Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
[[[mór]f[h]oclach]]
Aidiacht
go leór focal; go leór cainte; gaisce, gailimaisíocht etc.
+
Duine mór-fhoclach é = gaisciúil; go leór floscaí agus gailimaisíocht aige; a bheith an-áibhéil in a chuid cainte
Ní raibh mé mór-fhoclach ariamh, ach b'fhéidir dhá dteighinn ag déanamh gaisce go bhfuil an oiread údar gaisce agam le daoine a bhfuil caint mhór aca
TUILLEADH (3) ▼
Deir tusa go ndéanfá a ghníomh. Diabhal é go mbeirtí aríst thú! Níl maith ar bith do dhuine a bheith mór-fhoclach mara bhfuil an cur leis ann. 'Ar ndú' ní bhíonn aon-chíos ar an gcaint, adeir siad
An bhfaca tú aonduine cho mór-fhoclach léithe ó a rugadh thú? "Cailleadh sé bhudóig bhreá ar Sheán anuiridh le ceathrú ghorm". Cén uair a bhí sé bhudóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó indáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
Dhá mbeadh sé ag dul a chodladh in a throscadh, bheadh sé mór-fhoclach. Dar go deimhin bheadh. Ach is dual dó na floscaí a bheith aige. Bhídís ag a mháthair fhéin.