ionlach
—deirtear únnlach agus unlach leis faoi Chonamara (Íochtar Chonamara agus Cois Fharraige)
—
+–
Is ionlach mhaith feamainne an cnocán sin — plás maith; geadán maith triomaithe ar aghaidh na gréine
Tá ionlach maith aici ansin (an mhóin) — áit a mbeadh plás maith móna nó geadán a dtriomódh sí go héasca, cuir i gcás bruach portaigh tirim
TUILLEADH (1) ▼
Scar mé ar an ionlach í — móin, feamainn nó eile
ionlach in iontrálacha eile (4)
Móin lagphoill í agus ní raibh an t-ionlach go maith aici. Tháinig fúithi nuair a bhí sí ina gróigíní agus tá a shliocht uirthi: dheamhan inti ach bodhránach gan sponc ar bith.
→
dromainn
Is fearr na cruacha a dhéanamh ar an dromainn sin ó dheas. Má bhíonn siad ann go hearrach seo chugainn, ní mór a ndéanamh in áit eicínt nach mbeidh aon teacht fúthu. Tá an-ionlach acu ar an dromainn sin
Ní ionlach ar bith é sin do charraigín. Ní túisce an taobh os a chionn tirim ná a bhíos gaibhte faoi aríst. Crap soir ansin ar an tulóig sin thuas é agus beidh aghaidh gréine aige ar chaoi ar bith