Ascarthach
—Cois Fairrge
—
leigthe, mór, bríoghmhar (ní bhaineann sé le lúth), láidir.
+–
Fear mór ascarthach é = árd, leigthe, téagarach.
Capall mór ascarthach í = árd, leigthe, téagarach.
TUILLEADH (12) ▼
Bó mhór ascarthach í = árd, leigthe, téagarach etc.
Tá sé an-ascarthach go deo. Ní mórán fonn a bheadh orm a dhul inglacamas lámh leis.
Tá sé sin ro-ascarthach ag mo leithide-sa de luisneachán.
Is olc ina chéile iad — fear mór ascarthach agus frighdeóirín de bhean.
Capall mór ascarthach achréidhe atá aige.
Tá bó mhór ascarthach agam, a cheannuigh mé ar aonach na Faithche bliadhain go Bealtaine seo (chuai)dh thart, agus is maith an dicheall dom í a thógáil chor a' bith.
Dhá mbeitheá faoi dhó chomh h-ascarthach agus atá tú, a stuithneacháin mhóir, níl aon-loiceadh agamsa uait.
Bean mhór láidir, ascarthach atá aige, agus craiceann buidhe garbh uirre.
Ní raibh call a' bith dhó, capall chomh h-ascarthach sin a fhaghail, scáth 'bhfuil le déanamh aige léithe.
Dhá ascarthaighe é, is gearr goirid a mhair sé (a sheas sé) dhó siúd.
Shiubhailfeá, shul dá bhfuightheá fear chomh h-ascarthach leis.
Dhá ascarthaighe dhá bhfuil sé, ní raibh tada le reic aige uaidh siúd; dhá ascarthaighe dhá bhfuil sé níor fhága sé siúd tada in a chomhnuidhe ann.