Ionnlach
—deirtear únnlach agus unlach leis faoi Chonamara (Íochtar Chonamara agus Cois Fharraige).
—
+–
Is ionnlach mhaith feamuinne an cnocán sin = plás maith; giodán maith triomuighthe ar aghaidh na gréine.
Tá ionnlach maith aice annsin (an mhóin) = áit a mbeadh plás maith móna, nó giodán a dtiormóchadh sí go h-éasga, cuirigcás bruach portaigh tirm.
TUILLEADH (1) ▼
Sgar mé ar an ionnlach í = móin, feamuinn nó eile.
Ionnlach in iontrálacha eile (3)
Móin lagphuill í, a's ní raibh an t-ionnlach go maith aice. Tháinic fúithe nuair a bhí sí 'na gróigíní, a's tá a shliocht uirre: dheamhan innte ach bodhránach gan sponnc a' bith.
→
dromainn
Is fearr na cruacha a dhéanamh ar an drumainn sin ó dheas. Má bhíonn siad ann go h-Earrach seo chugainn, ní mór a ndéanamh in áit eicínt nach mbeidh aon-toidheacht fútha. Tá an-ionnlach aca ar an drumainn sin
Ní ionnlach ar bith é sin do chairrigín. Ní túisce an taobh as a chionn tirm, ná 'bhíos gaibhte faoi aríst. Crap soir annsin ar an tulóig sin thuas é, agus beidh aghaidh gréine aige ar chaoi ar bith