Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ith
ithte d'ith, agus rl.
1.
biadh a chaitheamh.
a.
+
Is maith uaidh ithe = tá goile maith aige.
Tá ithe a chodach ann = tá sé indon a chuid bidh a chaitheamh.
TUILLEADH (20) ▼
D'íosfadh sé an tsáith(?) Mhuimhneach(?) = tá'n ghearradh gionnach in a bholg; tá an-ghoile aige.
Ní sa'n ithe (itheachán) a chaill sé é = pé'r bith cé'n t-éalang eile atá air, tá a ghoile ar foghnamh.
D'íosfadh sé an t-iarann = nuair a bhíos ocras nó faobhar ar ghoile duine.
Ní ceal ithte atá oraibh = tá ithe bhur gcodach ionnaibh; tá goile agaibh.
D'íosfadh sé sin agus an oiread eile (dhá oiread eile etc.) agus fághadh sé [é] = d'íosfadh sé a dhá oiread a bhfuair sé le n-ithe.
D'íosfadh sé sin agus oiread eile (dhá oiread eile etc.) agus ní bheadh sáthach ná leath-sháthach dó = ní bheadh a dhíol ná baol air, in oiread eile an méid a fuair sé.
D'íosfadh sé chuile ré soluis.
Itheann sé chuile phuínnte, dhá mbaineann clog ná watch = itheann sé chuile leath-uair an chluig; itheann sé go h-an-mhinic.
D'ith sé a raibh faoi chaolachaí an tighe againn
Is áidhbhéil an lear atá sé indon ithe = is mór an méid.
Tá sé indon sas maith a ithe (sos = cess? nó deireann daoine tomhas — tus)
Nuair a bhíos goin ocrais air, is deacair a cheart le n-ithe a thabhairt dó = nuair a bhíos goile géar aige, is deacair a sháith le n-ithe (a dhíol le n-ithe, a dhóthain etc) a thabhairt dó.
Tá mo ghoile géaruighthe ag an ól le dhá lá, agus tá shliocht orm: D'íosfainn a bhfeicfinn.
Mara bhfuil sé in acmhúinn í a shaothrú, tá sé in acmhúinn í a ithe = beatha (nó biadh)
D'ith sé roimhe a raibh sa teach = d'ith sé a dtáinic sé suas leis (déarfaí freisin é, le duine nach mbeadh barainneach)
D'ith sé faoi agus thairis = d'ith sé a bhfaca sé.
D'ith sé cion dhá cháca = d'ith sé an oiread aráin agus go ndéanfaidís dhá cháca dhá mbeidís i dtoll a chéile.
D'ith sé go raibh ceas air = bhí sé ag ithe gur tháinic an — biadh in aghaidh.
Is mór an t-iongnadh nach bhfuil ceas ort feasta, agus a bhfuil ithte agad.
D'íosfadh sé a raibh ar bhainis Pheige Ní Eághra (bainis cliúiteamhail a bhí igConamara. Rinne Rafteri amhrán fúithe)
+
Tá gliúrach ithte aige (gleorach = rud mór lasmhanta ar bith — gliúrach theine, gliúrach bhidh, gliúrach óil etc)
D'ith sé gliúrach agus tabhair gliúrach uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Tá roisín maith ithte aige (roisín = lón beag)
+
Is uathbhásach uaidh ithe; tá sé an-uathbhásach ag ithe; bíonn uathbhás an tsaoghail air ag ithe = itheann sé go deifreach, alpuigheann sé an biadh fearacht mada.
Tá sé beo ag ithe = deifreach (ní "uathbhásach" mar tá thuas — tá'n t-ampla i gceist in "uathbhásach").
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé beo deifreach beo sgioptha, (beo tapa, mear etc) ag ithe.
Itheann sé a chuid d'aon-iarraidh.
Ní itheann sé chor ar bith é. Sé'n chaoi sluigeann sé é.
Is geall le madadh ag ithe é = cosamhail le mada.
Bhí sé ag ithe as cosa idtaca = bhí sé ag ithe leis, ocras air no dhe; ag ithe go beo, sgioptha.
+
Tá sé sacuighthe le na bhfuil ithte aige = bruileachán air, é in a bholgán béice; é in a shacadán
Tá sé in a bholgán béice le na bhfuil ithte aige = é athta, atruighthe.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé in a bhruithleachán le na bhfuil ithte aige (bruithleachán = tugtar é sin ar at i mbó de bhárr uisce a ól a mbeadh doirb ann)
