Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Leaba
1.
a.
·
Is geal í a leaba 'sna Flaithis anocht (nuair a bheithidhe ag trácht ar dhuine atá ar shlighe na fírinne, agus a naomhadh, dar leis an té a bhí ag cainnt air).
b.
·
An leaba a thomhais sé dhó fhéin codluigheadh sé anois innte = sé sin, má thuarann duine ainriocht dó féin, nó má bhíonn sé in a chionn-tsiocair le droch-bhail a chur ar a chúrsaí fhéin, caithfe sé glacadh leis an ainriocht nó leis an droch-bhail sin, ó's dó fhéin atá a mhilleán ag sroicheadh.
c.
leaba chnaiste agus leaba téastair: dhá chineál leaba i dtighthe.
2.
leaba dhearg = tuimín a lonnuigheann girr-fhiadh.
·
Tá'n áit sin in a leaba dhearg aige (ciall shamhaltach) = go mbíonn an té sin ann go minic nó go síorruidhe.
3.
an áit ar thaobh curraigh a dtilleann na maidí rámha (leabthachaí)
4.
in a leaba = in áit.
·
Racha mise chuig an aonach indo leaba-sa = in t'áit-se.

Leaba in iontrálacha eile (50+)

 
Sé'n áit a raibh an folach (mála mór arbhair nó eile) aige thiar ar a cairthín, i leaba é bheith faoi na druím. 'mbeadh maith ar bith a bheith cainnt!
 
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin, in ainm's a bheith ar a gcaomhamhaint, bhánuigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dubhairt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó eirghe dhá leaba 'san oidhche, le duine aca(b) a leigean isteach innte. Deirimse leat gur beag é a bhuidheachas anois, aindeoin ar chaith sé orrab.
 
catóg
Is diabhluidhe an stolladh atá ann indiu. Dá gcuirteá na bráithlíní ar na catógaí ar maidin, i leaba iad a chur ar tuar, bheidís tirm agad trathnóna.
 
Má tá sé a' faghail cinnireacht' chomh maith sin, is mór a' t-iongnadh, nach mbeadh slacht a chodach air. In a leaba sin, is geall le leath-deire cait an giall atá air.
 
ciste
Fhobair ciste a bheith faighte ag mo shean-athair 'sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinic go dtí é a's adubhairt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuinntir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac a' phota nochtuighthe aca(b), nuair a tháinic an marcach — marcach a bhí chomh h-árd leis an aer — go dtí iad, a's d'fhuagair sé orra(b) staonadh. Sin é 'raibh na thimcheall. D'fhan a' ciste mar sin ariamh ó shoin, a's chreidim go bhfanfa, ar ar son se'aghainne.
 
Ní shin é an chaoi le cloich-neart a chaitheamh ó'n ngualainn chor a' bith. Níl tusa a' cur deis a' bith ort fhéin léithe. Ar a' láimh atá tú a' cur an stró ar fad, i leaba, é 'chuir ar a' ngualainn a's ar a' slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú a' cur cosamhlacht chaithte eicínt ort fhéin!
 
Coireocha sé go maith ar T. Mh. le 'chuile dhuine eile, ach is beag a' luath aige aon-cheo a rádh suas le na bhéal. In a leaba sin, a' brughadh air a bhío(nn)s sé.
 
Tá an ceann céadna sáthach coitchiannta ar bhóithrí, i leaba dhá athair a's dhá mháthair smacht a chur air, a's é 'choinneál istigh = sáthach minic.
 
colg
Is maith an leaba muc é an colg sin.
 
Níor mhór do'n chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mara bhfuil sé suas 's anuas ann, tá sé siar 's aniar ann. A's nach hé atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
 
Bhí an bheirt a' tarraingt na bráithlíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad ceaithréabachaí dhi eatorra(b).
 
Níor fhága an slaghdán bradach sin siubhal a' bhealaigh agham. Seachtmhain a bhí mé buailte síos leis, a's ba mheasa dhom é, ná dhá gcaithinn bliadhain in mo leaba.
 
