1.
bia a chaitheamh.
a.
+–
Is maith uaidh ithe - tá goile maith aige
Tá ithe a chodach ann — tá sé in ann a chuid bídh a chaitheamh
TUILLEADH (20) ▼
D'íosfadh sé an tsáith Mhuimhneach — tá an ghearradh gionach ina bholg; tá an-ghoile aige
Ní san ithe (itheachán) a chaill sé é — pé ar bith cén t-éalang eile atá air, tá a ghoile ar fónamh
D'íosfadh sé an t-iarann — nuair a bhíos ocras nó faobhar ar ghoile duine
Ní ceal ite atá oraibh — tá ithe bhur gcodach ionaibh; tá goile agaibh
D'íosfadh sé sin agus an oiread eile (dhá oiread eile srl.) agus faigheadh sé é — d'íosfadh sé a dhá oiread a bhfuair sé le n-ithe
D'íosfadh sé sin agus oiread eile (dhá oiread eile srl.) agus ní bheadh sách ná leathshách dó — ní bheadh a dhíol ná baol air in oiread eile an méid a fuair sé
D'íosfadh sé chuile ré solais
Itheann sé chuile phointe dhá mbaineann clog ná watch — itheann sé chuile leathuair an chloig; itheann sé go han-mhinic
D'ith sé a raibh faoi chaolachaí an tí againn
Is áibhéil an lear atá sé in ann ithe — is mór an méid
Tá sé in ann sos maith a ithe (sos = cess? nó deireann daoine tomhas — tus)
Nuair a bhíos goin ocrais air, is deacair a cheart le n-ithe a thabhairt dó — nuair a bhíos goile géar aige, is deacair a sháith le n-ithe (a dhíol le n-ithe, a dhóthain srl.) a thabhairt dó
Tá mo ghoile géaraithe ag an ól le dhá lá agus tá a shliocht orm: d'íosfainn a bhfeicfinn
Mura bhfuil sé in acmhainn í a shaothrú, tá sé in acmhainn í a ithe — beatha (nó bia)
D'ith sé roimhe a raibh sa teach — d'ith sé a dtáinig sé suas leis (déarfaí freisin é le duine nach mbeadh barainneach)
D'ith sé faoi is thairis — d'ith sé a bhfaca sé
D'ith sé cion dhá cháca — d'ith sé an oiread aráin agus go ndéanfaidís dhá cháca dhá mbeidís i dtoll a chéile
D'ith sé go raibh ceas air — bhí sé ag ithe gur tháinig an bia in aghaidh
Is mór an t-ionadh nach bhfuil ceas ort feasta agus a bhfuil ite agat
D'íosfadh sé a raibh ar bhainis Pheige Ní Eaghra (bainis clúitiúil a bhí i gConamara. Rinne Raiftearaí amhrán fúithi)
+–
Tá gliúrach ite aige (gliúrach = rud mór lasúnta ar bith — gliúrach thine, gliúrach bhídh, gliúrach óil srl.)
D'ith sé gliúrach agus tabhair gliúrach uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Tá raisín maith ite aige (raisín = lón beag)
+–
Is uafásach uaidh ithe; tá sé an-uafásach ag ithe; bíonn uafás an tsaoil air ag ithe — itheann sé go deifreach; alpaíonn sé an bia fearacht mada
Tá sé beo ag ithe — deifreach (ní "uafásach" mar atá thuas — tá an t-ampla i gceist in "uafásach")
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé beo deifreach ag ithe (beo scioptha, beo tapa, mear srl.)
