Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iomhchur, Iomchar
Iomchurtha etc.
Fuaim umpar, umpuirt úmpur (Conamara Thiar). Umprú, úmprú.
1.
a.
+
Is beag atá sé indon a iomchur = is beag meádhchain a dhíol.
Níl sé indon punt meadhchain a iomchur, ní áirmhighim cliabh
TUILLEADH (6) ▼
D'iomcróchadh sé an teach ar a dhruim, tá sé chomh láidir sin
Tá sé iomchurtha agam (úm, iompruighe)
Chuaidh sé righte liom é a iomchur = chuaidh sé cruadh liom (ba ar a chruadhchúis dom, ba ar ín ar éigin etc) é a iomchur.
D'iomchruigheadh na mná céad meadhchan as Gaillimh ar a ndruím roimhe seo.
Shílfeá gur bró-mhuilinn a bhí sé a' iomchur leis an saothar a bhí ann (air) = ní raibh puth dhá anáil aige, leis an ualach.
Níl sé indon a chuid éadaighe a iomchur ní áir(mh)ighim tada eile = tá sé chomh claoidhte agus gur ar éigin atá sé indon siubhal.
+
Fhobair gur chuir sé a lúth amach ag iomchur cléibh = is beag nár chuir sé ball dá chuid putóg amach le teann stangtha ag iomchur cléibh.
Tiocfa iomchur na gcléibh romhat leis an aimsir = tiocfa tinneas nó buailfidhear suas thú amach annseo de bhárr a bheith ag iomchur cléibh.
TUILLEADH (1) ▼
Is breagh an clár droma atá aice le cliabh a iomchur; is leathan an druím atá aice le cliabh a iomchur; nach ar a druím atá áit an chléibh!
+
D'iomchuir mé mo chion féin de na h-ualaigh, agus is ag mo dhruím atá fhios sin, ní ag céasacht ar Dhia é = d'iomchuir mé an oiread de na h-ualaigh (cléibh, máilíní etc.) agus a d'iomchuir mo leithide ar bith, agus tá a shliocht ar mo dhruim anois.
Tá sé thar am agad eirghe as iomchur ualaigh feasta choidhchinn agus a bhfuil de bhromairí cloinne agad le 'na n-iomchur.
TUILLEADH (6) ▼
Bhain mé stangadh (sreang, sneap, spreangadh) as mo dhruim (as mo chorróig etc.) ag tarraingt cléibh fheamuinne, agus níl mé ar mo chóir fhéin ó shoin = shníomh mé cnámh in mo dhruim in mo chorróig etc, agus níl mé ó shoin mar bhí mé roimhe.
Shníomh mé asna liom ag iomchur ualaigh idir mo dhá láimh, agus tá mé ar an-chaoi ó shoin.
Níl filleadh ná feacadh ionnam, ó shníomh mé mo dhruim ag iomchur málaí = níl mé indon mé fhéin a lúbadh etc.
Caithfe tú an cnámh (an druim) a lúbadh má's leat a dhul ag iomchur ualaigh.
Níor lúb sé a dhruim ariamh ag iomchur ualaigh, agus nar eirigh an saoghal leis chomh maith le duine a bheadh lúbtha, a bheadh dhá shníomh fhéin ó mhaidin go faoithin.
Is maith uaidh ualaigh a iomchur = tá sé go maith ag iomchur ualaigh
+
Níl aon-iomchur ualaigh ann anois tharus (forra's) mar bhíodh = níl sé indon ualaigh a iomchur mar bhíodh sé.
Is olc an bhean iomchuir cléibh a fuair sé teacht an earraigh agus eile = níl sí sáthach láidir ná sáthach [urradhanta] le cléibh feamuinne aoiligh agus rl. a iomchur agus an t-earrach ar faghail.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a chuid iomchuir ar iarraidh anois (féach iarraidh) = níl sé indon aon-ualach a iomchur, ná ní bheidh feasta.
Is gearr a bheidheas iomchur na gcos ionnam = tarraingt na gcos.
·
Cé'n cruadhóg iomchuir atá agad air. Caith isteach sa gcárr é = ní call duit féin é a iomchur; iomcrocha an carr é.
Tá do cheart lé'n iomchur agadsa agus gan a dhul ag iomchur tuille.
b.
·
Is maith an rud do chuile dhuine a pheacaidhe féin a iomchur = ní ceart do dhuine a bheith páirteach i bpeacadh nó in aimhleas duine eile.
Beidh rud le deanamh aige, agus a pheacaidhe féin a iomchur, agus gan bacadh le peacaidhe aon-duine eile = tá neart peacaidhe déanta aige féin, agus gan a bheith [ro]inn-pháirteach ibpeacaidhe dhaoine eile.
c.
+
Tá'n lá ro-mheirbh le bheith ag iomchur an chóta seo = tá'n lá ro-the leis an gcóta seo a bheith orm.
Is maith an dícheall dom mo léine a iomchur indiu = is maith atá mé ag cruthachtáil agus a bheith indon mo léine a choinneál orm tá an lá chomh meirbh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh an fiach dubh a' cur a theangadh amach d'iomchróchadh sé an cóta mór = dhá mbeadh an lá an-mheirbh ar fad, bheadh an cóta mór air in a dhiaidh sin.
d.
