Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
iompair
iompar, iompartha srl.
Fuaim umpar, umpoirt, úmpur (Conamara Thiar). umprú, úmprú.
1.
a.
+
Is beag atá sé in ann a iompar — is beag meáchain a dhíol
Níl sé in ann punt meáchain a iompar, ní áirím cliabh
TUILLEADH (6) ▼
D'iompródh sé an teach ar a dhroim, tá sé chomh láidir sin
Tá sé iompartha agam (úm, iompraí)
Chuaigh sé rite liom é a iompar — chuaigh sé crua liom (ba ar a chruachúis dom, ba ar ín ar éigean srl.) é a iompar
D'iompraíodh na mná céad meáchan as Gaillimh ar a ndroim roimhe seo
Shílfeá gur bró mhuilinn a bhí sé a iompar leis an saothar a bhí ann (air) — ní raibh puth dhá anáil aige leis an ualach
Níl sé in ann a chuid éadaí a iompar, ní áirím tada eile — tá sé chomh cloíte agus gur ar éigean atá sé in ann siúl
+
Fhóbair gur chuir sé a lúth amach ag iompar cléibh — is beag nár chuir sé ball dá chuid putóg amach le teann stangtha ag iompar cléibh
Tiocfaidh iompar na gcléibh romhat leis an aimsir — tiocfaidh tinneas nó buailfear suas thú amach anseo de bharr a bheith ag iompar cléibh
TUILLEADH (1) ▼
Is breá an clár droma atá aici le cliabh a iompar; is leathan an droim atá aici le cliabh a iompar; nach ar a droim atá áit an chléibh!
+
D'iompair mé mo chion féin de na hualaí, agus is ag mo dhroim atá a fhios sin, ní ag ceasacht ar Dhia é — d'iompair mé an oiread de na hualaí (cléibh, máilíní srl.) agus a d'iompair mo leithide ar bith, agus tá a shliocht ar mo dhroim anois
Tá sé thar am agat éirí as iompar ualaigh feasta choíchin agus a bhfuil de bhromairí clainne agat lena n-iompar
TUILLEADH (6) ▼
Bhain mé stangadh (sreang, sneap, spreangadh) as mo dhroim (as mo chorróig srl.) ag tarraingt cléibh fheamainne, agus níl mé ar mo chóir fhéin ó shin — shníomh mé cnámh in mo dhroim, in mo chorróig srl. agus níl mé ó shin mar a bhí mé roimhe
Shníomh mé easna liom ag iompar ualaigh idir mo dhá láimh agus tá mé ar anchaoi ó shin
Níl filleadh ná feacadh ionam ó shníomh mé mo dhroim ag iompar málaí — níl mé in ann mé fhéin a lúbadh srl.
Caithfidh tú an cnámh (an droim) a lúbadh más leat a dhul ag iompar ualaigh
Níor lúb sé a dhroim ariamh ag iompar ualaigh agus nár éirigh an saol leis chomh maith le duine a bheadh lúbtha: a bheadh dhá shníomh fhéin ó mhaidin go faoithin
Is maith uaidh ualaí a iompar — tá sé go maith ag iompar ualaigh
+
Níl aon iompar ualaigh ann anois tharas mar a bhíodh — níl sé in ann ualaí a iompar mar a bhíodh sé
Is olc an bhean iompair cléibh a fuair sé teacht an earraigh agus eile — níl sí sách láidir ná sách urrúnta le cléibh feamainne aoiligh srl. a iompar agus an t-earrach ar fáil
TUILLEADH (2) ▼
Tá a chuid iompair ar iarraidh anois (fc. iarraidh) — níl sé in ann aon ualach a iompar, ná ní bheidh feasta
Is gearr a bheas iompar na gcos ionam — tarraingt na gcos
·
Cén cruóg iompair atá agat air. Caith isteach sa gcarr é — ní call duit féin é a iompar; iomproidh an carr é
Tá do cheart le n-iompar agatsa agus gan a dhul ag iompar tuillidh
b.
·
Is maith an rud do chuile dhuine a pheacaí féin a iompar — ní ceart do dhuine a bheith páirteach i bpeaca nó in aimhleas duine eile
Beidh rud le déanamh aige agus a pheacaí féin a iompar, agus gan bacadh le peacaí aon duine eile — tá neart peacaí déanta aige féin agus gan a bheith roinn-pháirteach i bpeacaí dhaoine eile
c.
+
Tá an lá rómheirbh le bheith ag iompar an chóta seo — tá an lá róthe leis an gcóta seo a bheith orm
Is maith an dícheall dom mo léine a iompar inniu — is maith atá mé ag cruthachtáil agus a bheith in ann mo léine a choinneáil orm, tá an lá chomh meirbh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, d'iompródh sé an cóta mór — dhá mbeadh an lá an-mheirbh ar fad, bheadh an cóta mór air ina dhiaidh sin