Go dtuga an diabhal thairis a chuid bealthuidheachta croisim aríst é! I leaba a dhul a' ceannacht fheola, ba chóra dhó go mór fada balcaisí eicínt éadaigh a cheannacht dá chuid cloinne, atá ag imtheacht a's gan snáth de na seacht n-éadaighe orra(b).
 
beann
Ba bheag an bhinn a bhí agamsa de'n leaba sa'n áit a raibh triúr.
 
Sílim gur chaith ceannuidhe an oidhche aréir imbéalmhachaí an tighe seo. Fuair mé leaba dhearg 'san iothlainn ar maidin, a's níor tháinic iabh ar a' mada, ach a' tafann ar feadh na h-oidhche.
 
Dheamhan fascadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde a's buaileadh chuile dheoir ariamh de'n chraobh-mhúr sin orm. 'Séard a bhí do mo speidhreadh ar fad, go raibh sí tuitim mar bheithí dhá dóirteadh as criathar, a's bhí sé 'na scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, a's bhí sé chomh tirm a's dá mba amach ar leaba chlúmhaighe a d'eireochadh sé, a's mise in mo líbín.
 
Sníomhfa sé siúd a' leaba, má theigheann sé chodladh uirre. Tá'n cráisiléad údaidh chúig clocha déag meadhchain, má tá sé taobh leis.
 
Shílfeá go mbeadh déantús maitheasa eicínt ionnaibh thairis sin, nó go n-eireochadh sib in am. Nach bhfuil fhios agaibh nach áit buaile ná sean-bhaile do thalmhuidhe an leaba, an tráth seo 'ló, i leaba dhaoib a bheith amuigh 'na gcuid oibre le uair a' chluig.
+
beo 1
Siúd í an leaba a bhí beo le dreanncaidí.
TUILLEADH (2) ▼
Ar a' dá luath a's ar dhubhairt mé fhéin an méid sin, d'eirigh sí aniar beo, bíodhgamhail sa leaba chugam, a's chuir sí na súile thríom.
Má mharbhuigh muid muc do Mhártan fhéin, tiubharfa dia muc eile dhuinn in a leaba, le congnamh dé. 'Go méaduighe dia feoil bheo, a's daoine slána againn.
 
biorach 1
Shíl mé go dtiocfadh an bhainríoghan timcheall biorach, a's bheadh tuitim imeartha agam annsin leis a' gcuileata, arae bhí drámhaisí ar foghnamh agham. In a leaba sin, is amhla a bhánuigh mé mé fhéin, a' gabhail 'san áit nar bhain dhom.
 
biorach 2
Cé'n chaoi bhféadfadh a bheith in a lacht (lacht bó) ach a' teirgéis, a's an peata de laogh sin a' diúl uirre 'chuile ré soluis, i leaba biorach a chuir air, nó é 'dhealú uaithe.
 
Rinne sé bleághanach sa leaba.
 
bocht 1
Nach bocht dó a bheith claoidhte fhéin — fear nar fhága an leaba, a's nach ndeacha greim ar a bhéal le chúig lá!
 
borr
I leaba bheith dhá chlaonadh, 'séard tá sé a' borradh leis = i leaba bheith 'cur chomhairle nó aithne air, is amhla tá sé dhá shaghdadh tuille.
 
Fágadh a raibh de mhóin ar a' mbruach thiar in a brat-scair fré chéile anuiridh. Shíl sé go dtiocfadh tiormach sa bhfoghmhar, ach in a leaba sin, tháinic an bhliadhain chomh dona, a's nar thiormuigh fód ar bith.
 
breá
Is breagh í an leaba fhéin.
+
bruach
Shíl sé greim a choinneál ar a' dá bhruach, ach in a leaba sin, sé'n chaoi a raibh sé, nach raibh bruach a' bith aige faoi dheire.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an oiread uathbháis oibre air siúd, a's go n-ionntóchad sé an sean-duine a bheadh ar bhruach na h-uaighe, trí h-uaire sa leaba, 'bhfeiceadh sé a mbeadh sé indon buille 'bith a dhéanamh.
 
aer
Bíonn an ghrian árd ar an aer agus a' lá ársuighthe go maith, shul is mian leis an leaba fhágáil.
 
