Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
mórfhoclach
aidiacht
go leor focal; go leor cainte; gaisce, galamaisíocht srl.
+
Duine mórfhoclach é — gaisciúil; go leor floscaí agus galamaisíocht aige; a bheith an-áibhéil ina chuid cainte
Ní raibh mé mórfhoclach ariamh, ach b'fhéidir dhá dtéinn ag déanamh gaisce go bhfuil an oiread údar gaisce agam le daoine a bhfuil caint mhór acu
TUILLEADH (3) ▼
Deir tusa go ndéanfá a ghníomh. Diabhal é go mbeirtí aríst thú! Níl maith ar bith do dhuine a bheith mórfhoclach mura bhfuil an cur leis ann. Ar ndóigh, ní bhíonn aon chíos ar an gcaint adeir siad
An bhfaca tú aon duine chomh mórfhoclach léithe ó rugadh thú? 'Cailleadh sé bhodóig bhreá ar Sheán anuraidh le ceathrú ghorm.' Cén uair a bhí sé bhodóig ag Seán? Fear atá ag iarraidh a chodach, nó i ndáil leis. Nach simplí a cheapas sí na daoine a bheith?
Dhá mbeadh sé ag dul a chodladh ina throscadh, bheadh sé mórfhoclach. Dar go deimhin bheadh. Ach is dual dó na floscaí a bheith aige. Bhídís ag a mháthair fhéin.

mórfhoclach in iontrálacha eile (2)

 
'Sé atá áibhéil mórfhoclach — aibhéil gaisciúil
 
diabhal 1
Diabhal an oiread sin fhéin agatsa ainneoin chomh mórfhoclach agus atá tú