d.
ól a iompar
+
Má ólann tú, iompróidh tú é — beidh tú síothúil agus ní bhfaighidh tú cead a dhul ag úmachan scléipe
Má d'ól mé féin é, d'iompair mé é, ní hé t'fhearachtsa é — ní raibh mé ag glaomaireacht ná ag troid mar a bhí tusa
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a ólanns sé, is olc uaidh a iompar — tarraingeann sé caint agus achrann air féin
Tá an oiread aige (óil) anois agus atá sé in ann a iompar — má ólann sé tuilleadh, beidh sé ag dul i ngeallta
Gheobhaidh sé an oiread is atá sé in ann iompar, ach ní bhfaighidh sé sileadh lena chois murar linn an teach a bheith ina rachlas (i dtoll in airde, ina bhéal in airde, bun os toll, ina bhruín chaorthann, ina chlampar, ina raic, ina reaintí bó léaraí srl.) — tabharfaidh muid an oiread le n-ól dó agus nach gcuirfidh thar bharr a chéile é; ní bheadh aon mhaith thairis sin a thabhairt dó, mar chuirfeadh sé an teach thrína chéile le achrann
Fág fúmsa é agus ní bhfaighidh sé ach an oiread agus atá sé in ann a iompar — ná taobhaigh thusa chor ar bith é; tabhair cead domsa an t-ól a thabhairt dó agus ní bhfaighidh sé ach alúntas
Is beag (óil) atá sé in ann a iompar chor ar bith
Ní comhluadar ar bith an té nach bhfuil in ann braon a iompar
·
Níl aon iompar aige ar ól — níl aon acmhainn aige tada a ól nó tá sé ina thine bhruite; níl aon acmhainn óil aige; éiríonn an t-ól sa gceann air agus bíonn sé ag troid agus ag bruíon ar an toirt
e.
(maidir le báid)
+
Tá an bád ag iompar seoil — tá seolta crochta aici
Chuaigh gleoiteog na bPaidís (Paddys — abair mar an Sacsbhéarla é) siar tráthnóna agus í ag iompar seoil
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sí ag iompar éadaigh — bád ag iompar seoil
Is beag éadaigh (seoil) atá sí in ann a iompar inniu — tá an lá rógharbh le mórán seoil a bheith crochta aici
"Dhá bhfeictheá bád Chlainne Dhonnchadha ag dul siar ag iompar seoil" (sliocht as amhrán)
"Chonaic mé, chonaic mé, chonaic mé iontas mór; Ceann Gainimh ag dul tharam agus é ag iompar seoil" (sliocht as an Amhrán Bréagach)
Chuir sé an oiread seoil uirthi agus a bhí sí in ann a iompar — bád
2.
dea-bhéasach.
+
Iompair thú fhéin anois má tá do leas ar Dhia — bí múinte agus ná déan aon rud as bealach ar mhaithe leat fhéin
Níl sé in ann é fhéin a iompar chor ar bith i láthair comhluadair
TUILLEADH (13) ▼
Dhá mbeadh barúintí do leasa fút, d'iomprófá tú fhéin agus ní bheifeá ag imeacht ag glaomaireacht ar fud an aonaigh — dá ndéantá do leas, bheifeá múinte agus ní bheifeá ag imeacht ar an gceird a bhí ort ag bollaireacht agus ag glagaireacht agus ag cothú achrainn i chuile áit ar an aonach
Fuair tú amach an té a d'iompródh é fhéin — thar dhuine ar bith eile, ní raibh seans ar bith go mbeadh an duine sin múinte
D'imigh (D'imir?) an diabhal ort nach n-iompraíonn thú fhéin — tá an tubaiste ort, agus murach go bhfuil, bheifeá dea-bhéasach múinte agus chaithfeá an ábhailleacht agus na drochbhealaí i gcártaí
Ag an diabhal go raibh tú — crosaim aríst thú — agus iompair tú fhéin! (crosaim aríst thú! Thug an duine a labhair an duine mímhúinte don diabhal an chéad uair, ach bhuail aiféala arís é, agus ba mhaith leis an ghoimh a bhaint as an eascaine. Sin é an chiall atá le "crosaim arís thú")
Go n-iompraí an diabhal leis thú ó tharla nach bhfuil aon iompar ort fhéin
Mura n-iompraí tú thú fhéin, is trua (is trua Mhuire) dhuit — mura mbí tú múinte, íocfaidh tú ann (trua: sa bhfocal seo agus i dtrua Mhuire deirtear trua, ach i gciallannaí eile den fhocal trua truaí adeirtear i gcónaí)