Tá sé bruithleach le na bhfuil ithte aige; tá sé in a bhleitheach lena bhfuil ithte aige = líonta suas
Tá' sé athta lena bhfuil ithte aige
Tá sé líonta le na bhfuil ithte aige
Tá sé ag pléasgadh le na bhfuil ithte aige
Tá sé i gcruth pléasgtha le na bhfuil ithte aige
Tá béadail air le na bhfuil ithte aige = bolg mór.
Tá sgeibhil air le na bhfuil ithte (sgeibhil = an ghlúin nó an bhuillsgeana a chuirtear ar chruaich arbhair agus í dhá déanamh).
+
Tá 'bhfuil istigh agus amuigh agam ithte aca(b), agus ní féidir aon slacht a chuir orra(b) 'na dhiaidh sin.
D'íosfadh sé an teach, agus ní bheadh slacht a chodach air na dhiaidh sin = d'íosfadh sé go leor, agus ní bheadh aon-ordú air, i gcosamhlacht, dhá aindeoin sin.
TUILLEADH (2) ▼
Itheann sé cion dháréag, agus níl tada dhá shlacht air in a dhiaidh sin = itheann sé an oiread agus d'íosfadh dáréag, agus níl aon-chosamhlacht air go n-itheann sé tada.
D'íosfadh sé a raibh istigh agus amuigh agad, agus ní bheadh pioc (a dhath, tada etc) dhá shlacht air 'na dheidh sin = aindeoin go n-íosfadh sé fághaltas duine ar fad, ní bheadh cumadh (slacht) a chodach air na dhiaidh sin.
·
Tá sé chomh h-éiseallach sin, agus nach n-íosfadh sé an ubh a rugadh indé = ní íosfadh sé ubh a rugadh indé, mar ba dhóigh leis nach dtiocfadh sí le na ghoile. {{(Duine éiseallach = duine a lochtuigheas biadh; duine nach dtagann an biadh leis, má shamhluighthear dhó, go mbeadh locht ar bith air. Cuirim [i] gcás gur cheap sé sul ar bhris sé an ubh go mbeadh glugar innte, annsin ní fhéadfadh sé drannadh léithe).
'Sé'n tanáluidhe bradach é! Ní íosfa sé tada a leagfas tú chuige = duine éiseallach é; cuireann sé suas do'n bhiadh.
+
'Sé cuid an bheagán a d'ith sé = níor ith sé mórán.
Ní íosfadh sé an oiread le sicín.
TUILLEADH (4) ▼
D'íosfadh dreoilín an oiread leis.
Is beag an teirgéis a n-itheann sé = is beag an lear.
Is gearr le dhul a n-itheann sé = is beag an lear a itheann sé.
Ní itheann sé ach faoi dhó sa ló.
+
Tá sé an-roighin ag ithe = mall.
Is roighin uaidh ithe
TUILLEADH (3) ▼
Sé'n roighineadóir is mó a chonnaic mé ag ithe ariamh é = tá sé an-mhall ag ithe.
Bheadh dhá bhéilí ithte ag duine eile, an fhad's chaitheann sé le béilí amháin.
Ní fhéadfa tú a bheith ag feadghail agus ag ithe mine (sean-fhocal)
+
Is mór a d'íosfadh duine de bhiadh blasta = is mór é díol duine de bhiadh blasta.
Is beag a d'íosfadh duine de bhiadh oilteamhail = is beag é díol duine de bhiadh a mbíonn cuid maith sugh ann (cuirim igcás ronnachaí úra).
TUILLEADH (20) ▼
Má tá sé ag teacht in t'aghaidh, ná h-ith é = má tá sí ag cur fonn múisge nó urlacain ort etc.
Beatha nach dtagann le duine, b'fhearr dó, (níor cheart dó, ba chóir dó, etc) gan í 'ithe.
Dheamhan mórán atá an t-ithe (itheachán) a chuir as dom, aindeoin gur dhubhairt an dochtúr gan a ithe ach a laghad a's d'fhéadfainn.
Ith an méid sin, agus fág an chuid eile ag an deachma (deachma = cíos nó comhlach a bhíodh ar an Caitliocaigh a íoc roimhe seo leis na teampaill ghallda agus an chléir ghallda a chothú. Tá ciallannaí sníomhtha samhluightheacha leis na bhfocal cuirimigcás annseo thuas nó i leaganachaí eile — "caithfear deachma na sláinte a íoc" nó "bhí trí mhac deag aige. 'Fágfaidh muid é seo ag an deachma' adeir sé leis an tríomhadh duine déag.' Baintear leas as le cur i gcéill gur ceart fuighleach ar bith a fhágáil as margadh nó gan a chomhaireamh. San abairt réamhráidhte, cialluigheann sé gan an fuighleach nó gan an rud ar fad a ithe — greim beag a fhágáil do dhiaidh)