Itheann sé a chuid d'aon iarraidh
Ní itheann sé chor ar bith é. 'Sé an chaoi slogann sé é
Is geall le madadh ag ithe é — cosúil le mada
Bhí sé ag ithe as cosa i dtaca — bhí sé ag ithe leis, ocras air nó dhe; ag ithe go beo scioptha
+–
Tá sé sacaithe lena bhfuil ite aige — bruithleachán air; é ina bholgán béice; é ina shacadán
Tá sé ina bholgán béice lena bhfuil ite aige — é ata otraithe
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ina bhruithleachán lena bhfuil ite aige (bruithleachán = tugtar é sin ar at i mbó de bharr uisce a ól a mbeadh doirb ann)
Tá sé bruithleach lena bhfuil ite aige; tá sé ina bhleitheach lena bhfuil ite aige — líonta suas
Tá sé ata lena bhfuil ite aige
Tá sé líonta lena bhfuil ite aige
Tá sé ag pléascadh lena bhfuil ite aige
Tá sé i gcruth pléasctha lena bhfuil ite aige
Tá béadail air lena bhfuil ite aige — bolg mór
Tá sceimhil air lena bhfuil ite (sceimhil = an ghlúin nó an bhoilsceana a chuirtear ar chruaich arbhair agus í dhá déanamh)
+–
Tá a bhfuil istigh is amuigh agam ite acub, agus ní féidir aon slacht a chur orthub ina dhiaidh sin.
D'íosfadh sé an teach agus ní bheadh slacht a chodach air ina dhiaidh sin — d'íosfadh sé go leor, agus ní bheadh aon ordú air, i gcosúlacht, dhá ainneoin sin
TUILLEADH (2) ▼
Itheann sé cion dháréag agus níl tada dhá shlacht air ina dhiaidh sin — itheann sé an oiread is a d'íosfadh dáréag, agus níl aon chosúlacht air go n-itheann sé tada
D'íosfadh sé a raibh istigh is amuigh agat agus ní bheadh pioc (a dhath, tada srl.) dhá shlacht air ina dhiaidh sin — ainneoin go n-íosfadh sé fáltas duine ar fad, ní bheadh cumadh (slacht) a chodach air ina dhiaidh sin
·
Tá sé chomh héisealach sin, agus nach n-íosfadh sé an ubh a rugadh inné — ní íosfadh sé ubh a rugadh inné mar ba dhóigh leis nach dtiocfadh sí lena ghoile. (Duine éisealach = duine a lochtaíos bia; duine nach dtagann an bia leis má shamhlaítear dhó go mbeadh locht ar bith air. Cuirim i gcás gur cheap sé sular bhris sé an ubh go mbeadh glugar inti, ansin ní fhéadfadh sé drannadh léithe)
'Sé an tanálaí bradach é! Ní íosfaidh sé tada a leagfas tú chuige — duine éisealach é; cuireann sé suas don bhia
+–
'Sé cuid an bheagán a d'ith sé — níor ith sé mórán
Ní íosfadh sé an oiread le sicín
TUILLEADH (4) ▼
D'íosfadh dreoilín an oiread leis
Is beag an teirgéis a n-itheann sé — is beag an lear
Is gearr le dhul a n-itheann sé — is beag an lear a itheann sé
Ní itheann sé ach faoi dhó sa ló
+–
Tá sé an-righin ag ithe — mall
Is righin uaidh ithe
TUILLEADH (3) ▼
'Sé an righneadóir is mó a chonaic mé ag ithe ariamh é — tá sé an-mhall ag ithe
Bheadh dhá bhéilí ite ag duine eile an fhad is chaitheann sé le béilí amháin
Ní fhéadfaidh tú a bheith ag feadaíl agus ag ithe mine (seanfhocal)
+–
Is mór a d'íosfadh duine de bhia blasta — is mór é díol duine de bhia blasta
Is beag a d'íosfadh duine de bhia oiltiúil — is beag é díol duine de bhia a mbíonn cuid maith sú ann (cuirim i gcás ronnachaí úra)
TUILLEADH (20) ▼
Má tá sé ag teacht in t'aghaidh, ná hith é — má tá sí ag cur fonn múisce nó urlacain ort srl.