Iompair tú féin, a dhiabhail álainn!
Mura n-iompraí thú tú fhéin, bainfidh mé an t-anam asat!
Más in é an bealach a n-iompraíonn sé é féin i gcónaí, is fiú don mháthair a thóg é a bheith bródúil as.
Ní iompróidh sé é fhéin go brách ach ar an gcuma sin
Is maith an oidhe measa é go deimhin agus an chaoi ar iompair sé é fhéin
'Sé an cás céanna a bheith leis nó ligint dó, mar a chéile a iomprós an t-ógánach sin é féin i gcónaí — is aon chás amháin comhairle a chur air nó gan a chur, ní athróidh sé béasa go deo (ógánach: ní chiallaíonn an focal seo scorach óg sa gcaint i gcónaí. Fearacht mar atá sa leagan réamhráite, bíonn aithis i gceist. Tabharfaí "ógánach" dhá réir sin ar sheandhuine, ar asal, nó ar bheithíoch ar bith nach dtaitneodh leat)
Is mór is fiú duine a iomprós é fhéin agus nach mbeidh ag úmachan i scléipe i chuile áit dhá dtiocfaidh sé
3.
le haghaidh clainne; i riocht clainne; trom torrach.
+
Bhí sí naoi mí ag iompar linbh
Tá sí ag iompar
TUILLEADH (3) ▼
An n-aithneofá uirthi go bhfuil sí ag iompar
D'iompair sí dháréag clainne agus ní donaide sin inniu í. 'Sí atá luath láidir.
Ní túisce duine di (aici), ná í ag iompar duine eile
+
Tá sí ag iompar lao (bó) — tá an bhó ionlao
Bhí sí ag iompar lao agus í ionann is leathaimsire nuair a baineadh lao aisti
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an capall ag iompar searraigh i gcaitheamh ráithe ach baineadh aisti é
4.
(beagán sníofa sa gcéill).
+
Ní raibh aon phínn airgid ar iompar agam agus ní raibh a leithide de náire ariamh cheana orm — ní raibh aon airgead in mo chuid éadaigh, ná agam, ar ala na huaire agus chuir sin an-náire orm
Dhá n-éiríodh leis airgead a bheith ar iompar aige, ní mba leis fhéin é — dhá dtarlaíodh go mbeadh airgead aige, bainfí dhe é nó ghoidfí uaidh é
TUILLEADH (12) ▼
Nuair a bhíodh na robálaithe i nGleann Ghoirtín an Airgid, ba trua don té a mbeadh airgead ar iompar aige ag goil (ag dul) go dtí Aonach an Ghearráin Bháin. (Aonach an Ghearráin Bháin; Aonach an Chnoic: aonach Dhroichead an Chláirín nó Áth Cliath Mheáraí. Ba an-aonach bromaigh agus capall é roimhe seo, agus théadh daoine ó chuile cheaird ann. Aonach an Ghearráin Bháin a thugadh muintir Chonamara air. Aonach an Chnoic a thugas muintir an Achréidhe fós air. Gleann Ghoirtín an Airgid: log ar bhóthar an rí idir Gaillimh agus Órán Mór. Is ann a mharaigh na dubhchrónaigh an Ceannphoirt Lughaidh Ó Dorchaigh sa mbliain 1920. Ba mhór an áit gadaithe agus robálaithe é roimhe seo agus chuireadh na daoine a gcuid airgid síos ina stocaí nó d'fhuaidís óna gcuid éadaigh é ar fhaitíos robála ag dul ar an nGearrán Bán)
Ab in é a bhfuil d'airgead ar iompar agat
Is mairg dhuit a raibh pínn ar bith ar iompar agat
Faraor nár thug mé pínneachaí beaga ar iompar liom
Dhá dtugainn pínneachaí beaga ar iompar liom, ní bheinn náirithe i láthair na ndaoine
Ní raibh cianóg ar iompar aige, agus ba mhaith an scéal do fhéin nach raibh
Thug Dia dhó nach raibh aon phínn ar iompar aige nuair a hionsaíodh é; d'éirigh Dia leis nach raibh aon phínn srl.; go tráthúil, ní raibh aon phínn ar iompar aige
Bíonn a bheag nó a mhór ar iompar aige i gcónaí — airgead
An bhfuil aon phínn eile ach an méid seo ar iompar agat
An bhfuil tuilleadh airgid agat
Is gearr ort an méid seo mura bhfuil tuilleadh airgid ar iompar agat
Má bhí sé ar iompar aige, is beag duine a fuair brabach air — má bhí airgead aige, níor chuir sé aon chomaoin ar aon duine leis
·
Bhí maingín eicín ar iompar faoina hascaill aici — cual eicín a bhí aici faoina hascaill
Bhí suitcase ar iompar aici