Tá beatha chomh daor anois, agus gur ar a chruadhchúis do na daoine tada a ithe = tá'n bheatha chomh daor, agus nach bhfuil muid in acmhuinn í a cheannacht
Tiocfa sé righte linn tada a ithe feasta, má mhaireann do'n tsaoghal mar seo = tá chuile shórt ro-dhaor, agus níl daoine in acmhúinn tada cheannacht.
Is minic a d'ith sé mo chuid, ní dhá bhuidheachtáil air é! = d'ith sé biadh orm go minic, ach níl mé in a dhiaidh air anois.
Itheadh chuile dhuine earra a phingne féin = ná bíodh duine ar bith ag ithe cuid na comharsan.
Diadhachta (diadhachta dhuit, diadhachta dé) nach n-itheann tú rud eicín (greim eicínt, ruainne eicínt etc) = is mór an truaigh nach n-itheann tú greim eicín biadh.
Diadhachta Dé dhuit, nach bhfuil do sháith ithte agad feasta = tá sé thar am agad do sháith a bheith ithte agad; tá tú ag ithe le fada, agus níl do chuid ithte agad fós.
Níor ith na laoghanntaí a gcuid.
Tá a chuid ithte ag na laogh.
Ceadh nar ith tú aon-cheo fós = an h-amhla nar ith tú tada fós.
D'ith sé agus d'ól sé a spré = chaith sé an spré
Ní bheinn indiaidh a n-íosfadh sé air, marach a ndiomluigheann (ndiombaluigheann)= níor mhór liom dó a n-itheann sé, marach a gcuireann sé amudha.
D'ith mé riar ar maidin = roinnt, beagán etc.
D'ith sé cannda aráin as cúl a ghlaice = bhí an stiallóg aráin in a láimh aige, agus d'ith sé í.
D'íosfá na fataí sin as cúl do ghlaice, tá siad chomh gáiridhe sin = tá na fataí chomh plúrach agus nach n-iarrfá annlann ar bith leo; d'íosfá ar a n-aghaidh féin iad.
Ag bruitheachán agus ag itheachán atá muid i gcomhnuidhe sa teach seo = ag bruth agus ag ithe bídh.
Is mairg a d'íosfadh cuid an tsoluis (sean-fhocal) = ní ceart biadh a cheannacht ar airgead an tsoluis; má tá airgead curtha i leithrigh agad, fa chomhair rud ar bith, ná caith an t-airgead sin ar do bholg.
+
Tairg biadh do dhuine beo, agus mara n-ithe sé é leig dó (sean-fhocal)
Dhá mbeitheá ag toghaint an biadh go lá air, dheamhan blas di a d'íosfadh sé = dhá mbeitheá, dá chuir air, nó ag strócántacht leis ag iarraidh air biadh a ithe etc
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé ag strócántacht liom ag iarraidh orm a dhul ag ithe, ach dheamhan mo chos a d'ith aon-ghreim in a dhiaidh sin = bhí sé cur iallach nó ag cur faoi deara dhom a dhul ag ithe, ach níor ith mé aon-ghreim aindeoin sin.
Dhá dtoghanadh sé faoi chéad orm é, ní íosfainn aon-ghreim = ag dul go déan ort le thú chur ag ithe
Mura n-ithe duine an rud, gan aon-toghaint, is mairg a bheadh dhá thoghaint air = mura bhfuil duine sásta an rud ithe nuair iarrtar air é, ní ceart dul dá chur air gan buidheachas
Is beag (fhobair gur) nar chuir sí ag ithe de'n bhuidheachas (in aghaidh mo chos etc.) mé.
Nuair nach n-íosfainn é, fhobair gur chuir sé orm é (de'n bhuidheachas)
Bhí sí ghá chuir orm, ach ní íosfainn é = bhí dhá thoghaint orm, ach ní dhrannfainn leis.
·
Ith leat, agus ná bac liomsa = nuair a d'eireochadh duine suas, agus a bheadh duine eile ag an mbord.
Ith suas, agus ná bíodh cuthaileacht ná coimhthigheas ar bith ort.
+
'Bhfuil rud le n-ithe agad = biadh.
