iontach
—fuaim: íontach, íontas, ach in iarthar Chonamara bíonn an fhuaim iontas, iontach agus go háirid in amhráin.
1.
a.
+–
B'iontach an duine é Seán Mhaidhlí deir siad — bhí cáilíocht nó tréathra ar leith ag siúl leis. B'fhéidir go mba fear láidir, nó rianóir maith é nó rud eicín mar sin
B'iontach an rianóir é Seán Ó Briain, go ndéana Dia maith air — togha seanchaí
TUILLEADH (4) ▼
B'iontach an fonnadóir í Bríd, go ndéana Dia trócaire uirthi — ba amhránaí maith í
Is iontach na bealaí atá leat. Deamhan bealaí níos iontaí a chonaic mise le aon duine ariamh — tá béasa ar leith (go hiondúil drochbhéasaí) ag siúl leat. Níl t-iompar fearacht iompair daoine eile
Is iontach an aimsir í — is togha aimsire í
Is iontach an capall atá ag Seán Thomáis — is maith an capall atá aige
b.
+–
Is iontach an múr é sin a chaith sé — múr mór
Is iontach bainte amach atá sí — cailín a mbeadh giodam fúithi, treallús inti, agus éadan aici
TUILLEADH (7) ▼
Is iontach fuar é
Nach iontach an rabharta a bhí ann le seachtain — rabharta an-mhór
Is iontach fada a d'fhás na meaingeals sin. Tá siad ina mbuinneáin ó thús bliana — rinne siad loirgne nó cosa móra fada; rith siad
Is iontach fada a d'fhága tú gan íoc é — is an-fhada srl.
Is iontach an leithead a d'fhága siad faoin teach — is mór an leithead
Is iontach an stoirm í. Mura bhfuil ag Dia, fuadóidh sí an baile — is áibhéil (mór) an stoirm í; ach grásta Dé, fuadóidh sí an baile
Is iontach an ligean atá fúithi — rud a mbeadh cosúlacht lútha agus siúil aige (cú, bean ligthe srl.)
·
Is iontach den tsaol an mhéid atá ann — is áibhéil an téagar atá ann
Is iontach den tsaol an oíche í — oíche mhór í; drochoíche chríochnaithe
2.
+–
Nach iontach nach dtiocfadh splanc chéille dhuit uair eicín — is mór an t-ionadh nach dtiocfadh beagán céille chugat uair eicín
Is iontach go ndeachaigh tú abhaile chor ar bith — is mór an t-ionadh thú a dhul abhaile beag ná mór
TUILLEADH (8) ▼
B'iontaí liom ná an sneachta dearg é a fheiceáil
B'iontaí liom é ná dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh
Is iontach scilligthe chun cainte é — tá an-stiúr cainte air; an-fhonn cainte air; ruibh na cainte air
Is iontach an claibín muilinn é Micil Ó Maoláin — bíonn ruibh na cainte i gcónaí air; é síoraí ag cur de
Is iontach áibhéil an duine é — cuireann sé tuilleadh ar chaint nó ar scéal nach mbíonn air chor ar bith
Is iontach áibhéil an mhaise dhuit é
Is iontach leitheadach an mac é — duine an-phostúil é
Máire: Ar chuala tú gur thit tigh Sheáin Bháin leis an stoirm; Cáit: Nach iontach?
iontach in iontrálacha eile (44)
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
→
froigisí
Is iontach an lear frogaisí atá sa seomra siúd aici. Is seomra ordnáilte é. Ní ligfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
→
fáinne
Ná lig ón méir anois é. Iontaigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche — d'iontaigh sé an chúig
I nDomhnach má chothaíonn an uair i bhfad eile coimhthíoch mar seo, is mór a chuirfeas sé an cur siar. Tá daoine nár iontaigh spreab fós, mar nach raibh an aimsir in araíocht.
→
bálta
Is iontach liom fuil a bheith ar a báltaí, muran tada a bheadh ag gabháil di — muran tinneas ar bith a bheadh uirthi.
Má thagann cuaifeach as calm, níl léamh ar bith uirthi. Báitheadh bád i gConamara, tá blianta beaga ó shin, agus bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh ag déanamh aeir agus bhuail cuaifeach iad gan aireachtáil agus d'iontaigh sí an bád droim ar ais. Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann acub ach duine.
+
→
aer
Níorbh iontaí liom an t-aer ag titim ar an talamh ná an chaint a chaith sé
TUILLEADH (1) ▼
Nach iontach a caitheadh na damh(n)saí in aer ar fad agus a raibh de thóir orthub tamall — nach mór an t-ionadh gur ligeadh astu ar fad srl
Bhí a fhios agam go raibh an rud sin ar a intinn i gcaitheamh na seachtaine, agus nach iontach an fhosaíocht a bhí air ina dhiaidh sin nach gcainteodh sé as a bhéal air. Tá sé an-dorcha
+
→
ionadh
An té a chonaic iontaí an tsaoil, dúirt sé nár chall do dhuine corraí ó leic an teallaigh s'aige fhéin le iontais a fheiceáil
TUILLEADH (6) ▼
Chonaic sé iontaí an tsaoil
Is mór iad iontaí an tsaoil, an té a shiúlfadh lena bhfeiceáil
"Is mór iad iontaí an tsaoil", adeir fear Chonamara nuair a chuala sé na préacháin ag grágaíl i gcoill an Chnoic (ní raibh coill ná crann siar faoi Chonamara)
Ar chuala tú caint ariamh faoi sheacht n-iontaí an domhain?