Féach freisin

iompair in iontrálacha eile (50+)

 
fág
Sin ní fhágfainn le mo ló murach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta a aithinte dhom é
 
Ligeadh sé dhá chuid fáinneáil timpeall an tí seo má tá a leas ar Dhia. Ní eístfear leis anois thar is ariamh. Más maith leis ól a dhéanamh iompraíodh sé é
 
cab
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis an bhfiacail. Níor chuir sé maoil ar bith air. Baol ar an leadaí siúd aon anró a chur air fhéin ag iompar chléibh.
 
Dheamhan deichniúr fear in ann an charcair siúd a thabhairt abhaile. Caithfear í a scoilteadh san áit a bhfuil sí agus í iompar ina cuideannaí.
 
Dheamhan cos aon charraera a bhíodh sa mbaile an tráth sin go mbíodh an oíche caite thar droim go minic. D'fhanaidís ag ól agus ag ragairne faoi bhealach dhá n-éiríodh leob aon phínn airgid a bheith ar iompar acub.
 
ceal 1
Is beag an baol a bheadh ormsa na gnaithí sin a chur ar an méir is faide, murach cheal gan aon deis iompair agam le dhul chomh fada le S. Sh. Ph., agus is mór liom a dhul dhá shiúl.
 
Ba é a chlochneart é an máilín a iompar. Tharraingeodh sé ba bodhra as coillte leis an gcneáíl a bhí air faoi.
 
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
 
D'iompair sé siar mé agus thug sé cead dom bóthar agus bonnaíochaí a bhualadh aniar ar ais. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile.
 
baile
Níl sé ar iompar agam: d'fhága mé in mo dhiaidh ag baile é.
+
beart
Ag déanamh sealaíochta ar a chéile ag iompar an bhirt a bhí siad.
TUILLEADH (9) ▼
Ní thabharfadh sé le rá go gclisfeadh sé faoin mbeart féir, ainneoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iompar.
Iompair do bheart fhéin; déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí ag fás suas ar aon duine eile; déan do bhealach
Is maith an rud do chuile dhuine a bheart fhéin a iompar — is maith an rud do chuile chapall a carr fhéin a tharraingt; is maith an rud do chuile dhuine freastal dá ghnaithe féin.
Mura n-iompraí tú do bheart fhéin, seo é an saol nach n-iompróidh aon duine eile dhuit é.
Mura mbí tú in ann do bheart fhéin a iompar, beidh tú ar deireadh.
Duine ar bith nach bhfuil ag iompar a bheart fhéin ann, ar an saol seo, sa ngearradh dhíobh a bheas sé.
Siúd í an tír (.i. Meiriceá) a gcaithfidh chuile dhuine a bheart fhéin a iompar. Mura mbí rud agat ansiúd, beidh tú dhá uireasa.
Tá a cheart le déanamh ag chuile dhuine anois a bheart fhéin a iompar, agus gan a dhul ag cuidiú le duine ar bith eile.
Chonaic mise an saol a raibh soilíos sna daoine agus nár mhiste le comharsa lá nó dhá lá a thabhairt isteach do dhuine aonraic nuair a bheadh an chruóg ann. Ach an té nach bhfuil in ann a bheart fhéin a iompar anois, beidh sé ar deireadh.
 
coiric
Is minic a bhí braon sa gcoiricín againn fhéin agus b'éigean dúinn é a iompar. I nDomhnach is dathúil an scéal é má fhéadann duine tosaí ag briseadh agus ag réabadh chuile uair a n-ólfaidh sé cupla pionta pórtair!
 
crinn
Dar brí an leabhair, thug sé cnámh le crinneadh dhom é a iompar chor ar bith as a dheireadh, théis go sílfeá gur suarach an maingín é. Seacht scíth ab éigean dom a ligean leis ó bhéal an bhóthair go dtí seo. Is trom cearc i bhfad, adeir siad.
 