ól a iomchur
+
Má ólann tú iomchrócha tú é = beidh tú síodhamhail agus ní bhfuighe tú cead a dhul ag ughamachan scléipe.
Má d'ól mé féin é, d'iomchuir mé é, ní hé t'fhearacht-sa é = ní raibh mé ag glaodhmaireacht ná ag troid mar 'bhí tusa.
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a ólann(s) sé is olc uaidh 'a iomchur = tarraingeann sé cainnt agus achrann air féin.
Tá an oiread aige (óil) anois agus atá sé indon iomchur = má ólann sé tuille, beidh sé ag 'ul ingeallta.
Gheobha sé an oiread agus atá sé indon iomchur, ach ní bhfaighe sé sileadh le na chois, marar linn an teach a bheith in a rachlas (i dtoll in áirde, in a bhéal in áirde, bun as toll, in a bhruidhin chaorthann, in a chlampar in a raic, in a 'reaintí bó léaraí' etc) = tiubarfamuid an oiread le n-ól dó, agus nach gcuirfe thar bhárr a chéile é; ní bheadh aon mhaith thairis sin a thabhairt dó, mar chuirfeadh sé an teach thrídh na chéile le achrann.
Fág fúmsa é, agus ní bhfuighe sé ach an oiread a's tá sé indon iomchur = ná taobhuigh thusa chor ar bith é; tabhair cead domsa an t-ól a thabhairt dó, agus ní bhfuighe sé ach alúntas.
Is beag (óil) atá sé indon iomchur chor ar bith.
Ní comhluadar ar bith an té nach bhfuil indon braon a iomchur.
·
Níl aon-iomchur aige ar ól = níl aon-acmhúinn aige tada a ól, nó tá sé in a theine bhruithte; níl aon ac(mh)úinn óil aige; eirigheann an t-ól sa gceann air, agus bíonn sé ag troid a's a' bruighin ar an toirt.
e.
(maidir le báid)
+
Tá'n bád ag iomchur seoil = tá seolta crochta aice.
Chuaidh gleoiteog na bPaidís (Paddys — abair mar an Sacs-Bhéarla é) siar trathnóna agus í ag iomchur seoil.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sí ag iomchur eadaigh = bád ag iomchur seoil.
Is beag éadaigh (seoil) atá sí indon iomchur indiu = tá an lá ro-gharbh le mórán seoil a bheith crochta aice.
Dhá bhfeictheá bád Chlainn' Dhonnchadha ag dul siar ag iomchur seoil (sliocht as amhrán)
Chonnaic mé, chonnaic mé, chonnaic mé, iongantas mór; Ceann gainimh' dul tharm a's é ag iomchur seoil (sliocht as an amhrán bréagach)
Chuir sé an oiread seoil uirre agus a bhí sí indon iomchur = bád.
2.
deagh-bhéas[ach].
+
Iomchur thú fhéin anois, má tá do leas ar Dhia = bí múinte agus ná déan aon-rud as bealach, ar mhaithe leat fhéin.
Níl sé indon é fhéin a iomchur chor ar bith i láthair comhluadair.
TUILLEADH (13) ▼
Dhá mbeadh baramhaintí do leasa fút, d'iomchróchthá tú fhéin, agus ní bheitheá ag imtheacht ag glaodhmaireacht ar fud an aonaigh = dá ndéantá do leas, bheitheá múinte agus ní bheitheá ag imtheacht ar an gceird a bhí ort ag bollaireacht agus ag glagaireacht agus ag cothú achrainn 's chuile áit ar an aonach.
Fuair tú amach an té a d'iomchróchadh é fhéin = thar dhuine ar bith eile, ní raibh seans ar bith go mbeadh an duine sin múinte.
D'imthigh (D'imir?) an diabhal ort, nach n-iomchuraigheann thú fhéin = tá an tubaiste ort, agus marach go bhfuil bheitheá deagh-bhéasach múinte, agus chaithfeá an ámhuilleacht agus na droch-bhealaigh i gcártaí.
Ag an diabhal go raibh tú — croisim aríst thú — agus iomchur tú fhéin! (croisim aríst thú! Thug an duine a labhair an duine mió-mhúinte do'n diabhal an chéad-uair, ach bhuail aithmhéala arís é, agus ba mhaith leis an ghaimh a bhaint as an eascaine. Sin é an chiall atá le "croisim arís thú")
Go n-iomchruighe an diabhal leis thú, ó thárla nach bhfuil aon-iomchar ort fhéin.
Mara n-iomchruighe tú thú fhéin, is truagh (is truagh Mhuire) dhuit = mara mbí tú múinte, íocfa tú ann [truagh: sa bhfocal seo agus i "dtruagh Mhuire" deirtear trua, ach i gciallannaí eile de'n fhocal "truagh" truaighe adeirtear i gcomhnuidhe)
Iomchur tú féin, a dhiabhail álainn!
Mura n-iomcruighe thú tú fhéin, bainfe mé an t-anam asad!