Beatha nach dtagann le duine, b'fhearr dó (níor cheart dó, ba chóir dó, srl.) gan í a ithe
Dheamhan mórán atá an t-ithe (itheachán) a chur as dom, ainneoin gur dhúirt an dochtúr gan a ithe ach a laghad agus a d'fhéadfainn
Ith an méid sin agus fág an chuid eile ag an deachma (deachma = cíos nó cabhlach a bhíodh ar an Caitlicigh a íoc roimhe seo leis na teampaill ghallda agus an chléir ghallda a chothú. Tá ciallannaí sníofa samhlaíocha leis na bhfocal, cuirim i gcás anseo thuas nó i leaganachaí eile — "caithfear deachma na sláinte a íoc" nó "bhí trí mhac deag aige. 'Fágfaidh muid é seo ag an deachma,' adeir sé leis an tríú duine déag." Baintear leas as le cur i gcéill gur ceart fuílleach ar bith a fhágáil as margadh nó gan a chomhaireamh. San abairt réamhráite, ciallaíonn sé gan an fuílleach nó gan an rud ar fad a ithe — greim beag a fhágáil i do dhiaidh)
Tá beatha chomh daor anois agus gur ar a chruachúis do na daoine tada a ithe — tá an bheatha chomh daor agus nach bhfuil muid in acmhainn í a cheannacht
Tiocfaidh sé rite linn tada a ithe feasta má mhaireann don tsaol mar seo — tá chuile shórt ródhaor agus níl daoine in acmhainn tada a cheannacht
Is minic a d'ith sé mo chuid, ní dhá mhaíochtáil air é! — d'ith sé bia orm go minic, ach níl mé ina dhiaidh air anois
Itheadh chuile dhuine earra a phínne féin — ná bíodh duine ar bith ag ithe cuid na comharsan
Diachta (diachta dhuit, diachta Dé) nach n-itheann tú rud eicín (greim eicínt, ruainne eicínt srl.) — is mór an trua nach n-itheann tú greim eicín bia
Diachta Dé dhuit nach bhfuil do sháith ite agat feasta — tá sé thar am agat do sháith a bheith ite agat; tá tú ag ithe le fada, agus níl do chuid ite agat fós
Níor ith na laontaí a gcuid.
Tá a chuid ite ag an lao
Ceadh nár ith tú aon cheo fós — an amhlaidh nár ith tú tada fós
D'ith sé agus d'ól sé a spré — chaith sé an spré
Ní bheinn i ndiaidh a n-íosfadh sé air, murach a ndiomlaíonn (ndiomalaíonn) sé — níor mhór liom dó a n-itheann sé murach a gcuireann sé amú
D'ith mé riar ar maidin — roinnt, beagán srl.
D'ith sé canta aráin as cúl a ghlaice — bhí an stiallóg aráin ina láimh aige agus d'ith sé í
D'íosfá na fataí sin as cúl do ghlaice, tá siad chomh gáirí sin — tá na fataí chomh plúrach agus nach n-iarrfá anlann ar bith leo; d'íosfá ar a n-aghaidh féin iad
Ag bruitheachán agus ag itheachán atá muid i gcónaí sa teach seo — ag bruith agus ag ithe bídh
Is mairg a d'íosfadh cuid an tsolais (seanfhocal) — ní ceart bia a cheannacht ar airgead an tsolais; má tá airgead curtha i leithrigh agat, fa chomhair rud ar bith, ná caith an t-airgead sin ar do bholg
+–
Tairg bia do dhuine beo agus mura n-ithe sé é lig dó (seanfhocal)
Dhá mbeifeá ag tóint an bia go lá air, dheamhan blas di a d'íosfadh sé — dhá mbeifeá dá chuir air, nó ag strócántacht leis ag iarraidh air bia a ithe srl.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé ag strócántacht liom ag iarraidh orm a dhul ag ithe, ach dheamhan mo chos a d'ith aon ghreim ina dhiaidh sin — bhí sé ag cur iallach nó ag cur faoi deara dhom a dhul ag ithe, ach níor ith mé aon ghreim ainneoin sin
Dhá dtoghanadh sé faoi chéad orm é, ní íosfainn aon ghreim — ag dul go déan ort le thú a chur ag ithe
Mura n-ithe duine an rud gan aon tóint, is mairg a bheadh dhá thóint air — mura bhfuil duine sásta an rud a ithe nuair a iarrtar air é, ní ceart dul dá chur air gan buíochas
Is beag (fhóbair gur) nár chuir sí ag ithe den bhuíochas (in aghaidh mo chos srl.) mé.