Is mór a chruthaigh sé agus a leithide sin de bhleánach poitín a iompar chor ar bith.
 
Má thiteann an bhornóig sin ar meisce orainn, ar gceann fine ní bheidh in ann é a iompar abhaile.
 
Fuair tú amach an té atá in ann cliabh a iompar. Sách rite a ghabhfadh sé leis boscaeidín a iompar, ní áirím cliabh. Ar ndóigh, níl lúd ná láthar sa luisneachán siúd.
 
breá
Tá sé breá láidir lena iompar.
+
buail
"An darna lá fichead d'fhómhar, sea a chuir mé mo Chríonach chun seoil; Níor iompair sí leath a cuid éadaí, agus bhuaileamar Árainn ó ló" (sliocht as An Chríonach, amhrán de chuid Chonamara)
TUILLEADH (2) ▼
Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh gortach mé, agus níor fhan éirí i mo sheasamh ionam ar an toirt boise. Murach gur éirigh Dia liom lón a bheith ar iompar agam, bhí mo chnaipe déanta.
Bhuail donacht eicínt í i dteach an phobail inniu agus b'éigean í a iompar amach.
+
buille
Nuair a fuair sé caite ar meisce é, ba ghearr an mhoill air an buille feill a thabhairt dó agus a raibh ar iompar aige a bhaint di.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an mála sin buille trom dhuitse lena iompar.
 
buta
Fuair sé a sháith go binn le déanamh agus an buta a iompar go teach.
 
aire
Is maith an dícheall dó a bhfuil de bhalcaisí air a iompar, tá sé chomh haireach sin air fhéin.
+
aire
Má bhíonn aon phínneachaí airgid ar iompar agat, tabhair aire mhaith dhóibh mar tá cneámhairí ansiúd a ghoidfeadh an chrois den asal.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfinn amach taobh leis an méid sin é (.i. thabharfainn tuilleadh airgid dó) ach nach bhfuil a fhios aige le aon aire a thabhairt d'aon phínn dhá mbeidh ar iompar aige.
+
airigh
Is beag a aireos an bus (an capall, an rothar srl.) muid a iompar, ní hé sin is fadó nuair a chaithfeá é a thabhairt do na bonnaíocha i ndeireadh oíche (ag dul ar aistir)
TUILLEADH (1) ▼
Ní mórán a d'aireodh do dhroim an máilín sin a iompar go dtí an carr dom.
 
anó
Rinne sé anó air fhéin ag iompar ualaí — bhain sé stangadh as fhéin nó ghortaigh sé é fhéin.
 
Níl sé in ann leathchéad meáchain a ardú den talamh, ní áirím é a iompar.
 
Ná taobhaíodh sí mise níos mó mura n-athraí sí béasa agus í fhéin a iompar go caoithiúil
 
Chuaigh sé amach an lá sin ag fiach agus ag fionnscaradh: "a sheabhac ar a bhois, a ghadhar lena chois, agus a chapall breá donn dhá iompar"
 
iontas
"Chonaic mé, chonaic, chonaic mé iontas mór; Ceann Gainimh ag dul tharam, agus é iompar seoil" (sliocht as an Amhrán Bréagach)
 
fiach 1
Ba cheart duit a dhul ar an bhfiach: "do ghunna ar do bhois, do ghadhar le do chois, agus do chapall breá donn do t'iompar"
 
Fuinneamh gan stuaim atá ann. D'iompródh sé Cloch an Fhia idir a dhá láimh, ach níor dhóigh cleas dhá ndéanfadh sé ná a ligint anuas ar speireach Mháire Choilm!
 
Ní bheadh tolgán ar bith agam seachtain i mbéal a chéile a chaitheamh ag iompar ualaigh, ach níl mé fulangach chor ar bith ar obair na láí. Dheamhan ar thaitnigh sé ariamh liom thar obair ar bith
 
Ní mór fear láidir le dabhach a iompar. Ní bheadh aon ghnaithe ag M. Sh. G. faoi cheann acu, ná dheamhan gnaithe
 
Cén uair a chonaic muide dea-iompar faoi. Dheamhan é ariamh. Ag troid agus ag bruíon a chonaic muide é ó chuaigh banlámh de chóta air
 
de
Cheal nach bhfuil sé de rath ort an mála a iompar
 
deis
Chaith mé an lá ar mo mhine ghéire. Bhí a shliocht orm: is beag le go raibh mé in ann mo sheanbháinín a iompar abhaile tráthnóna
 
deo
An-chapall go deo í siúd aige. Níl tolgán ar bith aici deich gcéad fhichead a iompar