Cé thiubhras rud le rud le n-ithe dhaoibh? = biadh.
TUILLEADH (19) ▼
Tá mé ag iarraidh rud le n-ithe.
Chuaidh siad isteach idteach ag iarraidh rud le n-ithe.
Is mór an díthcéille atá ort ag coinneál rud' le n-ithe, le na scraistí sin, agus a fhusacht dóibh fhéin fáiteall a dhéanamh feasta = is seafóideach an mhaise dhuit é, a bheith ag saothrú nó a' soláthar bidh do na daoine leisgeamhla sin, agus go bhfuil siad féin indon saothrú agus soláthar a dhéanamh anois (déarfaidhe le máthair cloinne é)
Mara bhfagha sé rud le n-ithe annseo, caithfe sé treabhadh nó tiomáint a dhéanamh = caithfe sé rud le n-ithe a shaothrú dhó fhéin, nó imtheacht nó fáiteall a dhéanamh.
Sibhse ag sclamhaireacht ag iarraidh rud le n-ithe, agus gan cuimhne ar bith agaibh chomh daor agus atá beatha! = tá sibh ag cur a gcosa uaib ag iarraidh bídh, ach ní chuimhnigheann sibh chor ar bith cá bhfaighfear a luach agus chomh daor agus atá.
Dhá mbeadh luach rud le n-ithe agam, ní dá iarraidh ortsa a bheinn = airgead bidh.
Cá bhfaighe sé luach rud le n-ithe agus gan slighe ná seifte ó neamh aige = cá bhfaighe sé luach bídh, agus gan aon-mhaoin ná deis airgid aige.
Mara saothruighe sibh luach rud le n-ithe dhaoibh féin deanaighidh dhá uireasbha.
Cuirfe mé an teach dá lúdrachaí, mara bhfagha mé rud le n-ithe de ghort a gharta = leagfa mé an teach mara bhfagha mé biadh ar an toirt.
Bhuail an sliabh gortach mé aniar ag tigh Chóilí agus fhobair mé a dhul isteach ag Pheadair a' Ghabha ag iarraidh rud le n-ithe.
Ní thiubhrainn bolg do rud le n-ithe anois = níl aon-dúil agam imbiadh.
Níl aon fhonn rud le n-ithe orm = ní theastuigheann rud le n-ithe uaim.
Níl aon tóir agam ar rud le n-ithe.
Is beag bídeach nar cailleadh mé d'uireasbha rud le n-ithe.
Fhobair nár tháinig lagar orm cheal rud le n-ithe.
Mura bhfagha mise rud le n-ithe, beidh rud ar a shon agaibhse = mura bhfagha mé biadh; bainfe mé díoghaltas amach.
Is bocht an chaoi é, d'uireasbha rud le n-ithe ó mhaidin.
Tá mo ghoile dúinte 'cheal rud le n-ithe = ní fhéadfainn tada ithe anois; chuirfinn amach aríst é, mar tá mé an fhad sin ar chéalacan.
Má tá rud le n-ithe agad, altuigh é = tabhair buidheachas le Dia go bhfuil biadh agus beatha agad.
+
Tháinic sé isteach ag iarraidh a chuid le n-ithe = a bhéilí.
Má's é do chuid le n-ithe atá tú 'iarraidh, fagh é san áit a raibh tú ó mhaidin = fágh do bheilí san áit ar chaith tú an lá (ag [cu]artaidheacht nó eile)
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfaghadh sé a chuid le n-ithe, ní éileochadh sé aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go deo = dhá bhfaghadh sé biadh, ní thiubharfadh sé toil ar aon-obair a dhéanamh go h-éag.
+
Is gearr le dhul orm an méidín atá le n-ithe agam = ní sheasfa an téirgeas bheag sin i bhfad dom.
Ní bhfuair sé le n-ithe ach an teirgéis = beagán.
TUILLEADH (5) ▼
Sí'n chaol-chuid a d'ith sé ariamh, ná bhí aige le n-ithe, agus is leitheadaighe a labhróchadh sé ná an té a chleacht fuighleach = ní raibh mórán le n-ithe aige ariamh ná seifte ar bith aige, ach tá sé níos postamhla ag cainnt anois ná'n té go raibh neart le n-ithe ariamh aige.
Níl a dhath ariamh le n-ithe faoi chaolach an tighe againn
Tá neart le n-ithe agus le n-ól againn, buidheachas le Dia = tá neart bidh againn.
Tá fuighleach le n-ithe ag na gamhna ingarraidhe an tobair = neart, cuid mhaith.