Nuair nach n-íosfainn é, fhóbair gur chuir sé orm é (den bhuíochas)
Bhí sí dhá chuir orm ach ní íosfainn é — bhí dhá thóint orm, ach ní dhrannfainn leis
·
Ith leat agus ná bac liomsa — nuair a d'éireodh duine suas agus a bheadh duine eile ag an mbord
Ith suas agus ná bíodh cúthaileacht ná coimhthíos ar bith ort
+–
An bhfuil rud le n-ithe agat — bia
Cé thabharfas rud le rud le n-ithe dhaoibh? — bia
TUILLEADH (19) ▼
Tá mé ag iarraidh rud le n-ithe
Chuaigh siad isteach i dteach ag iarraidh rud le n-ithe
Is mór an díth céille atá ort ag coinneáil ruda le n-ithe le na scraistí sin, agus a fhusacht dóibh fhéin fáiteall a dhéanamh feasta — is seafóideach an mhaise dhuit é a bheith ag saothrú nó ag soláthar bídh do na daoine leisciúla sin, agus go bhfuil siad féin in ann saothrú agus soláthar a dhéanamh anois (déarfaí le máthair clainne é)
Mura bhfaighe sé rud le n-ithe anseo, caithfidh sé treabhadh nó tiomáint a dhéanamh — caithfidh sé rud le n-ithe a shaothrú dhó fhéin, nó imeacht nó fáiteall a dhéanamh
Sibhse ag sclamhaireacht ag iarraidh rud le n-ithe, agus gan cuimhne ar bith agaibh chomh daor agus atá beatha! — tá sibh ag cur a gcosa uaibh ag iarraidh bídh, ach ní chuimhníonn sibh chor ar bith cá bhfaighfear a luach agus chomh daor agus atá
Dhá mbeadh luach rud le n-ithe agam, ní dá iarraidh ortsa a bheinn — airgead bídh
Cá bhfaighidh sé luach rud le n-ithe agus gan slí ná seifte ó neamh aige — cá bhfaighidh sé luach bídh agus gan aon mhaoin ná deis airgid aige
Mura saothraí sibh luach rud le n-ithe dhaoibh féin, déanaidh dhá uireasa
Cuirfidh mé an teach dá lúdrachaí mura bhfaighe mé rud le n-ithe de ghorta gharta — leagfaidh mé an teach mura bhfaighe mé bia ar an toirt
Bhuail an sliabh gortach mé aniar ag tigh Chóilí agus fhóbair mé a dhul isteach ag Pheadair an Ghabha ag iarraidh rud le n-ithe
Ní thabharfainn bolg do rud le n-ithe anois — níl aon dúil agam i mbia
Níl aon fhonn rud le n-ithe orm — ní theastaíonn rud le n-ithe uaim
Níl aon tóir agam ar rud le n-ithe
Is beag bídeach nár cailleadh mé d'uireasa rud le n-ithe
Fhóbair nár tháinig lagar orm cheal rud le n-ithe
Mura bhfaighe mise rud le n-ithe, beidh rud ar a shon agaibhse — mura bhfaighe mé bia, bainfidh mé díoltas amach
Is bocht an chaoi é d'uireasa rud le n-ithe ó mhaidin
Tá mo ghoile dúnta cheal rud le n-ithe — ní fhéadfainn tada a ithe anois; chuirfinn amach aríst é mar tá mé an fhad sin ar chéalacan
Má tá rud le n-ithe agat, altaigh é — tabhair buíochas le Dia go bhfuil bia agus beatha agat
+–
Tháinig sé isteach ag iarraidh a chuid le n-ithe — a bhéilí
Más é do chuid le n-ithe atá tú a iarraidh, faigh é san áit a raibh tú ó mhaidin — faigh do bheilí san áit ar chaith tú an lá (ag cuartaíocht nó eile)
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfaigheadh sé a chuid le n-ithe, ní éileodh sé aon bhuille maitheasa a dhéanamh go deo — dhá bhfaigheadh sé bia, ní thabharfadh sé toil ar aon obair a dhéanamh go héag
+–
Is gearr le dhul orm an méidín atá le n-ithe agam — ní sheasfaidh an teirgéis bheag sin i bhfad dom
Ní bhfuair sé le n-ithe ach an teirgéis — beagán
TUILLEADH (5) ▼
'Sí an chaolchuid a d'ith sé ariamh, ná a bhí aige le n-ithe, agus is leitheadaí a labhródh sé ná an té a chleacht fuílleach — ní raibh mórán le n-ithe aige ariamh, ná seifte ar bith aige, ach tá sé níos postúla ag caint anois ná an té go raibh neart le n-ithe ariamh aige
Níl a dhath ariamh le n-ithe faoi chaolach an tí againn
