Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ite (50+)

 
ceas
Tá ceas orm lena bhfuil ite agam.
 
cora
Tá cora gearbóg ina cheann; tá a cheann ite le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá coirt nó carcair gearbóg ina chloigeann.
 
Ní chuibhreodh cuingir na gabhair sin. Cosacáin a bhí agat a bhualadh orthub. Na cupla crainnín a chuir mé ansin thiar, tá siad ite ag na diabhail. Cén bhrí, ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud ar bith, tiocfaidh sé ar gcúl!
 
Drochbhliain a dhéanfas sí, tá faitíos orm. M'anam go bhfuil a chosúlacht lena chois. Níl barrann shlán ag gabháil liom nach bhfuil ite ag dúchan agus gan é ina Fhéil San Seáin fós.
 
Má bealaíodh nó má bruitheadh an ghabáiste sin i bhfeoil, níl aon chead ite uirthi inniu (Dia hAoine)
 
Is mór an carghas gan an chromnasc a bhaint den asal sin thuas, arae tá a chois ite isteach go cnáimh aici. Ach dar ndóigh, má bhaintear dhe í, beidh sí imithe faoi scoir aríst.
 
borr
Tá sé ag borradh agus ag at anois lena bhfuil ite aige.
 
Ní bheidh mé as (gort) amach i mbliana mar tá sé ite le brobhais agus salachar.
 
aicis
Má thugann tú aicis mar sin faoi deara dhuit féin, beidh tú ite gan mórán achair — má bhíonn tú ag iongabháil do chuid aicise, ní bheidh lá suaimhnis agat dhá barr go gairid
 
buail
B'fhéidir go mbuailfinn siar ar an tórramh scaithín ar ball nuair a bheas mé bearrtha agus mo chuid ite agam.
 
ainm
Bhí a dhinnéar ite aige an fhad is bheifeá ag rá in ainm an Athar
 
Tá a bhfuil istigh is amuigh againn ite ag luchain. An bhféadfá údar maith cait a dhéanamh amach dhom in áit ar bith?
 
Caithfidh siad (beithígh) fáiteall eicínt a dhéanamh nuair nach bhfuil aon tseamaide ar a chuid féin. Tá na Barra Garbha siúd thuas ite isteach go grinneall anois acu. Is diabhlaí an rud beithígh a cheannacht mar sin agus gan gionnóid (deannóid) le n-ithe agat le tabhairt dóibh
 
istigh
Tá mé ite liobraithe istigh is amuigh agaibh — ní fhaighim foras ná suaimhneas uaibh amuigh ná sa mbaile
+
ith
Ní ceal ite atá oraibh — tá ithe bhur gcodach ionaibh; tá goile agaibh
TUILLEADH (25) ▼
Is mór an t-ionadh nach bhfuil ceas ort feasta agus a bhfuil ite agat
Tá gliúrach ite aige (gliúrach = rud mór lasúnta ar bith — gliúrach thine, gliúrach bhídh, gliúrach óil srl.)
Tá raisín maith ite aige (raisín = lón beag)
Tá sé sacaithe lena bhfuil ite aige — bruithleachán air; é ina bholgán béice; é ina shacadán
Tá sé ina bholgán béice lena bhfuil ite aige — é ata otraithe
Tá sé ina bhruithleachán lena bhfuil ite aige (bruithleachán = tugtar é sin ar at i mbó de bharr uisce a ól a mbeadh doirb ann)
Tá sé bruithleach lena bhfuil ite aige; tá sé ina bhleitheach lena bhfuil ite aige — líonta suas
Tá sé ata lena bhfuil ite aige
Tá sé líonta lena bhfuil ite aige
Tá sé ag pléascadh lena bhfuil ite aige
Tá sé i gcruth pléasctha lena bhfuil ite aige
Tá béadail air lena bhfuil ite aige — bolg mór
Tá sceimhil air lena bhfuil ite (sceimhil = an ghlúin nó an bhoilsceana a chuirtear ar chruaich arbhair agus í dhá déanamh)
Tá a bhfuil istigh is amuigh agam ite acub, agus ní féidir aon slacht a chur orthub ina dhiaidh sin.
Bheadh dhá bhéilí ite ag duine eile an fhad is chaitheann sé le béilí amháin
Diachta Dé dhuit nach bhfuil do sháith ite agat feasta — tá sé thar am agat do sháith a bheith ite agat; tá tú ag ithe le fada, agus níl do chuid ite agat fós
Tá a chuid ite ag an lao
Tá sí ite leis an olc — tá sí caillte leis an olc; tá an t-olc go smior inti; tá sí chomh holc sin agus go bhfuil sí ídithe aige
Tá sí ite leis an gcantal
Tá sí ite leis an ngangaide (ní bhaintear aon leas as in aon aimsir eile, ná le focla ar bith eile cé is moite de fhocla fearacht, olc, cantal agus gangaide)
Beidh sí ite ar fad anois nuair a chloisfeas sí go bhfuil muintir Sheáin le teach nua a dhéanamh — cuirfidh an scéal sin an-éad uirthi
Tá mé ite le tochas — tá mé den tsaol le tochas
Tá mé ite ag gearbógaí — tá go leor tochais orm acu
Tá mé ite ag na sneá — cuireann na sneá an-tochas orm
Tá mé ite liobraithe acu
 
Tá mo dhóthain ite anois agam, go mbuanaí Dia fairsinge bídh agaibhse, agus gur fearr a bheas sibh bliain ó inniu
 
fiú
Céard is fiú scadán agus a leath ite? (Freagra: is fiú a iompú ar an taobh eile)
 
Tá an madadh ag cur fuarchruit air fhéin le sámhas. Airíonn sé go bhfuil a dhóthain ite aige anois
 
Bhíodh dea-chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ite le cantal, má fheiceann duine acu maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá an aicis sna daoine anois
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
+
Níl deireadh ite fós aige
TUILLEADH (2) ▼
Tá deireadh a chuid fataí ite — tá sé réidh; is gearr an bás uaidh
Tá an dinnéar go díreach ite againn. Dhá dteagtá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agat. Is cosúil gur i ndeireadh na bliana a rugadh tú
 
Tá an fata deireanach ite agat, má bheirim ort istigh ansin aríst
 
deis
An bhfeiceann tú an deis atá ar an ngabáiste i mbliana: í rodta ite as cnáimh éadain ag péiste agus ag cuileogaí. I nDomhnach tá, hé brí cén chiall é.