Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iongantach
fuaim = íontach, íontas, ach in Iarthair Chonamara bíonn an fhuaim ionntas iontach agus go h-áithrid in amhráin
1.
a.
+
B'iongantach an duine é Seán Mhaidhlí deir siad = bhí cáilidheacht nó tréartha ar leith ag siubhal leis. (B'fhéidir go mbadh fear láidir, nó rianóir maith é nó rud eicín mar sin)
B'iongantach an rianóir é Seán Ó Briain go ndéana Dia maith air = togha seanchuidhe.
TUILLEADH (4) ▼
B'iongantach an fonnadóir í Brighid 'ndéana Dia trócaire uirre = ba amhránuidhe maith í.
Is iongantach na bealaighe atá leat. Deamhan bealaighe níos iongantaighe a chonnaic mise le aon-duine ariamh = tá béasa ar leith (go h-iondamhail droch-bhéasaí) ag siubhal leat. Níl t-iomchur fearacht iomchuir daoine eile.
Is iongantach an aimsir í = is togha aimsire í.
Is iongantach an capall atá ag Seán Thomáis = is maith an capall atá aige.
b.
+
Is iongantach an múr é sin a chaith sé = múr mór.
Is iongantach bainte amach atá sí = cailín a mbeadh giodam fúithe, triollús innte, agus éadan aice.
TUILLEADH (7) ▼
Is iongantach fuar é.
Nach iongantach an rabharta a bhí ann le seachtmhain = rabharta an-mhór.
Is iongantach fada a d'fhás na mangols sin. Tá siad in a mbuinneáin ó thús bliana = rinne siad luirgne nó cosa móra fada; "rith" siad.
Is iongantach fada a d'fhága tú gan íoc é = is an-fhada etc.
Is iongantach an leithead a d'fhága siad faoi'n teach = is mór an leithead.
Is iongantach an stoirm í. Mara bhfuil ag Dia, fuadócha sí an baile = is áidhbhéil (mór) an stoirm í; ach grásta dé, fuadócha sí an baile.
Is iongantach an leigean atá fúithe = rud a mbeadh cosamhlacht lútha agus siubhail aige (cú, bean leigthe etc.)
·
Is iongantach de'n tsaoghal an mhéid atá ann = is áidhbhéil an téagar atá ann.
Is iongantach de'n tsaoghal an oidhche í = oidhche mhór í; droch-oidhche chríochnuighthe.
2.
+
Nach iongantach nach dtiocfadh splannc chéille dhuit uair eicín = is mór an t-iongnadh, nach dtiocfadh beagán céille chugad uair eicín.
Is iongantach go ndeacha tú abhaile chor ar bith = is mór an t-iongnadh thú a dhul abhaile beag ná mór.
TUILLEADH (8) ▼
B'iongantaighe liom ná'n sneachta dearg é a fheiceál.
B'iongantaighe liom é ná dhá dtuiteadh an t-aer ar an talamh.
Is iongantach sgithleigthe (ch)un cainnte é = tá an-stiúr cainnte air; an-fhonn cainnte air; ruibh na cainnte air.
Is iongantach an claibín muilinn é Micil Ó Maoláin = bíonn ruibh na cainnte igcomhnuidhe air; é síorruidhe ag cur de.
Is iongantach áidhbhéil an duine é = cuireann sé tuille ar chainnt nó ar scéal nach mbíonn air chor ar bith.
Is iongantach áidhbhéil an mhaise dhuit é
Is iongantach leitheadach an mac é = duine an-phostamhail é.
Máire: Ar chuala tú gur thuit tigh Sheáin Bháin leis an stoirm; Cáit: Nach h-iongantach?

Iongantach in iontrálacha eile (4)

 
aer
Nach iongantach a caitheadh na damh(n)saí in aer ar fad, agus a raibh de thóir orra(b) tamall = nach mór a' t-iongnadh gur leigeadh asta ar fad etc.
 
ailp
Is iongantach an ailp atá ag a' madadh sin ("fetch").
 
Is iongantach an doicheall atá aige le currachaí, ach m'anam 'ar ndú, go bhfuil a údar aige … Cheal nar chuala tú é. Nar chaith sé uair i bhfairrge cheana siar ó Ch. Bh. T. D'ionntuigh an churrach ar thriúr aca. Báitheadh duine — mac le M. Th. Sh. a bhí annsin thiar. Tháinig an bheirt eile slán, ar na maidí rámha. Sin é an doicheall atá aige le na currachaí
 
Is iongantach gur annsin atá sé ag dul ag déanamh tighe agus gan duine ar bith dhá mhuintir beo anois ann. Ach is cóir adeir siad go leanann báidh dúchas. Bhí nádúr aige leis an tsean-áit in a dheidh sin