leaba
1.
a.
·
Is geal í a leaba sna flaithis anocht (nuair a bheifí ag trácht ar dhuine atá ar shlí na fírinne, agus a naomhadh, dar leis an té a bhí ag caint air)
b.
·
An leaba a thomhais sé dhó fhéin codlaíodh sé anois inti — 'sé sin, má thuarann duine ainriocht dó féin, nó má bhíonn sé ina chiontsiocair le drochbhail a chur ar a chúrsaí fhéin, caithfidh sé glacadh leis an ainriocht nó leis an drochbhail sin ós dó fhéin atá a mhilleán ag sroicheadh
c.
leaba chnaiste agus leaba téastair: dhá chineál leaba i dtithe.
2.
leaba dhearg: toimín a lonnaíonn giorria.
·
Tá an áit sin ina leaba dhearg aige (ciall shamhaltach) — go mbíonn an té sin ann go minic nó go síoraí
3.
an áit ar thaobh curraigh a dtoilleann na maidí rámha (leabthachaí).
4.
ina leaba: ina áit.
·
Rachaidh mise chuig an aonach in do leabasa — in t'áitse
leaba in iontrálacha eile (50+)
→
fiar
Ní chodlódh aon duine beo néal in éindí leis ar leaba. 'Sé an chaoi a síneann sé é féin ar fiar — trasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is faide uaithi sin ag a ceann
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
→
focal
Meas tú nár bhain sciorradh focail dom agus nár dhúirt mé dhá ghamhain i leaba dhá chapall. Shílfeá gur chuir an méid sin fhéin stuaic air. Ach bíodh aige!
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
→
fánach
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leaba dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur ina bholg amach anseo ach a dteanna an t-ocras leis
→
fíóg
D'imigh sé as go mór ó tháinig sé abhaile. Tá sé chomh caite leis an bhfíóig anois. Shílfeá gurb éard a thiocfadh sé chuige fhéin. Ina leaba sin, níor fhan scioltar ar bith air
→
fóir
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghártha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leaba a chéile le cúnamh dé
→
cairín
'Sé an áit a raibh an folach (mála mór arbhair nó eile) aige thiar ar a cairín, i leaba é bheith faoina droim. An mbeadh maith ar bith a bheith ag caint!
Nuair a bhí na buachaillí báire eile sin in ainm is a bheith ar a gcaomhúint, bhánaigh siad na tamhnachaí sin fré chéile. Dúirt P. D. liom gur mhinic ab éigean dó éirí dhá leaba san oíche le duine acub a ligean isteach inti. Deirimse leat gur beag é a bhuíochas anois, ainneoin ar chaith sé orthub.
→
catóg
Is diabhlaí an stolladh atá ann inniu. Dá gcuirteá na braillíní ar na catógaí ar maidin, i leaba iad a chur ar tuar, bheidís tirim agat tráthnóna.
Má tá sé ag fáil cinnireachta chomh maith sin, is mór an t-ionadh nach mbeadh slacht a chodach air. Ina leaba sin, is geall le leath deiridh cait an giall atá air.
→
ciste
Fhóbair ciste a bheith faighte ag mo sheanathair sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinig go dtí é agus adúirt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuintir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac an phota nochtaithe acub nuair a tháinig an marcach — marcach a bhí chomh hard leis an aer — go dtí iad, agus d'fhuagair sé orthub staonadh. Sin é a raibh na thimpeall. D'fhan an ciste mar sin ariamh ó shin, agus chreidim go bhfanfaidh, ar ár son s'againne.
Ní hin é an chaoi le clochneart a chaitheamh ón ngualainn chor ar bith. Níl tusa ag cur deis ar bith ort fhéin léithe. Ar an láimh atá tú ag cur an stró ar fad, i leaba é a chur ar an ngualainn agus ar an slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú ag cur cosúlacht chaite eicínt ort fhéin!
→
coirigh
Coireoidh sé go maith ar T. Mh. le chuile dhuine eile ach is beag an lua aige aon cheo a rá suas lena bhéal. Ina leaba sin, ag brú air a bhíonns sé.
Tá an ceann céanna sách coitianta ar bhóithrí, i leaba dhá athair agus dhá mháthair smacht a chur air agus é a choinneáil istigh — sách minic
→
corcán
Níor mhór don chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mura bhfuil sé suas is anuas ann, tá sé siar is aniar ann. Agus nach é atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
Bhí an bheirt ag tarraingt na braillíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad círéabachaí dhi eatarthub.
→
bealach
Níor fhága an slaghdán bradach sin siúl an bhealaigh agam. Seachtain a bhí mé buailte síos leis, agus ba mheasa dhom é ná dhá gcaithinn bliain in mo leaba.