Má's in é an bealach a n-iomchruigheann sé é féin i gcomhnuidhe, is fiú do'n mháthair a thóig é, a bheith bródamhail as.
Ní iomcrócha sé é fhéin go bráth, ach ar an gcuma sin.
Is maith an aghaidh meas' é go deimhin, agus an chaoi ar iomchuir sé é fhéin.
Sé'n cás céadna a bheith leis nó leigint dó, mar a chéile a iomchróchas an t-ógánach sin é féin i gcomhnuidhe = 'sé'n chás amháin comhairle a chuir air, nó gan a chur ní athrócha sé béasa go deo. (ógánach: ní chialluigheann an focal seo scurach óg sa gcainnt i gcomhnuidhe. Fearacht mar atá sa leagan réamh-ráidhte, bíonn aithis i gceist. Tiubharfaí "ógánach" dhá réir sin ar shean-dhuine, ar asal, nó ar bheithidheach ar bith nach dtaithneochadh leat)
Is mór is fiú duine a iomchróchas é fhéin, a's nach mbeidh ag ughamachan i scléipe is 'chuile áit dhá dtiocfa sé.
3.
le h-aghaidh clainne; i riocht clainne; trom-torrach.
+
Bhí sí naoi mí ag iomchur leinbh
Tá sí ag iomchur
TUILLEADH (3) ▼
An n-aithne(ochth)á uirre go bhfuil sí ag iomchur.
D'iomchuir sí dháréag clainne, agus ní donaide sin indiu í. 'Sí atá luath láidir.
Ní túisce duine di (aice), ná í ag iomchur duine eile.
+
Tá sí ag iomchur laoigh (bó) = tá an bhó — ionnlaoigh.
Bhí sí ag iomchur laoigh agus í ionann's leath-aimsire, nuair a baineadh laoigh aisti.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an capall ag iomchur searraigh i gcaitheamh ráithe, ach baineadh aisti é.
4.
beagán sníomha sa gcéill.
+
Ní raibh aon-phighinn airgid ar iomchur agam, agus ní raibh a leithide de náire ariamh cheana orm = ní raibh aon-airgead in mo chuid éadaigh, ná agam, ar ala na h-uaire, agus chuir sin an-náire orm.
Dhá n-eirigheadh leis airgead a bheith ar iomchur aige; ní mbadh leis fhéin é = dhá dtárluigheadh go mbeadh airgead aige, bainfí dhe é, nó ghoidfidhe uaidh é.
TUILLEADH (12) ▼
An uair a bhíodh na rubálaidhthe inGleann Ghuirtín an Airgid, ba truagh do'n té a mbeadh airgead ar iomchur aige 'gail (ag dul) go dtí Aonach an Ghearráin Bháin. ("Aonach an Ghearráin Bháin; "Aonach an Chnuic" = aonach Dhroichead an Chláirín nó Áth Cliath Mheadhraighe. Ba an-aonach bromaigh agus capall é, roimhe seo, agus theigheadh daoine ó 'chuile cheaird ann. "Aonach an Ghearráin Bháin" a thugadh muinntear Chonamara air. "Aonach an Chnuic" a thugas muinntear an Achréidhe fós air. "Gleann Ghuirtín an Airgid" = log ar bhóthar an Ríogh idir Gaillimh agus Órán Mór. Is ann a mharbhuigh na dubhchrónaigh an Ceannphuirt Lughaidh Ó Dorchaigh sa mbliadhain 1920. Ba mhór an áit gaduidhthe agus rubálaidhthe é roimhe seo, agus chuireadh na daoine a gcuid airgid síos ina stocaí nó d'fhuaghaidís ón a gcuid éadaigh é, ar fhaitchíos rubála a' dul ar "an nGearrán Bán")
Ab in é a bhfuil d'airgead ar iomchur agad.
Is mairg dhuit a raibh pighinn ar bith ar iomchur agad.
Faraor nar thug mé pighneachaí beaga ar iomchur liom
Dhá dtugainn pighneachaí beaga ar iomchur liom, ní bheinn náirighthe i láthair na ndaoine.
Ní raibh cianóg ar iomchur aige, agus ba mhaith an scéal do fhéin nach raibh.
Thug Dia dhó nach raibh aon-phighinn ar iomchur aige, nuair a h-ionnsuigheadh é; d'eirigh Dia leis nach raibh aon-phighinn etc. ; go tráthamhail ní raibh aon-phighinn ar iomchur aige.
Bíonn a bheag nó a mhór ar iomchur aige i gcomhnuidhe = airgead.
'Bhfuil aon-phighinn eile ach an méid seo ar iomchur agad
'Bhfuil tuille airgid agad.
Is gearr ort an méid seo mara bhfuil tuille airgid ar iomchur agad.
Má bhí sé ar iomchur aige, is beag duine a fuair brabach air = má bhí airgead aige, níor chuir sé aon-chumaoin ar aonduine leis.
·
Bhí maingín eicín ar iomchur faoi na h-ascaill aice = cual eicín a bhí aice faoi na h-ascaill.
Bhí "suitcase" ar iomchur aice.

Féach freisin