imir) ach d'imigh adeirtear. Ní bhaintear aon leas as ach san aimsir chaite amháin — d'imigh — agus mar sin fhéin le beagán focal atá gaolmhar le diabhlaíocht nó mí-ádh, cuirim i gcás, diabhal, cat mara, clampar, tubaiste srl. Ní cloistear é le haon chuid eile.
+–
D'imigh an diabhal air murab é atá ábhailleach (eascaine thláth é) — tá sé an-ábhailleach; chomh hábhailleach leis an mí-ádh nó leis an diabhal
D'imigh an diabhal críochnaithe anois ar an aimsir — nuair a bheadh drochaimsir ann; aimsir an-dona ar fad
TUILLEADH (8) ▼
D'imigh an mí-ádh mór air — déarfaí le duine drabhlásach, achrannach, réiciúil nó ealaíonta é
D'imigh an diabhal uilig air más ag ól atá sé aríst — níl aon mhaith dá chomhairleachan (tá an mí-ádh críochnaithe air) má thosaigh sé ag ól in athuair
D'imigh mac an diabhail ort nach bhfaightheá áit ar bith le iarraidh de do sheanspáig a thabhairt dom ach isteach ar mo sháil thinn
D'imigh an deabhac ort! — d'imigh an diabhal ort
D'imigh na seacht ndiabhal déag ort — tá tú an-dona, an-ábhailleach; an-bhainte amach; an-mhí-ásach
D'imigh diabhail ifrinn ort! — is measa thú ná na háibhirseoirí fhéin ó dhonacht iad
D'imigh diabhail agus deamhain (diúin adeirtear) ort — is measa tú ná na diabhail agus na deamhain; sháraigh tú diabhail agus deamhain
D'imigh na diabhail bheaga agus na diabhail mhóra ort — sháraigh tú na diabhail bheaga agus mhóra le neart ábhailleachta, nó cathaithe, nó cat mara, nó gnaithe gan iarraidh, nó a macasamhail
·
D'imigh an tubaiste ar fad anois air ó thosaigh sé ag ól — bhí sé sách dona sular thosaigh sé ag ól, ach is seacht measa anois é. Thiocfadh go mbeadh malrait céille leis seo freisin, agus bíonn uaireanta .i. 'sí neart na tubaiste agus an mhí-áidh a bhí anuas faoina mhullach a chuir ag ól é. Murach go raibh an oiread mí-áidh air, ní thosódh sé ar an ól
D'imigh an cat mara ort lena leithide de chleas a dhéanamh — tá an cat mara nó an mí-ádh críochnaithe ort agus a leithéid de chleas a dhéanamh
+–
D'imigh an mí-ádh ort le caoi a bheith ort (déarfá le asal meargánta docheansaithe é, nó le páiste cantalach, ábhailleach, nó glamhóideach, nó le duine a mbeadh ceird eicínt air nach dtaitneodh leat)
D'imigh an tubaiste ort le ceird a bheith ort! (déarfá é nuair a bheadh duine ag gabháil de rud eicínt nach dtaitneodh leat nó nuair a bheadh duine ag ábhailleacht, ag ealaín, ag ól, ag scilligeadh bréag nó a samhail)
TUILLEADH (3) ▼
D'imigh an cathú ort le cleas a dhéanamh — céard a chuir de chathú ort a leithide de shaothar nó de chleas a dhéanamh?
D'imigh an mí-ádh orthu le bail a chur ar mo chuid coirce — is orthu a bhí an mí-ádh gur chuireadar an bhail a chuireadar ar mo chuid coirce (ach tá beagáinín den ghangaide agus den eascaine ann freisin)
D'imigh an clampar ort le caoi a chur ar an móin! — anchaoi nó drochbhail a chuir sé ar an móin; d'fhága sé an chruach béal in airde gan chuma gan chaoi, nuair a líon sé an t-ualach aisti agus d'ól a raibh de bháistigh sa spéir
2.
·
Tá sé imithe ar an uisce bruite uilig ó bhuail an ruaig sin é — tá sé an-tsnoite, an-tanaí, amach agus amach ó tháinig an tinneas nó an galra sin air
Féach freisin
→
imir
imigh ar in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). Deile?