Tá neart le n-ithe agus le n-ól againn, buíochas le Dia — tá neart bídh againn
Tá fuílleach le n-ithe ag na gamhna i ngarraí an tobair — neart, cuid mhaith
Tá a dhá ndíol le n-ithe acu ansin — a dhá ndóthain; oiread agus a dhéanfadh iad faoi dhó
+–
Níl mo leathsháith (mo leathdhíol, mo leathdhóthain) le n-ithe agam anseo
Is beag é do sháith le n-ithe
TUILLEADH (3) ▼
Is mór é do sháith le n-ithe — is mór é do dhíol srl. (sáith = Achréidh; Gnó Bheag agus Gnó Mhór díol, dóthain, ó Ghaillimh siar)
Ní choinneodh Muileann Phalmer a sháith le n-ithe leis — muileann plúir i nGaillimh
Má tá sé ag tabhairt uaidh, ní cheal a sháith le n-ithe é (dúradh le gamhain) — má tá sé ag dul ar deireadh nó ag imeacht as, ní hé an t-údar atá leis nach bhfaigheann sé a dhíol beatha
+–
Níl greim le n-ithe aige (níl a dhath le n-ithe aige; níl pioc le n-ithe aige; níl oiread na fríde le n-ithe aige, níl luach leithphínne le n-ithe aige, níl líon leith srl., níl a shúil srl., níl an oiread is a thoillfeadh ar phláta srl., níl an oiread is a thoillfeadh in do ghlaic srl., níl greim béil srl., níl lán do bhoise srl.)
Níl greim dár dhealbh an ghrian le n-ithe aige — níl aon ghreim
TUILLEADH (1) ▼
Ní iontas ar bith leob siúd gan aon ghreim le n-ithe a bheith acu. Céard a chleacht siad ariamh? — ní iontas ar bith orthu nach bhfuil tada le n-ithe acu anois, arae bhíodar ariamh i gcónaí amhlaidh
+–
Réitigh sí greim le n-ithe dhúinn
Nuair nach bhfaca mé fhéin aon chosúlacht aon ghreim le n-ithe, lig mé liom fhéin — nuair nach bhfaca sé go raibh aon chosúlacht ar mhuintir an tí aon bhia a chur faoi réir, d'imigh leis
TUILLEADH (8) ▼
Dhá gcaitheá dhá lá do shaoil ann, ní fhiafróidís díot ar theastaigh greim le n-ithe uait
Theastaigh greim le n-ithe uaim — bhí ocras orm
Bhí slabhra ocrais orm, agus gan a fhios agam cá bhfaighinn aon ghreim (aon ruainne, aon cheo srl.) le n-ithe
'Sé an baile is measa ar theastaigh greim le n-ithe uait ariamh ann é. Ní fhiafródh siad dhíot an raibh béal ort dhá mbeifeá ann go sleibhe — is olc an áit é dhá mbeadh ocras ort; ní fhiafródh siad dhíot go deo ar theastaigh bia uait
Níl a fhios ag duine céard é an greim le n-ithe go mbeidh sé as baile — ní thuigeann duine céard é ocras nó céard é bia go mbeidh sé in áit strainséara, arae bíonn sé ag ithe chuile phointe dhá dtograíonn sé ag baile
Is mór is fiú an greim le n-ithe nuair a bhuailfeas an t-ocras thú
Bhuail sliabh gortach ar an mbóthar iad agus gan aon ghreim le n-ithe ní ba gaire dhíobh ná Gleann Trasna — tháinig ocras orthu agus ba é Gleann Trasna an áit ba gaire dhóibh a bhfaighidís bia
B'fhearr ab aite liom greim le n-ithe a fháil ná a chuid seanchais — b'fhearr liom bia ná caint
+–
An té nach bhfaigheann a dhíol le n-ithe, bíonn a shéala air — an té nach mbeathaítear mar is ceart, bíonn a shliocht air
Níor chleacht sé sin mórán le n-ithe ariamh — ní raibh mórán le n-ithe aige ariamh
TUILLEADH (5) ▼
Ná corraígí anois go bhfaighe sibh ruainne le n-ithe
An gcuireann sí taobh leis an méid sin le n-ithe thú — ceadh nach dtugann sí duit ach an méid sin
Má chuir sí taobh leis an méid sin le n-ithe é, is gearr a chuaigh sé ar a ghoile siúd — d'íosfadh sé cuid mhaith eile i dteannta a bhfuair sé
Má chuir sí taobh leis an méid sin le n-ithe é, ní raibh sú salúin i mbéal bulláin aige ann — ba ghearr ar a ghoile a bhfuair sé le n-ithe
Fuair tú do cheart le n-ithe cheana agus gan a bheith ag iarraidh tuillidh (ag súil, ag tnúthán, ar thóir, ag cuartú, ag lorg srl.) — fuair tú do dhíol le n-ithe srl.