Níl de leigheas ar ghalra aithmhéalach mar sin, ach an leaba a choinneál (a chothú) go dtuga sé a sheal = duine a mbeadh galra a. air, ba cheart dó, fanacht sa leaba, go mbeadh áirleacan an tinnis caithte.
+
Dhá ndéanthá mo chomhairle-sa, a's imtheacht in am, dheamhan a' deoir fhéin a bhuailfidhe ort. In a leaba sin, tá tú báithte go craiceann.
TUILLEADH (2) ▼
I leaba an chruit a bhí air a bhaint di, 'séard a rinne na sidheogaí cruit eile a bhualadh air in a mullach (as scéal an Chruitínigh — "De Luain, Dé Máirt" etc).
É 'bhualadh thall ar dhuine eile ba mhian leat a dhéanamh anois! 'An leaba a thomhais tú dhuit féin, codail innte', má's breagh leat.
 
buail
Buail siar ar a' leaba
 
buille
Má's leat aon-bhuille maitheasa a dhéanamh, ní fhéadfa tú an oiread cion a bheith agad ar a' leaba a's atá.
 
buinne 1
Ní chuireann cuid de na gliomadóirí buinne béil a' bith ar na potaí gliomach. Slaitíní sáithte a bhío(nn)s aca(b) air in a leaba.
 
ailleog 1
Bhí sé lúbarnaoighil sa leaba, agus 'chaon ailleog aige = bhí sé ar a tháirm a' glaodhach
 
Nuair a shíl sé a leas a dhéanamh, sí aimhleas a rinne sé in a leaba sin.
 
Ag áirdeall ormsa atá tú, 'leaba do ghna(ithe) a dhéanamh.
 
Ní fiú trumpa gan teanga thú ag aireachas ar thada. Dubhairt mé leat na fataí a thógáil chomh luath a's d'aireochthá a' cnagadh iad, ach in a leaba sin d'fhága tú 'bruith iad, go raibh siad in a mionnamhas."
 
aire
Tabhair fíor-aire dhuit fhéin anois, nó cuirfe mise dhá ghob ort i leaba gob amháin.
 
airigh
Ní aireochadh sé gunna mór agus caithtí le na chluais sa leaba í, le neart codlata.
 
Sin é an peann a bhain an chainnt a's a' troid amach, agus leaba do mháithreachaí splannc eicínt chéille 'bheith aca(b), agus gan a bheith a' moladh le na gcloínn.
 
Tá siad a' corruighe amach anois i leaba a chéile.
 
Glac t'ionbhadh agus feicfe tú fhéin air, go dtiocfa an scéal ar fad amach i leaba a chéile.
+
Is iomdha a leithide ariamh, nuair nach mbeadh an saoghal ag eirghe leis, a dhíolfadh amach a mbeadh aige, agus a ghreadfadh go 'Meiriocá. Ach ina leaba sin a' cruadhchan in aghaidh na h-anachain a bhíodh sé. Tá a shliocht air anois: tá'n saoghal a' féithiú leis dhá fhada go dtí é!
TUILLEADH (1) ▼
Ó thárla an anachain ar na muca, leig mé asta(b) ar fad, agus beathuighim cupla gamhainín in a leaba = d'eirigh mé as na muca ar fad, agus beathuighim gamhna ina n-áit anois, mar ní rabhadar a' eireachtáil liom.
 
anam
Chaith mé an oidhche ar a' leaba a's m'anam ag (d)ul amach thar mo bhéal le faitchíos roimhe thaidhbhsí.