TUILLEADH (3) ▼
Ba bean i bhfaitíos í ar feadh na hoíche go raibh an mac imithe
Níl d'fhaitíos orm anois ach go mbeidh sé imithe romham
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeoidís uait os comhair do dhá shúl
→
fearacht
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
→
fear
Dar príosta, tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feola a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
→
fearúint
Tá riascannaí ceo ag imeacht agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shí anois. Déanfaidh sé múr anseo fhéin
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glinnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
+
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
TUILLEADH (1) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
+
→
fios
Imeoidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin sílim. Tá mé sách fada anseo anois agus beagán dhá bharr agam. Tabharfaidh mé Sasana orm féin
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam ar imigh sé fós?
→
fleet
"Ó bhí mé chomh haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí; Dhá n-imíodh sé an méid sin sa spéir leis an ngaoith; Ní phósfainn anois thú dhá dtéinn ar an bhfleet; Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" As Na Ba Ciara agus Bána
+
→
fliuch 1
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithígh ar fad imithe amach aici — níl deoir ar bith bhainne aici
TUILLEADH (1) ▼
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
→
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
→
fothair
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
→
framsáil
Is cuma leis an mac atá sa teach seo é ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an haon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
Siopallach cheart í sin. Tá sí ag imeacht chomh friochanta agat. Bíonn fibín uirthi i gcónaí
+
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidreamh an deis atá air — shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe i ndiaidh a chinn roimhe ón mbaile
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
+
→
fág ar
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
+
→
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága sé neart tine thíos sular imigh sé ar chaoi ar bith
Ar ndóigh má tá sé ag dul ag pósadh, sin é a d'fhágfadh nach bhfuil sé ag imeacht as an áit
+
→
fágtha
Tá an gamhain an-fhágtha ón aonach cheana. Bhí an-ordú air nuair a cheannaigh sé ó Ch. T. U. é, ach d'imigh sé as thar cionn ó shin. Is cosúil nach dtugann sé aon cheo dhó
TUILLEADH (2) ▼
Níl rud ar bith a bhíos chomh fágtha leis an duine scaití. Tá beithígh eile in ann snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treoraíocht ar bith sa duine
Meas tú an bhfuil sé siúd chomh dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágtha, an-mhaolscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí foireann air agus gan é a bheith sna ceamachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithe
+
→
fáinne
Chuir mé an Tamhnach uilig i bhfáinne inniu dhá dtóraíocht, ach chinn orm a bhfáil. Imithe atá siad (caoirigh) — siúl timpeall na tamhnaí i bhfáinne; an tamhnach a thóraíocht go baileach
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath is a raibh an fáinne bán le n-aithneachtáil chor ar bith, d'imigh muid. Níor tháinig sé ina lá orainn nó go raibh muid i nGleann Bh.
Chonaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; ag mháinneáil, ag máinneáil) ansin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé murab ar na cearca é. Ní bheadh lá iontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí — ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, srl.) mar a bheadh sé i gcearcall
+
→
fálróid
Is maith í a cheird: ag imeacht ag fálróid ar choirnéil
TUILLEADH (2) ▼
Tá dháréag agus píobaire acu ann, agus dheamhan a bhfuil siad in ann boirdín feamainne a chur amach ina dhiaidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuraidh
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneáil daoine ina gcónaí
→
fána
'Mo ruainne beag cashmere(seál) a d'imigh le fána; Nach bhfaighidh mé go brách é ná tada ar a shon' — as amhrán faoi bhád. De bhord an bháid ar an gcuan a d'imigh an seál ón mbean
+
→
fánach
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuraidh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal buille ar bith a níos sé sin ach ag imeacht go fánach mar sin
→
fánaí 1
Cá bhfaighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
+
→
fán
Tá sí imithe ar fán óna muintir fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnaithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tseanlánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uathu agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
→
féar
D'imigh an diabhal orthu má tá siad gráinithe ar an ngarraí sin agus féar i ndiaidh féir acu ann.
+
→
fíbín
Ní fhaca tú aon bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
TUILLEADH (2) ▼
Tá fíbín orthu chuile phointe ag imeacht ag damhsa — macnas, súnás; deifir
Bhí fíbín air ag dul soir anseo inné. D'imigh sé ón mbaile ar fad. Rud eicínt adúradh leis
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agat ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil dea-chaint agat! Is beag an ghair atá agat air siúd