b.
·
D'íosfainn í sula d'ardóinn í (cloch) — ní bheadh aon ghair agam an chloch sin a ardú; níl mé sách láidir lena dhéanamh
D'íosfainn Séamas sula leagfainn é — níl mé in ann a leagan, ná baol ar bith
2.
(ciallanna samhaltacha, sníofa).
a.
lán, caite, tugtha do, caillte le.
+–
Tá sí ite leis an olc — tá sí caillte leis an olc; tá an t-olc go smior inti; tá sí chomh holc sin agus go bhfuil sí ídithe aige
Tá sí ite leis an gcantal
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí ite leis an ngangaide (ní bhaintear aon leas as in aon aimsir eile, ná le focla ar bith eile cé is moite de fhocla fearacht, olc, cantal agus gangaide)
·
Beidh sí ite ar fad anois nuair a chloisfeas sí go bhfuil muintir Sheáin le teach nua a dhéanamh — cuirfidh an scéal sin an-éad uirthi
b.
caillte; den tsaol.
+–
Tá mé ite le tochas — tá mé den tsaol le tochas
Tá mé ite ag gearbógaí — tá go leor tochais orm acu
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ite ag na sneá — cuireann na sneá an-tochas orm
3.
(cúrsaí scaimhléireachta, reice, nó díblithe, nó cáinte).
a.
+–
D'ith sí mé — cháin sí agus fuair sí locht orm
D'ith sí agus liobair sí mé — thug sí drochdhíbliú agus cáineadh dhom
TUILLEADH (9) ▼
Tá sí do m'ithe agus do mo liobairt chuile ré solais
Ní cóir do dhuine a bheith ag ithe agus ag liobairt ar a chomharsa mar sin chuile mhionóid
Bheadh ciall cáineadh, ach d'ith sí agus liobair sí mé — níor mhiste mé a cháineadh, ach dhíbligh sí críochnaithe orm
Tá ceart ag a chluasa a bheith te agus an ithe atá sé a fháil anseo — ba cheart go mbeadh cluasa te aige agus an béadán atá dhá dhéanamh air
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht léithe ag ithe agus ag liobairt
Tá mé ite liobraithe acu
Is gránna an faisean a thug tú faoi deara dhuit fhéin a bheith i gcónaí ag ithe agus ag liobairt do dhuine fhéin — is gránna an béas a d'fhoghlaim tú a bheith i gcónaí ag cáineadh do mhuintire agus do ghaolta féin
D'íosfadh sí tú dhá gcuirtheá chuici ná uaithi
Bíonn sí síoraí ag ithe agus ag gearradh orainn — ag liobairt
b.
oilbhéas, olc, achrannach, uafásach.
+–
D'íosfadh sé beo beathach le gráinne salainn thú — duine oilbhéasach achrannach
D'íosfadh an t-amhas sin thú. Ná cuir araoid ar bith air
TUILLEADH (2) ▼
D'íosfadh sí duine nuair a bhíos an t-olc air.
Fhóbair gur ith sé idir chorp chleite agus sciathán mé — thug sé farrach chomh mór sin fúm agus gur beag nár ith sé mé i dteannta mé a bhualadh
4.
ag caitheamh, ag snoí, ag gearradh.