Tá a dhá ndíol le n-ithe acu annsin = a dhá ndóthain; oiread agus a dhéanfadh iad faoi dhó.
+
Níl mo leath-sháith, (mo leath-dhíol, mo leath-dhóthain) le n-ithe agam annseo.
Is beag é do sháith le n-ithe
TUILLEADH (3) ▼
Is mór é do sháith le n-ithe = is mór é do dhíol etc. (sáith = Achréidh; Gnó Bheag agus Gnó Mhór díol, dóthain, ó Ghaillimh siar)
Ní choinneochadh Muileann Phalmer a sháith le n-ithe leis = muileann plúir in Gaillimh.
Má tá sé 'tabhairt uaidh, ní cheal a sháith le n-ithe é (dubhradh le gamhain) = má tá sé ag dul ar deire nó ag imtheacht as, ní hé an t-ughdar atá leis, nach bhfaghann sé a dhíol beatha)
+
Níl greim le n-ithe aige (níl a dhath le n-ithe aige; níl pioc le n-ithe aige; níl oiread na frighde le n-ithe aige, níl luach leithphighne le n-ithe aige, níl líon leith etc. níl a shúil etc. níl an oiread agus a thuillfeadh ar phláta etc. níl an oiread agus a thuillfeadh in do ghlaic agus rl. níl greim béil agus rl. níl lán do bhoise agus rl.)
Níl greim dár dhealbh(?) an ghrian le n-ithe aige = níl aon-ghreim.
TUILLEADH (1) ▼
Ní iongantas ar bith leo(b) siúd, gan aon ghreim le n-ithe a bheith acu. Céard a chleacht siad ariamh? = ní iongantas ar bith orra nach bhfuil tada le n-ithe aca anois arae, bhíodar ariamh igcomhnuidhe amhla.
+
Réidhtigh sí greim le n-ithe dhúinn
Nuair nach bhfaca mé fhéin aon-chosamhlacht aon-ghreim le n-ithe, leig mé liom fhéin = nuair nach bhfaca sé go raibh aon-chosamhlacht ar mhuinntir an tighe aon-bhiadh a chuir faoi réir, d'imthigh leis.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá gcaiththeá dhá lá do shaoghail ann, ní fhiafróchaidís díot, ar theastuigh greim le n-ithe uait.
Theastuigh greim le n-ithe uaim = bhí ocras orm
Bhí slabhra ocrais orm, agus gan fhios agam cá bhfaghainn aon-ghreim (aon-ruainne, aon-cheo etc.) le n-ithe.
'Sé an baile is measa ar theastuigh greim le n-ithe uait ariamh ann é. Ní fhiafróchadh siad dhíot a raibh béal ort dhá mbeitheá ann go sleibhe = is olc an áit é, dhá mbeadh ocras ort; ní fhiafróchadh siad dhíot go deo, ar theastuigh biadh uait.
Níl fhios ag duine céard é an greim le n-ithe go mbeidh sé as baile = ní thuigeann duine, céard é ocras nó céard é biadh go mbeidh sé in áit strainséara, arae bíonn sé ag ithe chuile phuínnte dhá dtogruigheann sé ag baile.
Is mór is fiú an greim le n-ithe, nuair a bhuailfeas an t-ocras thú.
Bhuail sliabh gortach ar an mbóthar iad, agus gan aon-ghreim le n-ithe ní ba goire dhíob ná Gleann Treasna = tháinig ocras orra, agus badh é Gleann Treasna an áit ba goire dhóibh a bhfaghaidís biadh.
B'fhearr ab aite liom greím le n-ithe a fhághail ná a chuid seanchuis = b'fhearr liom biadh ná cainnt.
+
An té nach bhfaghann a dhíol le n-ithe, bíonn a shéala air = an té nach mbeathuighthear mar is ceart, bíonn a shliocht air.
Níor chleacht sé sin mórán le n-ithe ariamh = ní raibh mórán le n-ithe aige ariamh.
TUILLEADH (5) ▼
Ná corruigidh anois go bhfagha sibh ruainne le n-ithe.
An gcuireann sí taobh leis an méid sin le n-ithe thú = ceadh nach dtugann sí duit, ach an méid sin.
Má chuir sí taobh leis an méid sin le n-ithe é, is gearr a chuaidh sé ar a ghoile siúd = d'íosfadh sé cuid mhaith eile idteannta a bhfuair sé.
Má chuir sí taobh leis an méid sin le n-ithe é, ní raibh sugh salmhain imbéal buláin aige ann = ba ghearr ar a ghoile a bhfuair sé le n-ithe.