Dhá bhfeictheá iontaí an domhain faoi chéad, ní fhaca tú a leithide siúd d'iontas
An simléar atá tigh Mhicilín, tá sé ar iontaí an domhain, arae níl poll deataí ar bith ann
→
fulaing
"Nach iontach mura d'fhulaing tú nuair a d'fhulaing tú an Pháis" (As dán faoi pháis Chríost)
→
foirbe
Tá foirbe ar an gcáca faoi. Iontaigh ar an taobh eile é. Cuir únfairt eile tine faoin mbácús
Níl bóthar ná bealach ann ach forchosán ar an gcriathrach mór. Tá an tamhnach sin thart cheal bóthair. Nach iontach nach ndéanfaí bóthar dóibh
→
fuaraigh
Tá fuarú breá anseo chois na habhann. Nach iontach ina dhiaidh sin go mbíonn fionnórtas i gcónaí in aice an uisce
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
→
dearg 1
Níorbh iontaí liom an sneachta dearg a fheiceáil ná é — chuir sé an oiread iontais orm a fheiceáil agus dá mba sneachta dearg a bheadh ann
→
deasóg
Iontaigh ar thaobh na deasóige ach a dtige tú go dtí an crosbhóthar, agus déan ar t'aghaidh síos. 'Sé an chéad teach é a fheicfeas tú romhat ar an ard
Cén sórt deidearún de mhac é siúd aige. Chonaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de mheaingeals aige ar an asal. Bhí leatromadh i gceann de na cléibh. 'Cuir cloch sa gcliabh sin,' arsa mise, 'nó iontóidh an t-ualach.' Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur iontaigh an t-ualach. 'Cuir suas anois é,' arsa mise, 'más breá leat'
→
deilín
Cén áit ar bhain tú an deilín aisti. Ansin! Ar iontaigh tú uilig uirthi. Is olc an áit. Níl a fhios agam nár chóir duit a dhul ag dochtúr agus a 'speáint dó. Is fánach mar d'fhanfadh bacaíl ort le do ló uaithi sin
→
deis
Iontaigh ar an taobh eile agus beidh do bhuille ar do dheis agat. Tá tú ag bualadh anois in aghaidh deise, agus do do chloí féin
Tháinig sé isteach lá thiar i S. B. 'An bhfuil fáilte romham,' adeir sé. Sin leathfhocal a bhí aige. 'Tá,' adeir bean an tí, 'fáilte an duine dhoicheallaigh.' Níl a fhios agam ar dhúirt sí in aon turas í nó nár dhúirt, ach thóg seisean suas é, agus d'iontaigh sé amach aríst. Ba mhaith an oidhe an méid sin é. Bhí an iomarca nathaíochta agus cóirí catha ar fad aige
Is iontach an doicheall atá aige le curachaí, ach m'anam ar ndóigh, go bhfuil a údar aige … Cheal nár chuala tú é. Nár chaith sé uair i bhfarraige cheana siar ó Ch. Bh. T. D'iontaigh an churach ar thriúr acu. Báitheadh duine — mac le M. Th. Sh. a bhí ansin thiar. Tháinig an bheirt eile slán, ar na maidí rámha. Sin é an doicheall atá aige le na curachaí
→
dorn
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'iontaigh sí thart agus dheamhan easna dhó nár thosaigh ag sméideadh uirthi. Lady mhór a bhí inti, de bhean bhreá dhathúil. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfaigheadh sí tógtha an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam annsan — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon nós — ach ní raibh aon dúil mhór agam féin a dhul sa mBlackhole
→
dorú
An gcreidfeá gur mharaigh mise bromóig cheana le dorú marbh i stopóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is dochreidte an scéal é ach mharaíos. B'iontaí liom féin é ná an sneachta dearg. Fhóbair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim i ngeall air
→
driog
Ar an dá luath is ar ól mé an phosóid, b'éigean dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon cheo a chur aniar. Séard a thosaigh ag teacht orm, driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. An bhfuil a fhios agat céard a rinne maith dhom sa deireadh. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'iontaigh mo ghoile. Más poitín a bhí ann, ba é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
→
drúcht
'Sé a mbíonn in Árainn drúcht beag sneachta. Deir siad go bhfuil aos óg ann agus nach bhfaca siad aon tsneachta ariamh. Dúirt Árannach liom an sneachta mór a bhí anseo anuraidh, nár chaith sé gionnóid (deannóid) dhe ann. Nach iontach an áit é míle buíochas le Dia!
→
déan ar
Chonaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. Nuair a bhí sé tuairim is leath bealaigh go dtí mé, d'iontaigh sé soir aduaidh. 'Dar príosta,' arsa mise, 'is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … '
→
déanach
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
Deir siad go raibh sagart ansin thoir cheana agus go raibh díchreideamh air go sábhála Dia sinn! D'iontaigh sé ina mhinistéara as a dheireadh
→
díle 1
Iontaigh i leith. Tá an díle uisce as do chuid éadaigh. Is cosúil thú le duine a tharraingeofaí thrí shruthán
→
díol 2
Chonaic T. s'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindí leis ag rá an Draighneán Donn. Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosaigh an P. ag flithmhagadh: 'Níl a fhios acu sin céard atá muid a rá ach an oiread le asail,' adeir sé. D'iontaigh fear acu ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlanGhaeilge: 'I gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireanach.' Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh
→
dóigh 3
Seo é "Riocairdín" anois. Cuir na clocha péire sa gcrúib oscailte agus lioc anuas na méarachaí roinnt. Anois caith suas uileag iad, agus iontaigh do láimh agus tóg iad ar chúl do láimhe. Mura gcoinní tú ceann, beidh tú dóite (beidh tú as)
→
dúchas
Is iontach gur ansin atá sé ag dul ag déanamh tí agus gan duine ar bith dhá mhuintir beo anois ann. Ach is cóir adeir siad, go leanann bá dúchas. Bhí nádúr aige leis an tseanáit ina dhiaidh sin