+–
Tá an lot ag ithe roimhe — ag gearradh na feola agus ag tolgadh na colna leis
Itheann an cancer roimhe
TUILLEADH (5) ▼
Bíonn faithne ailse ag ithe roimhe go deo go mbíonn an cholainn ina búilleach as éadan aige — snoíonn sé an fheoil roimhe go mbíonn an cholainn ina cosair cró fré chéile
D'ith sé roimhe riamh riamh gur bhuail sé an cnámh
Tá cos bocht aige. Cnap eicín atá ag ithe roimhe atá air
Ná bac le lot ar bith a íosfas roimhe mar sin — níl i ndán leighis dó
Is bocht an rud é lot a íosfas roimhe
Féach freisin
→
duaidh
ith in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sé ansin é le faitíos a ithe
Tabhair anuas feadhnach uisce agam. Tá íota orm i ndiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa anlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst chomh goirt sin é
→
fearann
D'ith mé fearann de cháca caiscín, agus d'ól mé muigín bláthaí. Bheinn deireanach dhá bhfanainn leis an tae
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
+
→
fág
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hitheadh, ba bheag a lua aige a dhul tharamsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scaitheamh murach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é — bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfadh Peadar é. Dheamhan é go n-itheadh sé é. Ach cár fhága tú Seán? — dhéanfadh Seán é; bhí agat labhairt air
→
fáinne
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
Chonaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; ag mháinneáil, ag máinneáil) ansin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé murab ar na cearca é. Ní bheadh lá iontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí — ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, srl.) mar a bheadh sé i gcearcall
+
→
fóir
Go bhfóire Mac Dé bheannaithe ort, ní dhéanfadh sé é go n-itheadh sé é, agus is beag a mhaith dhuitse a rá go ndéanfadh!
TUILLEADH (1) ▼
Cé a dhéanfas fóirín air anois mura bhfuil greim le n-ithe aige?
Ag caitheamh an tsaoil, slán an caidéiseach. Ní cás do dhuine é an fhad is tá sé in ann a dhul isteach agus amach agus a chuid a ithe.
Tá sí chomh caidéiseach agus gur beag nach dteastódh uaithi fios a fháil céard a d'ith tú le do bhricfasta ar maidin.
+
→
cailm
Tá cailm mhór air go deimhin — fear a d'ith ionann is punt feola inné!
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon chailm anois ort. Beidh tú in ann an oíche a bharraíocht théis an mhuinisc sin a ithe.
+
'Íosfaidh an camán luatha orainn iad,' adeireadh muid fadó agus muid ag cur síos bruithneogaí. Chlúdaíodh muid le luatha iad, mar dhóigh dhe nach bhfeicfí iad.
TUILLEADH (4) ▼
Mura gclúdaí tú an bhruithneog sin, íosfaidh an camán luatha ort í.
Tabhair aire do na bairnigh sin nó íosfaidh an camán luatha ort iad. Itheann sé bairnigh ar ghasúir bheaga.
Clúdóidh mé iad agus ní thabharfaidh mé cead don chamán luatha iad a ithe orm.
Nach beag an chiall a bhíodh againn nuair a shíleadh muid go n-íosfadh an camán luatha na fataí a bhíodh muid a róstadh sa tine.
Cuirfidh mise cantaireacht ar an ngoile agaibh mura ndéana sibh foras, agus cead a thabhairt dom mo shuipéar a itheadh faoi shlacht.
+
→
carraera
D'íosfadh sé an oiread le carraera, bail ó Dhia air! — tá sé mórthráthach, nó tá an-ghoile aige. Is iondúil go dtéadh carraeraí i bhfad ó bhaile, le ualaí nó i gcoinne ualaigh, roimhe seo agus go mbíodh a ngoile ina nglaic acu ar theacht abhaile dhóibh. Sin é an t-údar atá le goile carraera
TUILLEADH (1) ▼
I nDomhnach ba mhaith an díol de charraera an oiread a ithe leat, bail ó Dhia ort, agus dheamhan mórán dhá shlacht ort ina dhiaidh sin!
+
→
ceas
Tá ceas orm lena bhfuil ite agam.