Fuair tú do cheart le n-ithe cheana agus gan a bheith ag iarraidh (ag súil, ag tnúthán, ar thóir, ag cuartú, ag lorg etc) tuille = fuair tú do dhíol le n-ithe etc.
b.
·
D'íosfainn í sul a d'árdóchainn í (cloch) = ní bheadh aon-ghair agam an chloch sin a árdú; níl mé sáthach láidir le na dhéanamh.
D'íosfainn Seamus sul a leagfainn é = níl mé indon a leagan, ná baoghal ar bith.
2.
ciallanna samhaltacha, sníomhtha.
a.
lán, caithte, tugtha do, caillte le.
+
Tá sí ithte leis an olc = tá sí caillte leis an olc; tá'n t-olc go smior innte; tá sí chomh h-olc sin, agus go bhfuil sí ídighthe aige.
Tá sí ithte leis an gcantal.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí ithte leis an ngangaide (ní bhaintear aon leas as in aon-aimsir eile, ná le focla ar bith eile ce's moite de fhocla fearacht, olc, cantal agus gangaide).
·
Beidh sí ithte ar fad anois, nuair a chloisfeas sí go bhfuil muinntir Sheáin le teach nuadh a dhéanamh = cuirfe an scéal sin an-éad uirre.
b.
caillte; de'n tsaoghal.
+
Tá mé ithte le tochas = tá mé de'n tsaoghal le tochas
Tá mé ithte ag gearbógaí = tá go leor tochais orm acu.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ithte ag na sneadha = cuireann na sneadha an-tochas orm.
3.
cúrsaí scoimhléarachta, reice, nó díblighthe, nó cáinte
a.
+
D'ith sí mé = cháin sí agus fuair sí locht orm.
D'ith sí agus liobair sí mé = thug sí droch-dhíbliú agus cáineadh dhom.
TUILLEADH (9) ▼
Tá sí dom ithe agus do mo liobairt chuile ré soluis.
Ní cóir do dhuine a bheith ag ithe agus ag liobairt ar a chomhursa mar sin, chuile mhionnóid.
Bheadh ciall cáineadh, ach d'ith sí agus liobair sí mé = níor mhiste mé a cháineadh, ach dhíbligh sí críochnuighthe orm.
Tá ceart ag a chluasa a bheith te, agus an ithe atá sé a fhaghail annseo = badh cheart go mbeadh cluasa te aige agus an biadán atá dhá dhéanamh air.
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht léithe ag ithe agus ag liobairt.
Tá mé ithte, liobruighthe aca.
Is gránna an faisean a thug tú faoi deara dhuit fhéin a bheith i gcomhnuidhe ag ithe agus ag liobairt do dhuine fhéin = is gránna an béas a d'fhoghluim tú a bheith i gcomhnuidhe ag cáineadh do mhuinntire agus do ghaolta féin.
D'íosfadh sí tú, dhá gcuirtheá chuice ná uaithe.
Bíonn sí síorruidhe ag ithe agus ag gearradh orainn = ag liobairt.
b.
oilbhéas, olc, achrannach, uathbhásach.
+
D'íosfadh sé beo beitheadhach le gráinne salainn thú = duine oilbhéasach, achrannach.
D'íosfadh an t-amhus sin thú. Ná cur araoid ar bith air.
TUILLEADH (2) ▼
D'íosfadh sí duine nuair a bhíos an t-olc air.
Fhobair gur ith sé idir chorp, chleite agus sgiathán mé = thug sé farrach chomh mór sin fúm, agus gur beag nar ith sé mé idteannta mé a bhualadh.
4.
ag caitheamh, ag snuigheadh, ag gearradh.
+
Tá'n lot ag ithe roimhe = ag gearradh na feola, agus ag tolgadh na colna leis.
Itheann an cancar roimhe
TUILLEADH (5) ▼
Bíonn faithne ailse ag ithe roimhe go deo, go mbíonn an cholainn in a búilleach as éadan aige = snuigheann sé an fheoil roimhe, go mbíonn an cholainn in a cósair cr[ó] fré chéile.
D'ith sé roimhe riamh riamh, gur bhuail sé an cnámh.
Tá cos bocht aige. Cnap eicín atá ag ithe roimhe atá air.
Ná bac le lot ar bith a íosfas roimhe mar sin = níl in[dán] leighis dó.
Is bocht an rud é lot a íosfas roimhe.