Go dtuga an diabhal thairis a chuid bealaíochta, crosaim aríst é! I leaba a dhul ag ceannacht fheola, ba chóra dhó go mór fada balcaisí eicínt éadaigh a cheannacht dá chuid clainne atá ag imeacht agus gan snáth de na seacht n-éadaí orthub.
Sílim gur chaith ceannaí an oíche aréir i mbéalbhachaí an tí seo. Fuair mé leaba dhearg san iothlainn ar maidin, agus níor tháinig iamh ar an mada ach ag tafann ar feadh na hoíche.
Dheamhan foscadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde agus buaileadh chuile dheoir ariamh den chraobhmhúr sin orm. Séard a bhí do mo spadhradh ar fad, go raibh sí ag titim mar bheifí dhá dóirteadh as criathar, agus bhí sé ina scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, agus bhí sé chomh tirim agus dá mba amach ar leaba chlúmhaigh a d'éireodh sé, agus mise in mo líbín.
Sníomhfaidh sé siúd an leaba má théann sé a chodladh uirthi. Tá an cráisiléad údaí chúig clocha déag meáchain, má tá sé taobh leis.
Shílfeá go mbeadh déantús maitheasa eicínt ionaibh thairis sin nó go n-éireodh sibh in am. Nach bhfuil a fhios agaibh nach áit buaile ná seanbhaile do thalmhaí an leaba an tráth seo de ló, i leaba dhaoibh a bheith amuigh ina gcuid oibre le uair an chloig.
+
→
beo 1
Siúd í an leaba a bhí beo le dreancaidí.
TUILLEADH (2) ▼
Ar an dá luath agus ar dhúirt mé fhéin an méid sin, d'éirigh sí aniar beo bíogúil sa leaba chugam, agus chuir sí na súile thríom.
Má mharaigh muid muc do Mhártan fhéin, tabharfaidh Dia muc eile dhúinn ina leaba le cúnamh dé. Go méadaí Dia feoil bheo agus daoine slána againn.
Shíl mé go dtiocfadh an bhanríon timpeall biorach agus bheadh titim imeartha agam ansin leis an gcuileata, arae bhí drámhaisí ar fónamh agam. Ina leaba sin, is amhlaidh a bhánaigh mé mé fhéi, ag gabháil san áit nár bhain dhom.
Cén chaoi a bhféadfadh a bheith ina lacht (lacht bó) ach an teirgéis, agus an peata de lao sin ag diúl uirthi chuile ré solais, i leaba biorach a chur air nó é a dhealú uaithi.
→
bocht 1
Nach bocht dó a bheith cloíte fhéin — fear nár fhága an leaba agus nach ndeachaigh greim ar a bhéal le chúig lá!
→
borr
I leaba bheith dhá chlaonadh, séard atá sé ag borradh leis — i leaba bheith ag cur chomhairle nó aithne air, is amhlaidh atá sé dhá shaighdeadh tuilleadh.
Fágadh a raibh de mhóin ar an mbruach thiar ina bratscair fré chéile anuraidh. Shíl sé go dtiocfadh triomach sa bhfómhar, ach ina leaba sin, tháinig an bhliain chomh dona agus nár thriomaigh fód ar bith.
+
→
bruach
Shíl sé greim a choinneáil ar an dá bhruach, ach ina leaba sin, 'sé an chaoi a raibh sé nach raibh bruach ar bith aige faoi dheireadh.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an oiread uafáis oibre air siúd agus go n-iontóchadh sé an seanduine a bheadh ar bhruach na huaighe trí huaire sa leaba go bhfeiceadh sé an mbeadh sé in ann buillear bith a dhéanamh.
→
aer
Bíonn an ghrian ard ar an aer agus an lá ársaithe go maith shul is mian leis an leaba a fhágáil.
Níl de leigheas ar ghalra aiféalach mar sin ach an leaba a choinneáil (a chothú) go dtuga sé a sheal — duine a mbeadh galra aiféalach air, ba cheart dó fanacht sa leaba go mbeadh airleacan an tinnis caite.
+
→
buail ar
Dhá ndéanthá mo chomhairlese, agus imeacht in am, dheamhan an deoir fhéin a bhuailfí ort. Ina leaba sin, tá tú báite go craiceann.
TUILLEADH (2) ▼
"I leaba an chruit a bhí air a bhaint di, séard a rinne na siógaí cruit eile a bhualadh air ina mullach" (as scéal an Chruitínigh — De Luain, Dé Máirt srl.)
É a bhualadh thall ar dhuine eile ba mhian leat a dhéanamh anois! An leaba a thomhais tú dhuit féin, codail inti más breá leat
→
buille
Más leat aon bhuille maitheasa a dhéanamh, ní fhéadfaidh tú an oiread cion a bheith agat ar an leaba agus atá.
→
buinne 1
Ní chuireann cuid de na gliomadóirí buinne béil ar bith ar na potaí gliomach. Slaitíní sáite a bhíonns acub air ina leaba.