TUILLEADH (12) ▼
Chuir sé ceas air fhéin ler ith sé.
Bhí sé nua ag an gceaile, agus d'ith sé an oiread dhe agus gur chuir sé ceas air fhéin leis.
D'ith mé an-fhoracún éisc inniu. Tá ceas orm aige.
Tá sé chomh tóirúil ar na fataí agus go gcuireann sé ceas air fhéin leob uair ar bith a bhfaigheann sé aon ligean orthub le n-ithe. Níl sé in ainm is iad a ithe chor ar bith, arae ní thagann siad leis, ach itheann sé i ngan fhios iad ina dhiaidh sin.
Tá sé mórthráthach, agus níl aon uair dá dtéann sé ag ithe nach gcuireann sé ceas air fhéin leis an ngliúrach (ngleorach) a leaganns sé isteach.
Tá collach goile orm leis an ocras. Má fhaighim fataí in áit ar bith, beidh mé dhá n-ithe go gcuire mé ceas orm fhéin.
Shílfeá go dtiocfá le do dhíol (a ithe), agus gan craos mar sin a dhéanamh agus gan ceas a chur ort fhéin le n-íosfá.
Chuile uair dá dté sé ag ithe, déanann sé craos. Ní bhíonn aon mhaith aige ann mura gcuire sé ceas air fhéin.
Dhéanfadh dhá thráth sa ló é, ach cuireann sé ceas air fhéin chuile uair dhá dtéann sé ag ithe. D'íosfadh sé an oiread ar thráth agus a d'íosfadh duine eile ar feadh dhá lá.
Chloisinn m'athair ag rá nach n-itheadh T. Ch. a bhí ansin thiar ach dhá cheann de ló, ach nach n-éiríodh sé ón gciseoig nó ón mbord, go mbíodh dhá phíopa tobac caite ag chuile dhuine eile. Sin é an buachaill a chuireadh an ceas air fhéin!
Dhá mbeadh sé taobh le bheith ina cheas aige, ach ní raibh. Bhuail múisc é freisin nó gur chuir sé amach ar ith sé, aríst ar ais.
D'agródh Dia ar dhuine é, a chuirfeadh ceas air fhéin mar sin, le n-íosfadh sé.
+
→
ceasúil
Is beag dhe a d'fhéadfá a ithe ina dhiaidh sin. Tá sí an-cheasúil.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá n-ithinn aon ghreim dhi sin, chuirfeadh sí múisc orm. Tá sí rócheasúil.
Más ceasúil ná ceasúil anois í, ith suas í, arae níl malrait le fáil agat.
+
→
clóic
Dheamhan clóic ort anois. Beidh tú in ann an oíche a bharraíocht agus an foracún a d'ith tú.
TUILLEADH (1) ▼
Cén chlóic a bheadh air (asal)? Nach bhfuil sé ag fáil greadadh le n'ithe, agus tá teálta ansiúd aige má thograíonn sé a dhul isteach ann.
+
Tá an t-iasc carraige sin ar fad coilgneach le n-ithe. Níor mhór do dhuine iasc mór le aon tsubhachas ná aon tsolamar a fháil orthub.
TUILLEADH (2) ▼
Tá na blatháin bheaga sin róchoilgneach le n-ithe ag mo leithidese. Drad maith fhéin nár mhór dhuit le dhul ina n-éadan sin.
Ní mór dhuit géaráin ghéara más leat tosaí dhá n-ithe seo. Cnámha fré chéile iad.
+
Ná bíodh coimhthíos ná cúthaileadas ort anseo, ach ith suas do dhóthain.
TUILLEADH (1) ▼
Fág an bheatha ansin acub agus ithidís fhéin í más breá leob é. Tá an iomarca coimhthís orthub romhatsa anois.
Is olc a chruthaigh sibh nach ndeachaigh ag coinnleoireacht anocht. Ba mhór an solamar corr-rampaire breá d'éan a bheith le n-ithe ag duine.
→
colg
Ní féidir breith ar bhod gorm lena bhfuil de choilgní air, agus tá sé amhlaidh le n-ithe. Is deacair solamar ar bith a fháil air lena bhfuil de chnámha ann.