Féach freisin

Ith in iontrálacha eile (50+)

+
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sé annsin é le faitíos a ithe
 
Tabhair anuas feánach uisce agam. Tá íota orm indiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa annlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst cho goirt sin é
 
D'ith mé fearann de cháca caiscín, agus d'ól mé muigín bláthaí. Bheinn deireannach dhá bhfanainn leis an tae
 
Is geall le caora sheachráin nó le réithe fuaidreamh é. Tá sé de gheis air gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon-leabaidh, ach ag imeacht indiaidh a chinn roimhe mar sin.
 
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
 
Chonnaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; a' mháinneáil, a' máinneáil) annsin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé marab ar na cearca é. Ní bheadh lá íontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí = ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, etc) mar a bheadh sé i gcearcall
 
féar
Ní íosfaidh bó ar bith an féar siogáin sin! Tá col aca leis.
+
fóir
Go bhfoire Mac Dé bheannaithe ort, ní dhéanfadh sé é go n-itheadh sé é, agus is beag a mhaith dhuitse a rá go ndéanfadh!
TUILLEADH (1) ▼
Cé a dhéanfas fóirín air anois mara bhfuil greim len ithe aige?
 
Dhá mbeadh sé chomh maith le na dtáinic ariamh, dheamhan gna(ithe) aige aon-léargas a fhaghail ar na cúrsaí seo, arae ní leigfeadh an chabghail dhó, é a choinneál aige fhéin.
 
A' caitheamh an tsaoghail slán a' caidéiseach. Ní cás do dhuine é, an fhad's tá sé indon a dhul isteach a's amach a's a chuid 'ithe.
 
Tá sí chomh caidéiseach a's gur beag nach dteastóchadh uaithe fios a fhaghail, céard d'ith tú le do bhricfasta ar maidin.
+
cailm
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann's punt feola indé!
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-chailm anois ort. Beidh tú indon an oidhche a mharuidheacht th'éis an mhuinisc sin a ithe.
+
Tabhair aire do na báirnigh sin, nó íosfa an camán luaithe ort iad. Itheann sé báirnigh ar ghasúir bheaga.
TUILLEADH (2) ▼
Clúdócha mé iad, a's ní thiubhra mé cead do'n chamán luaithe iad 'ithe orm.
Nach beag a' chiall a bhíodh againn, nuair a shíleadh muid go n-íosfadh an camán luaithe na fataí a bhíodh muid a róstadh sa teine.
 
Cuirfe mise cantaireacht ar a' ngoile agaibh mura ndéana sib forus, a's cead a thabhairt dom mo shuipéar a itheadh faoi shlacht.
 
Ara abair leis, nach bhfuil gna(ithe) ar bith againne dhá chuid turnapaí. Nach turnapaí atá le canndáil againn fhéin!
 
Níl aon-ghna(ithe) a' leagan bruachannaí aige, arae ní fhágann sé leithead slaite de chaolóid ann.
 
Dheamhan gna(ithe) aghad tada a mbeidh aon-chás aghad ann, a innseacht dó sin, arae níl caomhamhaint a' bith ann. D'innseochadh sé an rud ba mheasa leat beo, do'n té nach bhfaca sé ariamh.
 
carn
Is aige atá an ghna(ithe) a' reathach ó phóilíos, fear atá chomh cárnuighthe leis. Dheamhan treasna na troighe a bheadh sé, go mbeirtí air ('t' leathan i "mbeirtí").
+
D'íosfadh sé an oiread le carraera, bail ó Dhia air! = tá sé mór-thráthach, nó tá an-ghoile aige (is iondamhail go dteigheadh carraeraí i bhfad ó bhaile, le ualaighe nó igcoinne ualaigh, roimhe seo, a's go mbíodh a ngoile in a nglaic acu ar thoidheacht abhaile dhóibh. Sin é an t-ughdar atá le 'goile carraera').
TUILLEADH (1) ▼
InDomhnach ba mhaith an díol de charraera an oiread 'ithe leat, bail ó Dhia ort, a's dheamhan mórán dhá shlacht ort 'na dheidh sin!
 
ceal 1
Níl eirghe 'mo sheasamh ionnam cheal greim le n-ithe. Tá mé ar céalacan ó mhaidin.
+
ceas
Chuir sé ceas air fhéin le'r ith sé.
TUILLEADH (10) ▼
Bhí sé nuaidhe ag a' gceathile, a's d'ith sé an oiread dhe, a's gur chuir sé ceas air fhéin leis.
Tá sé chomh tórthamhail ar na fataí, a's go gcuireann sé ceas air fhéin leo(b), uair a' bith a bhfaghann sé aon-leigean orra(b), le n-ithe. Níl sé in ainm's iad ithe chor a' bith, arae ní thagann siad leis, ach itheann sé ingan-fhios iad 'na dheidh sin.
Tá sé mór-thráthach, a's níl aon uair, dá dteigheann sé ag ithe, nach gcuireann sé ceas air fhéin, leis a' ngliúrach (ngleorach) a leaga(nn)s sé isteach.
Tá cullach goile orm leis an ocras. Má fhaghaim fataí in áit a' bith, beidh mé dhá n-ithe, go gcuire mé ceas orm fhéin.
Shílfeá go dtiocfá le do dhíol (a ithe), a's gan craos mar sin a dhéanamh, a's gan ceas a chuir ort fhéin len' íosfá.
'Chuile uair, dá dteighe sé ag ithe, déanann sé craos. Ní bhíonn aon-mhaith aige ann, mara gcuire sé ceas air fhéin.
Dhéanfadh dhá thráth sa ló é, ach cuireann sé ceas air fhéin, 'chuile uair dhá dteigheann sé ag ithe. D'íosfad sé an oiread ar thráth, a's d'íosfadh duine eile ar feadh dhá lá.
Chloisinn m'athair a' rádh nach n-itheadh T. Ch. a bhí annsin thiar, ach dhá cheann de ló, ach nach n-eirigheadh sé ó'n gciseoig nó ó'n mbord, go mbíodh dhá phíopa tobac caithte ag chuile dhuine eile. Sin é an buachaill a chuireadh an ceas air fhéin!
Dhá mbeadh sé taobh le bheith 'na cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin, nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
D'agróchadh Dia ar dhuine é, 'chuirfeadh ceas air fhéin mar sin, le n'íosfadh sé.
+
Is beag dhe a d'fhéadfá 'ithe 'na dheidh sin. Tá sí an-cheasamhail.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá n-ithinn aon-ghreim dhi sin, chuirfeadh sí múisc orm. Tá sí ro-cheasamhail.
Má's ceasamhail ná ceasamhail anois í, ith suas í, arae níl malrait le faghail agad.
+
Níl aon-ghna(ithe) ag an gcimleacháinín sin a dhul a' cinnireacht. Mara dtosuigheadh a' capall ach a' cuachaighil, leigfeadh sé sin bóthar léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil de chinnireacht orra(b) muise, ach a ndéanfa Mac Th. Uí Mh. orra(b), eirighidís as, arae ní dhéanfa siad aon-ghna(ithe) = urlámh, ceannús ceann, treoruidheacht, comhairle.
 
Níl aon-ghna(ithe) agad rud ar bith a leigean leis a' gclabaire sin.
 
B'fhurasta aithinte dhuit, dhá mbeadh aon-áird ar do ghna(ithe) agad, gurb shin é a d'eireochadh dó. Ní áit a' bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín a' chomhra. Ceannócha tú ceann nuadh anois, muis!
 
Is beag a' ghna(ithe) atá aige a dhul i dtréim leis a' gclifeartach siúd. Dhéanfad sé cuailín cnámh dhó d'aon-iarraidh amháin.
 
Mo chuach annsin thú! Is agad atá an ghna(ithe) breith ar a' gcloich-neart, bail ó Dhia ort.
+
clóic
Dheamhan clóic ort anois. Beidh tú indon an oidhche a bharruidheacht, a's an foracún a d'ith tú.
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n chlóic a bheadh air (asal)? Nach bhfuil sé 'faghail greadadh le n'ithe, a's tá teálta annsiúd aige má thogruigheann sé a dhul isteach ann.
+
Tá'n t-iasc carraige sin ar fad coilgneach le n-ithe. Níor mhór do dhuine iasc mór le aon-tsubhachas ná aon-tsolamar a fhaghail orra(b).
TUILLEADH (1) ▼
Tá na blatháin bheaga sin ro-choilgneach le n-ithe ag mo leithide-sa. Drad maith fhéin nar mhór dhuit le dhul 'na n-éadan sin.